Diploma in Applied Irish
Click Picture to Enlarge
Diploma in Applied Irish
10.01.2011

Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC recently held a conferring ceremony to mark the achievement of participants in a Diploma in Applied Irish. Professor Grace Neville, Vice-President for Teaching and Learning presented the parchments to the graduates of the two-year course. The principal objective of the diploma course was to enable participants to carry out their professional duties through the medium of Irish.

The group included employees from the Central Statistics Office, the Department of Education and Science, An Post and Cork City Council. Tomás Ó Síothcháin, the spokesperson for the students personally thanked Pól Ruiséal, Director of Ionad na Gaeilge Labhartha and Brian Ó Donnchadha, Translator in An tAonad Aistriúcháin, for their dedication in teaching the course which covered oral and written aspects of the language. The course organisers also hosted a guest lecture series based on the use of Irish in applied contexts with speakers from the world of business, the media, translation, journalism, medicine and law.

Pól Ruiséal welcomed the students and warmly congratulated them on their achievement noting that their working lives would be enriched by the ability to communicate effectively in Irish. Following presentation of the parchments, Professor Grace Neville praised the students for their achievement and noted the innovative teaching methods employed by the staff on the course, especially in the area of technology. Brian Ó Donnchadha, who organised the event, thanked the Vice-President for Teaching and Learning for finding time in her busy schedule to be present at the event.

The Diploma in Applied Irish, which is run by Ionad na Gaeilge Labhartha under the auspices of Roinn na Nua-Ghaeilge, has recently undergone a major upgrade and is now a National Framework of Qualifications level 7 course. It has 60 credits and on top of oral and written skills, and a public lecture series, the course also brings the students on field trips to the West Kerry Gaeltacht of Corca Dhuibhne, where they spend some time in Dún Chíomháin. Two modules of the course are completed online, which is a first for any course in the Irish language in UCC and another first is use of a reflective online portfolio. More information about this and other courses at Ionad na Gaeilge Labhartha can be accessed at: www.ucc.ie/igl or by calling the office at (021) 490 2314.

_____________

Bronnadh Céime do Mhic Léinn an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach

Reáchtáil Ionad na Gaeilge Labhartha searmanas bronnta le déanaí sa Seomra Caidrimh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht atá déanta ag rannpháirtithe an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach 2008-10.

Bhronn an tOllamh Grace Neville, Leas-Uachtarán Teagaisc agus Foghlamtha na páir ar chéimithe an chúrsa dhá bliain. Is é an bunchuspóir atá ag an gcúrsa seo ná cur ar chumas na rannpháirtithe a gcuid dualgas gairmiúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá siad ag obair i réimse leathan áiteanna, mar shampla An Phríomh-Oifig Staidrimh, An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, An Post agus Comhairle Cathrach Chorcaí. Labhair Tomás Ó Síothcháin thar ceann an ranga agus ghabh sé buíochas le teagascóirí an chúrsa – Pól Ruiséal, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha agus Brian Ó Donnchadha, Aistritheoir san Aonad Aistriúcháin – as a gcuid dúthrachta agus díograise chun labhairt agus scríobh na teanga a theagasc mar aon leis na léachtaí poiblí a eagraíodh mar chuid den chúrsa a bhí bunaithe ar úsáid na Gaeilge mar theanga fheidhmeach. Thug cainteoirí léachtaí a bhain leis an nGaeilge fheidhmeach i réimsí éagsúla mar seo leanas: gnó, na meáin chumarsáide, aistriúchán, iriseoireacht, leigheas agus dlí.

Chuir Pól Ruiséal fáilte roimh na mic léinn agus thréaslaigh sé leo as an ngaisce a bhí déanta acu. Luaigh sé go gcuirfeadh sé go mór lena saol gairmiúil go bhfuil siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tar éis di na páir a bhronnadh, mhol an tOllamh Grace Neville na rannpháirtithe as an méid a bhí bainte amach acu agus rinne sí trácht ar na modhanna nuálaíocha teagaisc a d’úsáid foireann an chúrsa, go háirithe an teicneolaíocht. D’eagraigh Brian Ó Donnchadha an t-imeacht agus ghabh sé buíochas leis an Leas-Uachtarán Teagaisc agus Foghlamtha as teacht in ainneoin a sceidil oibre.

Reáchtálann Ionad na Gaeilge Labhartha an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach faoi choimirce Roinn na Nua-Ghaeilge agus deineadh uasdátú mór ar an gcúrsa le déanaí. Anois is cúrsa leibhéal 7 é de réir Chreat Oibre Náisiúnta na gCáilíochtaí agus is fiú 60 creidiúint é. Cothaítear scileanna cainte agus scríofa ar an gcúrsa agus cuirtear sraith léachtaí poiblí ar siúl gach bliain mar chuid den chúrsa chomh ma0ith. Ina theannta sin téann na mic léinn ar thurais go Corca Dhuibhne agus caitheann siad tamall i nDún Chíomháin. Anuas air seo anois, déantar dhá mhodúl den chúrsa ar líne agus is é seo an chéad uair ag COC cúrsa ar líne a bheith ar fáil i nGaeilge – gan trácht ar an bpunann ar líne atá mar chuid lárnach den chúrsa. Is féidir tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar an gcúrsa seo mar aon le cúrsaí eile de chuid Ionad na Gaeilge Labhartha ag: www.ucc.ie/igl nó ón Oifig ag: (021) 4902314.

Pictiúr: An tOllamh Grace Neville, Leas-Uachtarán Teagaisc agus Foghlamtha i dteannta le Pól Ruiséal agus Brian Ó Donnchadha, Ionad na Gaeilge Labhartha ag searmanas bronnta céime do mhic léinn an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach.

 



<<Previous ItemNext Item>>

« Back to 2011 Press Releases