Duais Ollscoil na hÉireann bronnta ar Aoibheann NÍ Néill
Bronnadh duais Ollscoil na hÉireann sa Ghaeilge ar an mac léinn Aoibheann Ní Néill
D'fhreastal Aoibheann Ní Néill ar shearmanas bronnta Dhuaiseanna Ollscoil na hÉireann 2025 a bhí ar siúl i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar an 2 Nollaig. Bronnadh an chéad duais uirthi as ucht a cuid staidéir, taighde agus barr feabhais acadúil sa chéim Máistreachta sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Comhghairdeas léi!