Nuacht

Scoláireachtaí B.Oid. Gaeilge

15 Feabh 2023

Ag searmanas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh le déanaí, bronnadh scoláireachtaí ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar dheichniúr mac léinn céadbhliana atá ag tabhairt faoin BOidGaeilge.

Bhí Toirdealbhach Ó Lionáird, COGG, an tOllamh John O’Halloran, Uachtarán na hOllscoile, agus baill foirne de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge i láthair ag an ócáid. Comhghairdeachas leis na buaiteoirí go léir!

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr