An Ghaeilge faoi Bhláth

Bíonn an Ghaeilge le clos ar fud na hOllscoile sna laethanta seo, i measc an aosa óig go háirithe. Féachann siad rompu le misneach agus le fuinneamh agus cuid saol is ea an teanga. Focail le Phádraig Ó Macháin.

4 MIN READ
23 Mar 2022

Comhrá agus caint ag an ‘Pop-Up Gaeltacht’.

Ba dheacair cuimhneamh ar chomhartha ab fhearr ar bhuacacht na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile seo faoi láthair ná Gaeltacht na mac léinn in Áras Uí Thuama. Aonad lóistín na mac léinn le Gaeilge atá san Áras, atá ina chuid d’fhoirgintí Mhuilte Victoria. Slí do sheacht nduine ar fhichid atá ann, agus is géar an iomaíocht a tharlaíonn gach bliain chun áit a bhaint amach ann. 

As na ceithre hairdibh do na mic léinn a thagann chun cónaithe ann. I mbliana, mar shampla, gheofar mic léinn ó Thír Conaill, ón nGaillimh, ón Mhí, chomh maith le mic léinn ó gach cearn den Mumhain. Ní scoláirí Gaeilge amháin a chuireann fúthu san Áras. Ar díorma na bliana seo tá mic léinn siceolaíochta, ailtireachta, dlí, eolaíochta bia, bitheolaíochta agus gnó. An aisling a spreagann iad go léir le bheith in aontíos le chéile ná gur mian leo saol na hollscoile a bhraistint tré shúilibh na Gaeilge.  

Scáthán is ea scéal lucht an Árais ar an misneach agus ar an teaspach ard atá in aos óg na Gaeilge le blianta anuas. Níl aon chur amach ag na glúnta seo de chainteoirí óga ar an ré dhorcha ina mbíodh an córas bun- agus meánoideachais faoi smacht cuid mhaith ag díograis gan gháire. Ní chíonn na mic léinn seo rompu amach ach saol fairsing ina mbíonn an Ghaeilge ar chomhthábhacht agus ar chomhsheasamh le teanga ar bith eile. Ní bhíonn aon chaitheamh siar acu ná aon cheann faoi orthu. Seo iad na glúnta a tógadh leis na meáin nua agus le teicneolaíocht an eolais, agus ní thuigtear dóibh gur aon scéal iontais é na háiseanna sin a bheith ar fáil as Gaeilge ach oiread le haon teanga eile. 

'Cúis mhórtais dúinn go léir a bhfuil de ghaiscíocht á cleachtadh ag na mic léinn le Gaeilge ar fud an bhaill.'

Níl an dul chun cinn ioldánach uileghabhálach seo tar éis imeacht gan aitheantas. Tá seoladh suaithinseach sna laethanta seo faoin dá chumann bhríomhara Ghaelacha a mbíonn baint leanúnach ag aos óg na Gaeilge leo.  

Faoin am seo is ar éigean má tá éinne de phobal na hOllscoile dall ar na preabGhaeltachtaí a eagraíonn an Chuallacht, cumann Gaeilge na mac léinn. Tógtar go minic iad thart ar an gcearnóig nó os comhair na Leabharlainne. Déanann na hocáidí seo léiriú greamaitheach ar shaol comhaimseartha na Gaeilge agus ar shaol an aosa óig a bhíonn á dtiomáint. Tá an léiriú céanna déanta ag na mic léinn orthu féin lasmuigh den Ollscoil chomh maith.  

Ocáid mhór ab ea í anuiridh nuair a bhí an bua ag Foireann Dhíospóireachta na hOllscoile seo, Siobhán Ní Chróinín agus Oisín Ó Síocháin, i gCraobh-Dhíospóireacht Ghael-Linn. B'é seo an chéad uair ó 2016 d’fhoireann Choláiste na hOllscoile an chraobh a thabhairt leo. An rún a pléadh ná ‘Tá moladh mór tuillte ag an rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime’, agus bhí Siobhán agus Oisín ag tacú leis. Thaistil roinnt mhaith mhac léinn ón gCuallacht agus ón gCumann Drámaíochta chun uchtach a thabhairt dóibh. 

