LS62

LS 62

[Breandán Ó Conchúir, Clár lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcaí: cnuasach Uí Mhurchú (Baile Átha Cliath 1991) 152--4]


62

Foras Feasa ar Éirinn; dánta

An 18ú haois. Páipéar. 32 x 19 cm. Lgh 502, fara dhá bhileog bhána (níl sa chéad cheann ach blúire de bhileog) ag an tosach agus 4 cinn ag an deireadh; uimhrithe i–xxxiv ag l.d., [1]-394 agus 8[30]-[899] ag an scríobhaí, ach 121 fé dhó, 163 i ndiaidh 161, 168 fé dhó, lch bán gan uimhriú idir 198 agus 199, agus 375–6 fé dhó (375[a], 376[a], ar an dara péire anois). Scríobhaí: Eóghan Ua Caoimh, `do hAnnraoi Mac Códa (Mac Ótta), a cCorcaigh, ar furáliomh Eoin Baiste Mic Sleighne easbog (do bhí) Chorcaighe, Chluana et Rois', 1703 (lgh 198, 328, 394). Duine eile a scríobh lgh i–ii agus a dhein fo-cheartúchán agus athnuachan ar an scríbhneoireacht thall is abhus.

Lgh [395–829] ar iarraidh; is é a bhí iontu (de réir an chláir i ndeireadh an leabhair) ná an chuid eile de `Dhuain Uí Dhubhagáin', agus `Eochair Sgéith an Aifrinn' (lch [401]) agus `Trí Biorghaoithe an Bháis' (lch [556], recte [566]). Tá an téacs deireannach so anois in Acadamh Ríoga na hÉireann (= LS23 E 17; féach RIA Cat., 2756). Is cosúil go bhfuil lch (lgh?) leis ar iarraidh tar éis [899]. Imill na lch caite stollta, go háirithe i dtosach agus i ndeireadh na LSE, ach an téacs soléite tríd síos. Ceannlitir ornáideach thall is abhus; dhá cholún uaireanta ar lgh 331–94 (3 cholún ar lch 333). Clúdach de leathar donn le droim d'éadach donn; uimhir na LSE ar an droim lasmuigh agus (fé dhó) laistigh den chlúdach tosaigh. Beagán uimhríochta ar an dara bileog bhán (recto) i ndeireadh an leabhair agus an sloinne `Croker' ar an gcúigiú ceann (verso).

Nótaí fánacha: `Timothy Conne[ll]' [?] (128 im. deas); `James Mc higan' [?] (250 im. clé le peann luaidhe).

lch

i. AN ÉIPISTIL CHUIM AN LÉAGHTHÓRA. `Aig so díonbhrollach no brollach cosnaimh Forais Feasa air Eirinn, mar a bhfuil suím seanachasa Éiorionn go comuir . . . le Seathrún Céating sagart agas dochtúir diadhachta . . . go ndéine Dia trócaire air a anam air son a shaothair, Amen.' Tos. Gibé duine san mbith chuirfios roimhe seanachus nó sinnsiordhacht chríche san mbith do leanmhuin. Críoch. (lch xxxiv.25) óir má atá aoinní ionbhéime ann, ní ó mhailís acht ó aineólas atá ann. Mise bhúr mbochtcharaid bhithdhíleas go bás. Séathrún Céiting. D.D.

[1]. `FORUS FEASA AR ÉIRINN. Líber Prímus. Ag so do sheanchas Éireann . . . an mhéid fuarasa lé a bhfaisnéis díobh, et aois an tighearna annois. 1629.' Tos. Ar ttús cuirfiom síos annso gach ainm dá raibh ar Éirinn riamh. Lean. (lch 198.20) colafan: `Ag sin críoch ar an ccéadleabhar dForus Feasa ar Éirinn ar na sgriobhadh lé hEóghan Ua Caoimh ar furáliomh Eoin Baiste Mac Sleighne, Easbog Chorcuíghe, Chluana, et Rois. Anno Domini 1703.' Cúl an lgh seo bán. Tos. `Liber Secundus' ar lch 199 agus críoch. ar lch 328. Lean. (lch 328.21) colafan: `Ag sin críoch ar Fhorus Feasa ar Éirinn ar na sgríobhadh lé hEóghan Ua Caoimh do hAnnraoi Mac Códa a cCorcaigh ar furáliomh Eoin Baiste Mac Sleighne Easbog (do bhí) Chorcaighe, Chluana et Rois. Anno Domini 1703 . . . Sirim guídhe an léaghthóra, 7 mo leithsgéal do ghabháil tré gach dearmad dá bhfuil san leabharso, do bhrigh gurabh easbaidh eólais 7díthchur na préláide shuas as cionntach riú'.

