Nuacht
Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta

Thug Cáit Pléimionn, atá ina mac léinn dochtúireachta i Roinn na Nua-Ghaeilge, caint i Halla an Bhaile sa Sciobairín mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta
Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a bhí ann idir an 16 - 24 Lúnasa, agus thug Cáit Pléimionn, atá ina mac léinn dochtúireachta i Roinn na Nua-Ghaeilge, caint uaithi ag Halla an Bhaile sa Sciobairín i gcaitheamh na seachtaine. Dhein an chaint ceiliúradh ar Pheadar Ó hAnnracháin (1873-1965), atá mar ábhar taighde aici, ina áit dúchais féin. Ba thimire le Conradh na Gaeilge agus gníomhaí polaitiúil é Peadar Ó hAnnracháin, agus bronnadh cnuasach dá chuid scríbhinní pearsanta ar Leabharlann UCC in 2023. Ba speisialta an rud é trí ghlúin de mhuintir Pheadair a bheith i láthair ag an gcaint.