Thar ceann Bhord Gaeilge an Choláiste, bhronn Uachtarán UCC, An Dr Micheál Ó Murchú, Scoláireacht Sheáin Uí Ríordáin na bliana seo ar Liam Ó Tuathaigh, dalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh. Is é Bord Gaeilge Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a dheineann urraíocht ar an scoláireacht seo agus comórann sí saothar an fhile cháiliúil Seán Ó Ríordáin a bhí ag obair ar feadh roinnt blianta i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste. Is Scoláireacht í seo a bhronntar go bliantúil ar dhalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin agus tugann sí caoi don mbuaiteoir trí seachtaine thairbheacha a chaitheamh ar scoláireacht i rith an tSamhraidh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Picture: Liam Ó Tuathaigh with UCC President, Dr Michael Murphy, Gabriel Ó Cathasaigh, Principal, Gaelscoil Uí Ríordáin and Eibhlin Uí Niadh, class teacher, Gaelscoil Uí Ríordáin.