LS164

LS164

[Breandán Ó Conchúir, Clár lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcaí: cnuasach an Phaoraigh agus cnuasaigh eile (gan foilsiú) ]


164

Filíocht

19ú haois. Páipéar. 18 x 12 cm. Lgh [viii] + 420, uimhrithe 1–400 ag an scríobhaí (ach 67 ar lorg 64, 237 fé dhó), 401–21 le peann luaidhe déanach, fara 3 bhileog cheangail ag an tosach agus ag an deireadh. Scríobhaí: Seán Ó Dreada, snoigheadóir cloiche, i mBóthar na Blarnan i gCorcaigh agus san Oileán Beag i gCo. Chorcaí, 1827 (lgh [viii], 395).

Na lgh línithe go héadrom le peann luaidhe. Clúdach teann le droim agus cúinní leathair, ach cuid den droim imithe anois agus an clúdach tosaigh scaoilte. Uimhir ceant `4[  ]' ar an droim. Uimhir na LSE (le peann luaidhe) ar verso na chéad bhileoige ceangail chun tosaigh. Stampa `University College Cork 31 Jan 1952' ar recto an dara bileog cheangail chun tosaigh, ar lgh 100, 201, 208, 384, agus ar verso an dara bileog cheangail chun deiridh. `John Draddy's Book' scríofa ar lch 421.

Gearrthuairisc ar an LS ag P. de Brún agus téacsaí i gcló aige as lgh 408–411, Éigse 12/2 (1967) 85–90.

lch

[i]. Bán.

[ii]. `Ag so tuarasgabháil Éagáin Ui Raighialladh air bhruighean do thuit amach air aonach Oileáin Chiaruidhe an tan do tháinic sé do láthair an bhreithimh mar fhiaghnuise.' Tos. Air mo dhul asteach fá'n aonach damh.

[ii].13. `Ag so mar leanas briathra an fhir shuas air cháilídheacht chapaill do bhí aige féin le díol.' Tos. Atá (air sé) trí ghaol aige an ccapoll so le tarbh.

[iii]. `Beanacht an Athar Póil Ui Bhriain ó Árdscoil Mhágh-an-Fhuath go cóimhthionól Gaodhal Chorcaighe an Abrán na bliaghna 1818.' Banba buadhach seal ró bhídh. 14 r.

[vi]. `B'fheárr leigion dóibh. 1827.' D'éis léirsgrios na Banba beannaighthe aosda. 5 v.

[viii]. Lch teidil: `Measgán Gaoidhilge / ionna bhfuil / beag thiomsúghadh toghtha do neithibh / tábhachdachadh. / Ó fhilídhibh ro dhéarsgnaithe / air na ttiomarga, et air na scríobhadh / le / Seán Ó Dreada / Snoigheadóir cloiche / A mbóthar na Blárnan Chorcuidhe / San mbliaghain d'aois Chríosd. / 1827. / Sirim guidhe an léaghthóradh'.

1. `Dáibhidh Ó Bruadair cct 1669. An tan do thuit sé a loime et a ndíothchárdus is choistis et fuair sé a cháirde faillíghtheach fá chabhair do thabhairt do mar is gnáthach go múisgleann foilmhe fuath carad.' Is mairg nár chreann re maitheas saoghalta. 18 + 3 v.

4.11. `Uilliam Mac Curtáin an Dúna cct.' A charuid dhil ná dearmoid a bheith síthsheóilte. 5 v.

5.5. `Uilliam English cct 1750 air ím an bhráthar.' Cré et ceill go bhfaghadh gach bráthair. 14 + 1 v.

7.17. `Ag so freagra an bhráthar air Uilliam English.' Mo chúmha is mo dhaithnid mar cailleadh le dásacht. 13 + 1 v.

10.7. `Muiris Ó Gríomhtha cct.' 'Sé measdar liom air leaga túr is air áitreabh réx. 6 + 1 v.

11. `Seán Clárach Mac Dómhnaill cct 1746, do Chormac Sbáineach.' Dia na bhfeart ad chúmhdach, gan bhrúiteacht gan bhrón gan mhilleadh. 4 + 1 v.

13.5. `Seán Clárach Mac Dómhnaill cct 1742.' Oidhche bhíos ag luighe am shuan is mé air buadhairt tré na caithídhe. 7 v.

14.9. `Ní fheadar cé chan é so síos.' Sin aguibh mo sgéal is ná déanaic labhaois. 5 v. (An ceannscríbhinn tré pheann luaidhe.)

16. `Diarmuid mac Seáin Bhuidhe cct ag caoine a láir.' Caoinfeadh mési an fhallarthach. 1 r. + 9 v.

17.17. `Freagra Dhoncha Ui Mhuirchú an Phuisín air.' M'fhadtuirse is doilg liom cloisdin do phionósa. 3 v.

18.5. `Freagra Dhiarmada air Dhonnchadh.' Ciodh cian me dúbhach le cúmha is le heasbadh daoine. 4 v.

18.22. `Seán Mac Cormaic cct.' Dia le'd ghlúin a rúin 'sa shearc na saoithe. 5 v.

19.21. `Freagra Dhiarmada air chSeán.' Ciodh teinn le sealad mé'm sheanduinne lán do chiach. 4 v.

20.13. `Uilliam an Dúna cct air an adhbhar cceadhnna.' Is truadh liom scéal éachtach mo charad uaisle. 4 v.

21.5. `Agas ó nách frith an capoll amhuil do tuaradh adúbhairt Uilliam an Dúna mar leanus.' A Dhia chómhachtaic deónaic tar fairge ghlais. 1 v.

21.11. `Freagra Dhiarmada air Uilliam mar leanas.' A fhialfhir mhúinte thionnscainn réidhteach ceasd. 2 v.

21.20. `Uilliam an Dúna arís cct.' A shuaircfhir ealadhann dheachtuidheas briathra suilt. 1 v.

21.25. `Freagra Dhiarmada air Uilliam.' Ár ccuruidhe tréana léirsgrios uainn tar sáil. 1 v.

22.5. `Carann Tiarna cct.' Is fáthla an teasdus air charthanacht iarthar Luirc. 10 v.

23.21. `Eadhmonn do bhFáll cct air an adhbhar ccéadno.' Dá mbeith Dia le hiathaibh Fáil dár ndóth. 3 v.

24.9. `An tAthair Uilliam English cct 1752.' An eól díbhse a dhaoine a bhfonn Fáil. 8 v.

25. `Freagra Phádruic Ui Éigcearta.' Is acmhuineach aoibhin do rann bhreágha. 8 v.

27. `Eadbhárd do Nógla cct air an adhbhar cceadhna.' Is bagarthach díoghaltach a ngeall báis. 8 v.

28.9. `Dómhnal Ó Cuillionáin cct.' Budh mhinic mé go hurramach mar aon a mbuidhinn. 8 v.

29.5. `Donncha Caoch Ó Mághamhna cct.' 'Tá'n oiread sin tarcuisne air bhreathaimh na bínnGhaoidhilge. 5 v.

30.17. `An fear céadna cct do chSeán Ó Ríordáin.' Mo mhairg mo chreach mo cheas mo chiach mo chás! 5 + 1 v.

31.12. `Do'n Ridire Colthrust 1796.' Is méin liom trácht air bhláth na saoithe. 9 v.

34.7. `File éigin cct air an ccoga 1798.' 'Táid maithe na Breatuinne an anadhbruid péine. 12 v.

38. `Aindréas Mac Cuirtín cct do Dhuirionn Poédhar.' Is dúbhach 'taoi'm fá phéin am dhúbhluidhe go faon. 8 v.

39.9. `Uilliam Ruadh Mac Coitir cct do'n mhnaoi cheadna.' 'Taoi'm dúbhach faoi scamuil bróin, tráth smúainim air easba spóirt. 4 v.

40.17. `Giolla Dubh an Ghluaráin.' Cíodh fada dham an uaigneas is buadhartha atá m'ínntinn. 5 v.

43.8. `Carbholl Ó Dála cct.' Um leaba araoir do shíleas féin a teacht. 8 v. (Féach thíos lch 388.)

44.17. `Seán Ó Mulláin cct. 1796.' Air maidinn ané cois cé na slímbharc. 9 v.

47.13. `An fear ceadna cct. 1800.' Cois Laoi na sreabh go huaigneach araoir le hais an chuain dam. 5 + 3 v.

49.18. `An fear ceadno cct ag leigion pass air measc na bhfilleadha le Mícheal Ó Foghlúgha an tan budh mhian ris Gaodhuilge dfoghluim ionnus go bhfaghadh ceacht budh threise ón éigse air dul do eattortha.' 'Sinn caoimhleógan is gríobh óirdheirc calma cáidh. 10 + 6 v.

