Skip to main content

2006 Press Releases

04 Dec 2006

Irish Language Scheme Agreed with University College Cork (UCC)



The Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív, TD has confirmed the first language scheme for UCC under section 11 of the Official Languages Act 2003.

The confirmation of this scheme is a continuation in the process whereby an improved level and standard of services are provided by public bodies to Irish language speakers.

Among the main measures included in the scheme are:

  • Improvements in the amount of bilingual press releases being issued by the University;
  • Commitments given with regard to an increase in the bilingual content on the website;
  • Online registration through Irish available for certain University courses by the end of the scheme;
  • Commitment given with regard to one to one services in the Registrar's Office, the Fees Office and the Library;
  • Training courses to be provided by Ionad na Gaeilge Labhartha for staff members who wish to improve their Irish skills. The University will also provide programmes for staff with specific requirements to facilitate delivery of services or parts of services through Irish.

All schemes which have been agreed and published are available on the Coimisinéir Teanga's website at www.coimisineir.ie. This scheme came into operation on 1 December 2006 and is effective for a 3 year period.
___________


Scéim Teanga Aontaithe le hOllscoil na hÉireann, Corcaigh

Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., tar éis an chéad scéim teanga de chuid Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, a dheimhniú faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Léiríonn cinntiú na scéime seo go mbeifear ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas ina mbeidh teacht ag Gaeilgeoirí ar sheirbhísí ar leibhéal agus ar chaighdeán feabhsaithe ó chomhlachtaí poiblí.

Áirítear leis na príomhbhearta sa scéim:

  • Tiocfaidh feabhas ar an líon preasráitis dhátheangacha a bheidh á n-eisiúint ag an Ollscoil;
  • Gealltanas tugtha maidir le méadú ar an ábhar dátheangach ar an suíomh idirlín;
  • Beidh clárú ar líne trí Ghaeilge ar fáil do chúrsaí áirithe san Ollscoil roimh dheireadh na scéime;
  • Gealltanas tugtha i ndáil le seirbhísí duine le duine ó Oifig an Chláraitheora, ón Oifig Airgeadais/Táillí agus ón Leabharlann;
  • Beidh cúrsaí Gaeilge á gcur ar fáil ag Ionad na Gaeilge Labhartha do bhaill foirne ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge. Cuirfidh an Ollscoil cúrsaí sainchuspóra teanga ar fáil do bhaill foirne a chuirfidh ar a gcumas seirbhísí nó cuid de sheirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith.

Tá gach scéim a aontaíodh agus a foilsíodh ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga ag www.coimisneir.ie . Tháinig an scéim seo i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2006, agus beidh éifeacht léi ar feadh tréimhse 3 bliana.

340MMcS


« Back to 2006 Press Releases

                 

University College Cork

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

College Road, Cork T12 K8AF

Top