329. Na Ginealaigh. Lean. (lch 351 a 23): `Do chuireamar síos go soiche so craobha coíbhneasa 7 craobhsgaoileadh sleachta Chais mhic Cuirc do réir ár ndíthchill. Annois cuirfiom duain Chatháin annso, ina bhfuil a ccraobhsgaoileadh go soiléir'.

351 b. `Cathán Ua Duinnín cct.' Éistig ré coímhneas bhur ccath. 125 r.

360.15. Na Ginealaigh ar lean. `Craobhsgaoileadh sleachta Chairbre Luachra mic Cuirc mic Lúghaidh ann so' (360.15); `Do chraobhsgaoile shleachta Chormuic Chais mic Oilolla Ólom ann so' (362); `Craobh coímhneasa et craobhsgaoilead[h] shleachta Chéin mic Oilill Óloim ann so' (370 b); `Do chraobhsgaoilead[h] shleachta Ír mic Mílidh ann so' (372 b 7); `Do chraobhsgaoileadh shleachta Fheargusa mic Róigh ann so' (373 b 4); `Craobhsgaoileadh síl cConchúbhair Chorcamruadh ann so' (374 b 24); `Do chraobhsgaoileadh sleachta Éireamhóin mic Mílidh ann so' (375[a] a); `Do chraobhsgaoileadh sleachta Bhriain mic Eochaid[h] Mhuíghemheadhóin' (380 a 16); `Do chraobhsgaoileadh shleachta Fhiacha mic Eochaidh Mhuíghemheadhóin' (381 b 5); `Craobhsgaoile Laighneach ann so' (384 b); `Sliocht Ithe mic Breóghuin ann so' (387 b 15); `Geinealach Iarla Barrach ann so' (389 a); `Craobhsgaoileadh sleachta na hiarlachta .i. Gearaltaicc ann so' (389 b 23). Ar lch 390 b tá: `Adubhairt Dómhnall mac Dáire Mac Bruaideadha na rainn so'. Do cuireadh ceathrar clainne. 6 r. Lean. (lch 392 b 22): `Ag sin a bhfuaras ar Ghearaltachaibh 7 triallfad annois go Buitléarachaibh. . .'.

394 a 22. Colafan: `Ag sin críoch ar a bhfuaras do sheanchas Éireann, ar na sgríobhadh do hAnnraoi mhaith Mac Ótta, duine uasal a cCorca, ar fhuráliomh Eoin Baiste Mac Sleighne Easbog Chorcaíghe, Chluana 7 Rois. Anno Domini 1703 [athnuachan déanta ar an dúch sa dáta]. Misi Eoghan Ua Caoimh'.

394 b. `Duain Uí Dhúbhgáin annso.' Bliaghuin so solas a dath. 7 r. Neamhiomlán (f.c. a). Lgh [395–829] ar iarraidh.

8[30]. `Clár cómhchoitchionn an leabhairso ina ttrachthar go hathchumair ar gach ní dá bhfuil a ccorp an leabhair chéadna, 7 ina stiúrthar an léaghthóir do réir na bhfíoghaireach atá san mbarrbhán.'

895. `Clár ar ríoghaibh Éireann annso, fad a bhflathais, 7 cian an [sic] leathanach ina bhfaghthar gach rígh díobh.' Ní théann an clár so ach go dtí lch 248.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr