________________
Tá leabhar nua leis an Dr Stiofán Ó Cadhla, Ceann Roinn an Bhéaloidis, díreach foilsithe ag Cló-Iar-Chonnachta. Tá an leabhar bunaithe ar an saothar a bhuaigh an chéad duais do Shaothar Próis i gComórtas Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2010. An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800-2000 an teideal atá ar an leabhar nua. Don chéad uair i léann an bhéaloidis ceistíonn an saothar cuid de bhríonna ‘canónda’ an bhéaloidis agus pléann samplaí éagsúla ó chúlra scolártha an léinn go dtí timthriall na n-aonach agus na bhfeiltí i saol na ndaoine, ról na teicneolaíochta, íomhá fhearúil an tseanchais, finscéalta uirbeacha agus ceol tíre John Beag Uí Fhlaithearta. Fiafraíonn an leabhar, an cúigiú ceann ó Stiofán, an bhfuil aon mhaith inniu sna léirmhíniúcháin thraidisiúnta ar bhéaloideas? Cad atá ann, nó ná fuil ann nó cé a chum agus a cheap an chéaduair é. An ar mhaithe leis an oideachas nó leis an bpobal iad a thuilleadh? Fiafraíonn sé cad as a tháinig cuid de na tuiscintí amhaireann i gcónaí i léann na Gaeilge agus an dúchais.