52.13. `An fear ceadno cct. 1807.' Air maidinn ané cois ghaorthaibh cuain. 8 v.

55.10. `An fear ceadna cct.' Air maidinn cois cala na stiúrbharc 's me taisdiol go cúthail gan sógh. 9 + 1 v.

57. `An fear ceadna cct.' An muthar ghlaschraobh ané is me taisdeal. 7 v. (Féach thíos lch 319.)

60. `An fear céadna cct 1782.' Sealad dam shaogal aédharuic iongantaich. 9 v.

63. `Dómhnall na Tuille cct.' Do scribhsiad [siccóip cheannsa budh ghreannda is badh thréightheach. 12 v.

67. Its Master Bagley whom no love of gain. 10 líne.

67.11. `Dómhnal Mac Cárrtha na Buile cct.' Is túirseach lag bhímse 'sas nímhneach mo dhéara. 8 v.

68.21. `Eón Ó Cuilionnáin cct.' Cé bhíomair tréimhse a ndaoirse péin gan chíll gan chléir gan chrábha. 5 v.

69.17. Is fann mo chroidhe ag caoine uaisle Fáil. 1 v.

69.21. Do thuit Pól is Peadair fial. 1 r.

70. `Eóghan Ua Súilliobháin cct ag mola mná.' Dá m'éigs me cheapach duanta le fundamuint is laoithe. 5 + 1 v.

73. Atá teinios mór am cheann is do chailliosa mo mheamhair. 7 v.

75.9. Cois leasa is mé go huaigneach air uair na maidne am aonar. 4 v.

76. (a) Dá ttrian gaoithe ag crannaibh. 1 r. (b) Dá ttrian galair ag an oidhche. 1 r.

77. `Dáibhidh Ó Bruadair cct an bhliadhain déighionach do choga Chromwell et do chonnairc sealbh Eirionn ag Gallaibh etc et an nuaisle féin air na ndíbirt do'n Fhraingc mar aon ris an Rígh.' Créacht do dháil me am árthach galair. 50 + 1 v.

85.18. `Diarmuid mhic Seáin Bhuidhe Mhac Cárrtha cct an aimsir Rígh Séamas an tan do chonnairc Tadhg et Diarmuid an arm an Rígh cheadna et bathlaic an Bhéarla ag file air a cceárduibh dúthchuis et faraoir! ní fada do fullaingeadh Tadhg et Diarmuid san ccaithréim sin.' [Lch 86:] Céad bhuidhe re Dia a ndiaigh gach annfadh. 38 + 1 v.

92.13. `Caithréim Fhínn mhic Cúmhaill agos Coillte mac Rónáin cct.' Dursainn tuitim an eó óir. 36 r.

98.17. `Aongus Ó Dálaidh cct dá ngorthuidhe Aongus na naor ag cáineadh mhathaibh na hEirionn.' Clann Riocaird ag teacht ó aifrionn. 35 r.

104.17. A ttigh na gárda is gnáth gé'r bh'anamh sin. 20 v.

108. `Seán Ó Connaill cct do'n Athair Dómhnaill Ó Niadh.' 'Sin scéal a ccéin do chlaochluidh sin is chlaon mo chruith air ccúlaibh. 9 v.

109. `Fáidhriún fíor.' Ní glóire go gréin acht neamh. 31 líne.

110.11. Ciall is mídhchiall. 1 r.

110.13. `A léightheóir ionnmhuin ag so beagán friotail um dhiaigh do chan duine eagnuidhe éigin is cóir do tabhairt fá deara et comhartha do thógbháil air mar leanas .i. air lá fheile Pól nóch do thaguidh an 25 lá de'n mhíosa Geanair .i. January.' Lá fheile Pól mádh fhóghnas grian go beacht. 2 v.

111. `Cómhairle Choluim Chille.' Cómhairle chaomh Choluim. 28 líne + 13 r.

114.13. `Donnchadh Ruadh Mac Connmara cct.' Ag faire air an loing ionna reachach as Éire. 243 líne. Roinnte ina dhá chuid.

125. `Seán Ó Connaill cct 1627.' An uair smuainim air shaoithibh na hÉirionn. 122 v.

145.13. `Seán Ó Braonáin cct.' Air maidin am aonar a ccéin cois na taoide. 15 v.

150.19. `An fear ceadno cct.' Mo léan mar do treasguradh gan tapa gan faosamh. 5 v.

152. `Eóghan Ó Súilliobháin cct 1784.' Mo chreach is mo léun nár ceangladh mé go gasda le céird as m'óige. 4 v.

152.18. `Bharántus an hata mar leanus 1782. Conntaé Chorchuidhe mar aon le mor chuairdibh Éirionn go huile. Le hEóghan Ó Súilliobháin .i. bile bínnbhriathrach . . . san cconntaé reamhráidhte et Leath Mogha go huile.' Tos. an prós Ag so ordúghadh fuinneamhuil fórsamhuil feadhmláidir. . . . Tos. an véarsaíocht (lch 153.7) Eigse shuairce Sléibhe Luachra éistidh linne seal. 16 v.

155.17. `An long-bhrise sonn .i. amhuil do rinnsiad peacuidhe a cloinne féin longar langar d'Eirinn an 8 ber 1690. Dáibhídh Ó Bruadair cct.' Le cionntaibh na healta ag ár dalladh a ccluastuigse. 40 + 1 v.

162. `Fuatha chSeáin Éattruim annso.' Fuath liom bagún gan arán. 12 v.

164. `Eóghan Ruadh mac an Bháird cct 1600 do Rúghruidhe mac Maolmordha Mac Suibhne.' Bonn an fhile síol Suibhne. 48 r.

171.5. `Seán Ó Dubhthairic cct bráthair bocht d'órd St. Próinsias do Mhaol Muire Mhagcraith Árdeasbog Caisil et do daoinibh eile do thuit an eiriceacht lena nainmhianaibh féin et le mearghrádh an tsaoghail.' Léig dod chomórtus dhúinn. 97 r.

185. `Teagusc do mhnaoi óig.' Gaibh mo teagasc a bhean óig. 12 r.

186.21. Mac Cairteáin triath na neach seang. 25 r.

190.9. `Donnchadh Ó Calanáin an Dochtúra cct 1778.' Maidionn aoibhinn cheómhín iseadh do seóla mé chum uaigneis. 6 v.

191.9. `Eóghan Ruadh Ó Súilliobháin cct a cur slán chum Carraige-an-Éide.' Slán et dafhithchiod le ceangal ceart díogruis. 8 v.

194. `Eóghan Ó Léin cct.' Beir beatha sláinte chum Máire uaim féin soir. 9 v.

195.17. `Bharántas Dhonncha Ui Núnain le Eoghan Ruadh Ó Súilliobháin. Conntae Chorcaighe . . . le hEóghan Ó Suilliobháin aon do cheartbhreitheamhuin na saoi éigse san cconntae reamhráidhte et Leatha Mogha mar an cceadna.' Tos. an prós Ag so faisnéis Dhiarmoda Ui Fhoghlúgha dam láthairse . . . míle seacht ccéad et bliaghan air chaogad. Tos. an véarsaíocht (lch 197.9) Whereas d'áitimh aon dam láthair ané gan tlás air bhrígh mhóide. 10 + 1 v.

199. `Dómhnall Ó Murchú cct 1821 air fhonn Cois leasa is mé go huaigneach.' A Ghaoidhil atá gan suaircios re cruadhtan daingean géurghlas. 3 v.

200. `Do shomharbhtacht an duine. Dáibhídh do Bara cct 1822.' Mar do bheith cocán go hálainn aoibhin. 14 v.

203. `Duine bocht cráidhte éigin cct cum sagairt d'áirigh a cconntaé Chiarruidhe.' A chléiric na leabhar suadh. 2 r. + 8 v. (Féach thíos lch 233.19.)

204.9. `Seán Mac Gearailt cct.' Is truaidh liom an ruagairtse air chlanna na nGaodhal. 7 v.

205.9. `Geinealach Oisín mhic Fhínn do réir Oisín féin.' Mac do Bhaoisgne, Goire na sluagh. 4 r.

206. `Bean dubh an Ghleanna.' A bhfacadh tú nó'n ccuala tú an stuaire dob' áille gnaoi? 4 v.

206.18. `Dómhnald Mhac Cárrthadh cct do Labhrás .i. mac Ui Shúilliobháin Mhóir.' D'easgair deaghmhac dfuil Éibhir. 17 r.

208. `Pádruic Haicéad cct.' Mo lá léinse Éire na nárdchnoc sean. 12 v.

209.21. `Feargal Óg Mac an Bháird cct agos é an Albain 1600.' Beannocht uaim siar go hÉirinn. 26 r.

211.23. Is mairg do mhairfeadh a bhfad. 1 r. Féna bhun so: `Guidh air an scríbhneóir etc'.

212. `Donncha Mac an Chaoilfhiaclaic cct air Éirinn.' Do frith monuar! an uainn so air Éirinn. 42 v.

219. `Séamas Móinmhíol cct. Fonn air an ngeidirne.' 'Tá'n Frangcach fial sa bhárcaibh air lánmhuir go fuineamhach. 5 + 1 v.

220. `Beódhchaoine cSeáin Chláraic le Seán Ó Tuama.' 'Tá slaodghalar nimhe am ghéarghoin go huile is céasda mo thuras d'oidhche 's do ló. 5 + 1 v.

221. `Aindréas Mac Craith cct.' A bhile den fhuireann gé gann is ba churata an amm gach cluithe neirt. 6 + 1 v.

222. `File éigin cct air Ghráine Mhaol.' A shaoi-ghlain do phríomhscoth na sáirfhear saor. 8 v.

223.9. `File éigin cct air Shíle Ní Gadhra 1775.' Tráth dam ag smuaineamh air chríochaibh an tsaoghailse. 10 + 1 v.

227. `Dáibhídh Ó hIarfhlaithe cct 1780.' Araoir is me 'm aonar cois taoibh fleasga an gaortha. 7 v.

229.7. `Seán Clárach Mac Dómhnaill cct 1782.' Cois leasa is mé go huaigneach air uair na maidne am aonar. 5 v.

231. `Aodhgán Ó Raghallaidh cct 1722.' Is fhadtuirseach géar liom créachta Críoch Fódla. 6 v.

232. `Éamonn Ó Roinn cct 1701 do bhodachaibh na haimsire sin.' Gach naon do bhruscarshliocht Liobair mac ríghin Lóbais. 6 v.

233. `Freagra Dhonncha mhic Airt Ui Chaoimh air Éamonn an adhuigh na mbodach.' A éigse an ccluintear libh friotal an fhíorchóbaic. 4 v.

233.19. `Duine bocht cráidhte éigin cct chum sagart d'áirigh a cconntaé Chiarruidhe.' A chléiric na leabhar suadh. 2 r. + 8 v. (Féach thuas lch 203.)

235.9. `Eóghan Ruadh Ó Súiliobháin cct 1758.' Am leaba aréir tríom néul do dhearcasa ainfhir ba mhaordha taithneamhach cló. 5 v.

237. `Brian Ó Flaithbhearta cct.' Lá meadhrach dá ndeaghsa liom féin air beinn lisín aodhrach an bhrogha. 6 v.

237[a]. `Suim purgadóra bhfear nÉireann ó'n mbliaghuinn 1641 gus an mbliadhain 1684 ann so síos agus Dáibhídh Ó Bruadair cct.' Do fearadh a flaithios tré pheacadh na príomhfhéine. 26 + 1 v. Gluaiseanna (Béarla agus Gaeilge) ar na himill.

241.13. `Diarmuid mac Dómhnaill mhic Fínghin Ui Shúilliobháin cct na ranna Gaodhuilge mar leanus. Agus Mícheál Mac Cárrtha an Bearla mar leanus.' Mo chiach fhadtuirseach an treasgairt sin air phór Míleadh. 6 v. (gach re véarsa).

243.13. `For the Honourable Sir James Cotter Knight congratulating his safe return out of England. Dáibhídh Ó Bruadair cct.' Fáilte Ui Chealla ria Sir Séamus. 9 r. + 9 v. (gach re ceann).

245.19. `Fear Feasa Ó'n Cháinte cct 1617.' Mór do ghníd daoine díobh féin. 19 r.

247.9. `Dáibhídh Ó Bruadair cct.' Crosántacht do Dháibhí mac Séamuis mhic Risteáird de Barra. Idir fhilíocht agus phrós. Tos. an fhilíocht Teallach coisreagtha críche Barrach. 42 r. Tos. an prós (lch 248.5) Agos beannocht bhríoghmhar bhuadha bhiothmharthanach bheannuighthe tug an tabsdol onóireach árdchómhachtach.

