Skip to main content

Nuacht

Meamram Comhthuisceana

5 Feabh 2025

Tá síneadh cúig bliana curtha lena Meamram Comhthuisceana ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Coláiste na Rinne.

Tá síneadh cúig bliana curtha lena Meamram Comhthuisceana ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Coláiste na Rinne. Tá an Meamram seo tar éis bonn a chur fé imeachtaí mac léinn UCC i nGaeltacht na nDéise le tamall de bhlianta, fochéimithe, iarchéimithe agus mic léinn idirnáisiúnta. Tá sa phictiúr ag ócáid an 5ú Feabhra, na sínitheoirí (ó chlé): Aonghus Ó hEocha (Cathaoirleach, Bord Stiúrtha Choláiste na Rinne), Críostóir Ó Faoláin (Bainisteoir), an tOllamh Stephen Byrne (Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir, UCC) agus an tOll. Pádraig Ó Macháin (Ollamh le Nua-Ghaeilge). Baill foirne eile ó UCC a bhí i láthair ná an Dr Síle Ní Mhurchú, an Dr Ríona Ní Churtáin agus an Dr Máire Ní Iceadha (Roinn na Nua-Ghaeilge), an Dr Caitríona Breathnach (Ionad na Gaeilge Labhartha) agus an Dr Ciarán Ó Gealbháin (Roinn an Bhéaloidis).

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr