Comhdháil Teagaisc 2025
Meallann Comhdháil Teagaisc 2025 breis agus 185 duine go dtí an Aula Maxima do chomhdháil ar theagasc na Gaeilge ag an dara leibhéal.
D’eagraigh Roinn na Nua-Ghaeilge, COC an Chomhdháil Teagaisc bhliantúil, dírithe ar theagasc na Gaeilge i Scoileanna T1 agus T2, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ar an 17 Meán Fómhair 2025. D’oscail an Dr Síle Ní Mhurchú, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge an Chomhdháil a reáchtáladh le tacaíocht ó Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí agus COGG. Ar na cainteoirí a roinn a gcuid saineolais leis an lucht éisteachta san Aula Maxima agus sa Seomra Comhairle, bhí Diarmaid Mac Mathúna (GaelGram), Iseult Ní Chonchubhair, Aoife Ní Mhurchú, Ógie Ó Céilleachair, Sinéad Lewis, Sinéad Ní Dhonnchú agus Karolyn Ní Dhúnaigh. Bhí breis is 185 duine i láthair ag an gComhdháil Teagaisc.