254.15. `Dáibhídh Ó Bruadair cct.' Do chealg mo chom go trom le haicídibh. 1 v.

254.20. `An fear ceadna.' Nách ait an nós so ag mórchuid dfearaibh Éireann? 1 v.

255. `Tarngaire Fhínn mhic Cúmhaill ann so air Éirinn, agos Oisín mac Fhínn cct do láthar Phádraic.' P.A Oisín iomráidhsi línn. 46 r.

258.19. Beann tonnghlas seach gach tulach. 2 r. (As an dán dar tosach Aoibhinn bheith i mBeinn Éadair.)

259. Tadhg Dall Ó hUighin cct.' Lios Gréine is Eamhuin d'Ultaibh. 18 r.

260.13. `Seafhrún Céitinn cct 1635.' Ó'm sgeól air árdmhagh Fáil ní chodlaim oidhche. 7 v.

261.17. `Eóghan Ó Caoimh cct 1720.' Air treasgaradh an Eachdhruim do shíl Éibhir. 8 v.

263. `Dáibhídh Ó Bruadar cct. Ar dhobhuidheachas lucht míllte an toradh air na coinghíolaibh do fríth tré mhórthrocaire an Athar neámhdha a Luimneach A. Domini 8ber 1692.' Gíodh ainbhfiosach feannaire nár fhiar a ghlún. 5 + 1 + 1 v.

264.5. `Teagusc Dháibhídh Ui Bhruadair do thrúipéir do bhí ag dul an arm an lá sin, gidheadh bíth gur chuige do chuadhas ní chuige do bhíothas A.D. 1686.' A thrúipfhir más músgailt ón mbaile hálgus. 10 + 1 v. Gluaiseanna (as Béarla) ar na himill.

266. `Dáibhídh Ó Bruadair cct 1690 do'n Iarla ó Lúcan .i. an Sáirséalach.' A Rígh na cruinne do rin ise is gach nídh uirthe atá déanta. 18 + 7 v.

270.5. `Baothghalach Dubh Mac Aodhgáin no Muiris mac Dáibhí Dhuibh cct.' Fuasguil Fódla a ua Eóghuin a sluagh tógtha an tseannchíosa. 12 v.

272.9. Toghaim Tomás rogha is róghrádh gacha hógmhná aolchrothaig. 23 v.

276.9. `Bladaireacht do rin duine éigin do Dhiúic Úrmhúmhan.' Is fearra fá seach don talamh a theacht. 1 v.

276.12. `Freagra Dháibhídh Ui Bhruadair air an láinbhréig sin.' A dhaoi re gliogar gidh bé tusa níl mé dhuit acht daithcheódhaigh. 9 + 10 + 2 v.

280. `Iomarbháidh Leithe Mogha et Leithe Cuinn ann so. Tórna Éigios cct 405.' Dáil chatha idir Chorc is Niall. 53 r.

284.15. `An fear ceadna cct.' Mo dhá dhalta ionmhuin liom. 14 r.

286. `Tadhg mac Dáire cct 1600.' Olc do thagrais a Thórna. 31 r.

289. `Lúghadh Ó Cléire cct 1600.' Ná brost mise a mhic Dáire. 17 r.

290.15. `Tadhg mac Dáire cct.' A Lúghaidh labhramh go séimh. 31 r.

293.15. `Seán Ó Cléire cct 1604.' Éistidh a éigsi Banba. 44 r.

298. `Tadhg mac Dáire Mhic Bruaideadha cct ag iarra díola ann sa ccosnamh do rin air Leath Mogha re fileadhaibh an tuaisgirt.' Faghaim ceart a chlann Éibhir. 37 r.

301.13. `Tadhg mac Dáire cct san iomarbháidh.' Ar shíol Éibhir as do thriúr. 1612 r.

303.4. `Seán Ó Murchú cct air bhfághuil chúig mhairt ó mhnaoi uasuil do Ghearaltachuibh do chionn chúig ranna do dhéana do chúigear mac lé do marbhadh san ccoga do bhí ann san mbliadhain 1643. Budh mhíleadh móiréachtach gach mac díobh. Duine uasoll Ulltach do chlann tSuibhne nár mhair an tráth san do badh athair dóibh.' Oighidh an chúigfhir nár chúthail anigídhe fann. 5 v.

304. `Riobárd Buithléar cct 1804. Fonn An Cailín Donn.' Tráth go faon dam air sleasa maolchnoic cuis leasa am aonar a ccéin cois amhan. 19 v.