Ó’s ag caint ar an gCumann Drámaíochta dúinn, ní beag an rath atá ar ár gcuid aisteoirí agus scríbhneoirí le tamall anuas. Tá Antóin Ó Dúllaing, a bhain Máistreacht sa Nua-Ghaeilge sa mbliain 2019, tar éis bláthú ina dhrámadóir le Ros na Rún ó léiríodh a chéad dráma, ‘Gríosach na Luatha’, i gCorcaigh, i mbliain na hiarchéime. Tá duine eile d’iar-réalta an Chumainn, Aisling Nic Carthaigh, tar éis a compántas féin a bhunú, Cois Laoi Productions, atá ag dul ó neart go chéile.   

Thuill an Cumann reatha Drámaíochta moladh ón saol Fódlach anuiridh nuair a craoladh léiriú dá gcuid ar dhá dhráma ar Raidió na Gaeltachta mí Lunasa 2021. Léiríodh Cruachás le Celia de Fréine, agus Rogha gach Díogha le hAlan Titley. Ó’s aimsir na paindéime a bhí ann, bhí deis ag an lucht éisteachta labhairt ar ardán fíorúil leis na haisteoirí agus leis na húdair tar éis na léirithe. Léiriú bríomhar gairmiúil a bhí ann, agus cur i láthair tábhachtach ós comhair an tsaoil de chaighdeán agus de chumas mhac léinn na hOllscoile seo.  

Tá an ghluaiseacht atá fé áitritheoirí Áras Uí Thuama, lucht an dá chumann, agus ár gcuid mhac léinn Gaeilge go léir, ar an gcomhartha is taibhsí de shláinte na teangan sa Choláiste Ollscoile. Ina chúlra leis an rathúlacht seo tá saothrú mhac léinn uile na Gaeilge, thar na fochéimeanna agus na hiarchéimeanna go léir. Ní cóir ach oiread dearmad a dhéanamh ar an bhforas a chuireann foireann Roinn na Nua-Ghaeilge agus foireann Ionad na Gaeilge Labhartha faoi gach aon ní dá mbaineann a gcuid mhac léinn amach. Gné amháin den obair sin is ea na himeachtaí a eagraíonn foireann an Ionaid do lucht an Árais – na turasanna bus, na hoícheanta babhlála, na seisiúin cheoil – gan trácht ar eagrú Ghradam na Gaeilge, an duais bhliantúil a bhronntar ar an mac léinn is mó a shaothraigh chun an teanga a chur chun cinn i saol na hOllscoile.  

Is fiú a lua, leis, an obair mhór atá déanta le blianta beaga chun bonn breise a chur faoi shaothrú cruthaitheach na mac léinn. Tá athchóiriú déanta ar an Máistreacht sa Nua-Ghaeilge, agus tá Duais Uí Longáin – duais a bunaíodh fadó in ómós do Mhícheál Óg Ó Longáin, file agus scríobhaí – ar a bonnaibh arís: ar Rebecca Ring, mac léinn de chuid chéim an BOid. Gaeilge, is ea a bronnadh Duais na bliana anuiridh as gearrscéal a chumadh. Tá toradh na hathnuachana cruthaithí seo le feiscint lasmuigh chomh maith: i Margadh na Sacsan le fíordhéanaí, mar shampla, bhí amhráin agus filíocht Ghaeilge le clos ónár gcuid mhac léinn ar ócáid a bhí faoi urraíocht ag Caifé Farmgate.  

Cúis mhórtais dúinn go léir a bhfuil de ghaiscíocht á cleachtadh ag na mic léinn le Gaeilge ar fud an bhaill. Ní hé amháin go bhfuil an Ghaeilge faoi bhláth ach is léir do chách an Ollscoil Ghaelach a bheith faoi bhláth chomh maith. 

 

Chun tuilleadh eolais a fháiltéigh chuig suíomh na Roinne Nua-Ghaeilge.

Previous Issues

Office of Marketing and Brand Impact

Margaíocht agus Tionchar Branda

East Wing, Main Quadrangle, University College Cork, Cork, Ireland

Top