2007 Press Releases
UCC launches its Irish Language Scheme, 17 May
UCC President, Dr Michael Murphy, will today (17 May
2007) launch the University's Irish Language scheme for the years
2006-2009.
Under the Official Languages Act 2003, public bodies and
publicly funded bodies are obliged to prepare a formal scheme outlining
the level of service that will be available to the public through
Irish. The UCC scheme, which has been approved by the Minister
for Arts, Culture, Gaeltacht and Rural Affairs, makes provision for
services as Gaeilge in areas most commonly accessed by students and the
general public. Particular emphasis is placed on media
material in Irish, telephone communication and reception services,
bilingual versions of the main website pages, e-mail registration in
either Irish or English, course registration , publications and library
services.
As part of the scheme, refresher Irish language courses will be
provided for staff wishing to bring their ability in Irish to the level
needed to deliver the service.
Welcoming the initiative, UCC President, Dr Michael Murphy said the
scheme demonstrated UCC's commitment to the Irish language augmenting
the existing provisions made by UCC in support of Irish. He said
that UCC had a long and proud history of support for the Irish
language. Academic programmes were constantly being broadened to
include the study of Irish in courses as diverse as Law, Commerce &
Medicine. This was in addition to providing high quality courses
in the traditional areas of Irish studies. Dr Murphy also noted
the solid support for Irish in the University community and he was very
happy to note that UCC continues to develop its range of Irish classes
on offer to staff, students (including non-nationals) as well as the
general public in the Cork area.
The full text of the scheme is available on the UCC website on http://secretary.ucc.ie/OfficialLanguagesAct/olahome.asp
__________________
Seolann COC a Scéim Teanga
Seolfaidh Uachtarán COC, An Dr Micheál Ó Murchú, Scéim Teanga na hOllscoile 2006-2009 inniu (17 Bealtaine 2007).
Faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, caithfidh comhlachtaí
poiblí agus comhlachtaí atá maoinithe ar bhonn poiblí scéim fhoirmiúil
a ullmhú a shonraíonn leibhéal na seirbhíse a sholáthrófar trí
Ghaeilge. Tá scéim COC faofa ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe
agus Gaeltachta agus cuireann sí na príomhsheirbhísí ar fáil trí mheán
na Gaeilge a úsáideann mic léinn agus an pobal i gcoitinne.
Leagtar béim ar leith ar ábhar na meán trí Ghaeilge, ar chumarsáid
ghutháin agus ar sheirbhísí fáiltithe, ar leaganacha dátheangacha de
príomhleathanaigh an tsuímh idirlín, ar chlárú ríomhphoist as Gaeilge
nó Béarla, ar chlárú cúrsaí, ar fhoilseacháin agus ar sheirbhísí na
leabharlainne.
Mar chuid den scéim cuirfear cúrsaí athnuachana sa Ghaeilge ar fáil don
fhoireann ar mhian leo a gcumas sa Ghaeilge a ardú go dtí an leibhéal
is gá chun an tseirbhís a chur ar fáil.
Agus fáilte á cur aige roimh an tionscnamh, dúirt Uachtarán COC, An Dr
Micheál Ó Murchú, gur léirigh an scéim go raibh COC tugtha don Ghaeilge
agus gur chuir sí leis an méíd atá á dhéanamh ag COC don teanga cheana
féin. Dúirt sé go dtéann tacaíocht láidir shubstaintiúil de chuid
COC don Ghaeilge i bhfad siar. Cuireadh le cúrsaí acadúla éagsúla
chun go mbeadh staidéar ar an nGaeilge mar chuid díobh, ina measc Dlí,
Tráchtáil agus Leigheas. I dteannta leis seo, cuirtear cúrsaí den
chéad scoth ar fáil i réimsí traidisiúnta de léann na Gaeilge.
Rinne an Dr Ó Murchú trácht ar an mórthacaíocht atá ann don Ghaeilge i
measc phobal na hOllscoile agus ba mhór an sásamh dó é go leanann COC
leis an bhforbairt ar réimse na ranganna as Gaeilge a chuirtear ar fáil
don fhoireann, don lucht teagaisc agus do ghrúpaí gairmiúla eile, do
mhic léinn (eachtrannaigh san áireamh) chomh maith le pobal Chorcaí
agus máguaird.
Tá téacs iomlán na scéime ar fáil ar shuíomh idirlín COC ag http://secretary.ucc.ie/OfficialLanguagesAct/olahome.asp
452MMcS
« Back to 2007 Press Releases