Eachtraí sa Ghaeltacht

Le Ailbhe Ní Ghearbhuigh 

8 min read
12 Oct 2018

Pictiúr: Ireland’s Content Pool
 

‘Ní mheileann riamh leath-aigne, / Caithfeam dul ionat’ a scríobh an Ríordánach sa dán ‘A Theanga Seo Leath-Liom.’ Éinne atá ag iarraidh cur amach a fháil ar an gcultúr Gaelach, ní mór dul go dtí an tobar, an Ghaeltacht féin. Is ar Ghaeltacht na Rinne a bhíonn mic léinn ón iasacht ag triall do chúrsa seachtaine a bhíonn á reáchtáil ag Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Le linn an chúrsa cónaithe seo, faigheann na mic léinn léargas ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge. Leagtar béim mhór ar an bhfoghlaim ghníomhach trí cheardlanna agus ranganna beaga bríomhara. Is i gColáiste na Rinne a reáchtáltar an cúrsa, mar a mbíonn lóistín ar fáil dóibh chomh maith. Bíonn deis ag mic léinn blaiseadh a fháil de theanga, ceol, rince, spórt agus oidhreacht na Gaeltachta. 

Bíonn cuairteoirí chun na tíre seo fiosrach i leith na Gaeilge go minic. Faightear spléachadh di ar chomharthaíocht agus in ainmneacha dílse na ndaoine. Bíonn siad ar bior ag iarraidh triail a bhaint as an bhfoghraíocht agus bíonn meas acu ar stair ársa na teangan. Dírítear ar riachtanais foghlama an ghlantosaitheora sna ranganna teangan gach maidin. Agus roinnt frásaí foghlamtha, tá sé in am an teanga agus na cosa a chur ag obair ag ceardlann rince.

Tá traidisiún na amhránaíochta thar a bheith láidir sna Déise agus bíonn sé d’adh ag na mic léinn éisteacht le scoth na n-amhránaithe ar an sean-nós agus triall a bhaint as an stíl ornáideach iad féin. Is féidir leo liú a ligean ar pháirc na himeartha nuair a chuirtear camán ina lámh. Ní fada go dtuigfidh siad an scil, luas agus fisiciúlacht a bhaineann leis an iomáint, cluiche atá á imirt ag na Gaeil leis na cianta. 

 

Tá an ceantar máguaird an-saibhir ó thaobh na seandálaíochta de. Ba ar an Aird Mhór a bhunaigh Naomh Déaglán mainistir agus is ann atá túr cruinn ar airde 29 méadair atá ann ón 12ú hAois.  Ar an suíomh céanna, tá samplaí sníodóireachta a léiríonn scéalta ón mBíobla. Ní hamháin sin, ach tá dhá chloch Oghaim ann chomh maith. Téann an turas treoraithe ar na séadchomharthaí ársa seo i bhfeidhm go mór ar na mic léinn.

Ná cailltear sinn i gceo aislingeach na staire óir is áit í an Ghaeltacht a bhaineann leis an saol iarbhír. Ní mór do na daoine áitiúla slí bheatha a bhaint amach ann. Faightear tuiscint ar eacnamaíocht phobail Ghaeltachta atá ar borradh le tionsclaíocht ar nós Meitheal Trá na Rinne, Criostal na Rinne, Sólás na Mara agus Nemeton.

Tá an cultúr Gaelach ag mealladh cuairteoirí ó gach cearn den domhan le fada an lá. Agus is fada go bhfuil na Gaeil ag cur fáilte roimh chuairteoirí, agus ag roinnt a gceol, teanga agus seanchas go fial leo. Is comhrá fiúntach é seo a shaibhríonn lucht cuairte agus muintir na háite araon. Leanann an modúl seo den gcomhrá sin san 21ú Aois, agus meabhraítear dúinn go bhfuil an traidisiún dúchais beo beathach i gcónaí agus teacht air ag cách.

 

Scannán le Stephen Bean Ceol le Mary Rafferty

Previous Issues

Office of Marketing and Brand Impact

Margaíocht agus Tionchar Branda

East Wing, Main Quadrangle, University College Cork, Cork, Ireland

Top