Téir Faobhar na Faille Siar

Ábhar inspioráide ab ea an t-iarthar do scríbhneoirí riamh anall. Caitear súil anseo ar an dlúthchaidreamh idir Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Ollscoil Montana in iarthar na Stát Aontaithe. Le Katie Ní Loingsigh 

5 MIN READ
12 Dec 2022
Ollscoil Montana

Tá Montána ar na státaí is mó i Meiriceá. Sa taobh thiar-dtuaidh den tír atá sé, ar chrích Cheanada, agus déarfainn go bhfuil sé trí huaire níos mó ná Éirinn uilig. Tá an chuid de Mhontána a rabh mise ann i gceartlár na Rocky Mountains, sa taobh thiar den stát. Áit iargúlta a bhí ann san am a rabh mise ann. 

Sliocht as Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann 

Ba sa bhliain 1959 a céadfhoilsíodh dírbheathaisnéis cháiliúil Mhicí Mhic Ghabhann ina ndéantar cur síos ar an dturas duaisiúil a dhein Mac Gabhann ó iarthuaisceart na hÉireann go dtí iarthuaisceart na Stát Aontaithe i dtreo dheireadh an naoú haois déag. Is é an cuntas seo an t-aon chuntas i nGaeilge a foilsíodh go nuige seo ar an aistear fada a dhein an-chuid Éireannach le linn ‘ruathar an óir’. An mhianadóireacht agus fosuithe mianraí a mheall na mílte Gael go Montana agus d’fhág an pobal Éireannach rian ar an stát ó shin i leith. Bhí an chathair Butte ar cheann de na cathracha ba Ghaelaí i Meiriceá i dtosach an fichiú haois agus bhí lámh láidir ag ‘ríthe copair’ na linne – Marcus Daly, William A. Clark agus F. Augustus Heinz – i bhforbairt thionscadal na mianadóireachta sa cheantar. Mealladh na mílte Gael a bhí ar thóir oibre chuig an stát agus is minic a chastar ar shliocht de mhuintir Uí Shuilleabháin, Uí Loingsigh agus Uí Arrachtáin sa chathair sa lá atá inniu ann fós. 

Tógadh ar oidhreacht an phobail Ghaelaigh abhus nuair a cuireadh tús le clár sa Léann Éireannach in Ollscoil Montana i gcathair Missoula sa bhliain 2006. Cuireadh bonn foirmiúil faoin gclár nuair a sheol Uachtarán na linne, Máire Mhic Ghiolla Íosa, an clár go hoifigiúil sa bhliain chéanna. Is é an Dr Traolach Ó Ríordáin, iarmhac léinn de chuid Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí, stiúrthóir an chláir ó shin i leith. Go luath i ndiaidh bhunú an chláir, tugadh deis do mhic léinn a bhí ag tabhairt faoin mbunchéim Dlí agus Gaeilge in Ollscoil Chorcaí seal a chaitheamh ag staidéar agus ag teagasc in Ollscoil Montana. Cé gur thug corr mac léinn aghaidh ar Ollscoil Montana roimhe sin, is iad mic léinn de chuid an chúrsa Dlí agus Gaeilge is mó a thug faoin dturas chuig ceartlár na Sléibhte Creagacha go dtí seo. 

Le breis agus deich mbliana anuas, caitheann scata mac léinn sa tríú bliain den chúrsa Dlí agus Gaeilge seimeastar nó dhó in Ollscoil Montana. Tugtar deis dóibh seal a chaitheamh ag teagasc na Gaeilge san ollscoil, ag obair mar intéirnigh i gcúirt fheidearálach na dúiche agus ag staidéar i Scoil an Dlí i dteannta mic léinn eile. Tá pobal na hollscoile agus an pobal áitiúil tar éis fearaibh na fáilte a chur roimh mhic léinn an chúrsa bliain i ndiaidh bliana agus tá an dáimh idir Ollscoil Chorcaí agus Ollscoil Montana ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. 

Alt a foilsíodh sa nuachtán áitiúil, An Missoulian

Lena chois sin, cuireann an Scéim Fulbright deiseanna breise ar fáil do chéimithe chun bliain iomlán a chaitheamh ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Montana agus tá gach uile theagascóir tar éis rian éigin a fhágaint ar an áit ar shlí amháin nó ar shlí eile i gcaitheamh na mblianta. Is fuirist teacht ar sheisiún ceoil thraidisiúnta más ceoltóir thú, rang Gaeilge más foghlaimeoir teanga thú nó ar sheisiún iománaíochta más duine mór spóirt thú. Ní mór aitheantas ar leith a thabhairt don bpobal áitiúil a chaomhnaigh an cultúr Gaelach le breis agus céad bliain anuas. Tuigtear go rímhaith na dúshláin a bhaineann le cosaint agus le cur chun cinn mionteangacha in Montana óir go bhfuil dhá threibh dhúchais déag agus naoi dteanga dhúchais aitheanta go hoifigiúil sa stát. Feictear cosúlachtaí idir cás na Gaeilge in Éirinn agus cás na dteangacha dúchais in Montana i dtaobh an imeallaithe a deineadh ar an bpobal dúchais, ar a dtraidisiún agus ar a dteangacha dúchais le himeacht aimsire. 

Bunaíodh an eagraíocht neamhrialtasach phobail The Friends of Irish Studies in the West sa bhliain 2008 chun tacú leis na tionscnaimh éagsúla a bhaineann le cur chun cinn an chultúir Ghaelaigh sa stát. Ní hamháin go mbíonn mic léinn an Choláiste i gCorcaigh ag dul siar gach bliain, ach tagann mic léinn Mheiriceánacha aniar leis agus tugtar deis dóibh seal a chaitheamh ag staidéar in Ollscoil Chorcaí chomh maith. Ní mór a admháil go raibh ról lárnach ag an teanga sa nasc idir an dá ollscoil riamh anall agus gur sampla eiseamláireach é an dlúthcheangal seo do spiorad na meithle agus do dhea-thorthaí an chomhoibrithe ar dhá thaobh an Atlantaigh. 

 

Chun tuilleadh eolais a fháiltéigh chuig suíomh na Roinne Nua-Ghaeilge.

Grianghraf: Tommy Martino

Previous Issues

Office of Marketing and Brand Impact

Margaíocht agus Tionchar Branda

East Wing, Main Quadrangle, University College Cork, Cork, Ireland

Top