306.y. Is aoibhinn do lucht an eólais. 1 r.

307. Eóghan Mac Cárrtha an Mhéirin cct 1757.' Go much is mé'm aonar gan aoin am chómhar. 13 v.

309. `Litir Eóghain Ui Chaoimh chum Uilliam Mac Curtáin an Dúna air bhás a mhic .i. Art.' Idir fhilíocht agus phrós. Tos. an fhilíocht Gé táim anois le tuille is trí rátha. 5 v. Tos. an prós (lch 309.23) A bháirdín dheargshúilidh et a chladhaire chros-fhiaclaidh na croiche.

310.17. `Freagra Uilliam an Dúna air an Athair Eóghan.' Idir fhilíocht agus phrós. Tos. an fhilíocht 'San éacht san ionnar éighmhise a ngolathairt bhróin. 5 v. Tos. an prós (lch 311.13) Atá iongnadh mhór orm féin a bháirdín bholgshúilig chaisleathraic chianaosda. Críoch. (lch 315.9) le Siosga mádh thugas air fhionnaibh mo cháirdios Críost. 1 v.

315.13. `An tAthair Connchúbhar Ó Briain cct air chéim na mBarrach.' Gidh gurab uachtrach Cairbrig tír. 1712 r. (12 r. gearrtha chun siúil ag imeall íochtair lgh 316).

317. `Eachtra Éadhmoinn do bhFáll.' Fógruim díbh a dhaoine 3312 r.

319.19. `Seán Ó Muláin cct 1780.' Ann muthar ghlaschraobh ané is me taisdiol go faon a machtnamh. 7 v. (Féach thuas lch 57.)

322. `Ó Dúbhgáin cct 1364.' Trialluim tímpchioll na Fódla. 198 r. Lean. (lch 337.17) nóta: `Do bheir an duain reamhráidhtesi cúntas air ainimneacha na bpríomhchinneadhacha dár sheilbh dhileas an Mhídhe, Uladh, et Connacht, an tan do bhí an Dara hAnnraoi iona Rígh air Shagsaibh an uair do cuireadh fios air go hÉirinn re Diarmuid Mac Murchadha Rígh Laigheann etc etc'.

338. `Giolla-na-Naomh Ó hUidhrinn cct 1370. Atá an file foghlamhtha so ag tabhairt cúntais mar leanas air na bpríomhchineadhacha Leatha Mogha et na dúthaidhe do bhí na seilbh an tan sin tar éis Leatha Coinn do mhionchuardach le Seán Ó Dúbhgáin.' Tuille feasa air Éirinn ógh. 18512 r.

353.16. `Aodh Mac Cruitín cct 1720. Do chuimhniúghadh uaisle et athardhacht Thoirdhealbhuidh Ui Lochluinn Bóirne.' Crann ós gach coill craobh Eamhna. 41 r.

357.5. `Art Ó Laoghaire cct.' Toghaim thar chách an cásuist comhthrom ciúin glic. 3 v.

357.18. `Aindréas Mac Cruitínn cct 1712.' Ní dual nách aithmhéalach Art. 5 r. + 5 v. (gach re ceann) + 8 v.

360.9. `Brian mac Shéamuis Ui Chonchúbhair cct 1715.' An taoiseach táisg is feárr ad chloch-thriúch thuaith. 5 v. + 6 r.

361.19. `Aindrias Mac Cruitín cct 1718.' A Bhrian ná bagair go baoth. 22 r. + 5 v. (gach re ceann).

364.13. `Séamus Mac Coitir cct 1736. Duain leanbuidheachta do Dhonncha mhic Connchúbhair Ui Bhriain Coille na Curadh.' Fáilte ó'm chroidhe le báb na mílse ar ttrácht a díogruis dáilmhéine. 11 v.

366.13. `Aindrias Mac Cruitín cct 1736.' Go cúig roimh luis dá ttugadh grása Dé. 7 v. Nóta os a chionn ar ócáid a chumtha.

368. `Uilliam Ruadh Mac Coitir cct 1733. Ag cur beannochta chum Aindréis Mhic Cuirtín go hAoibh Bhreacáin. . . .' A ráib fhial rithios tar Sionnuinn an tsruithlínn tsuairc. 1 v.

368.12. `Aindréas Mac Cuirtín cct. Ag freagra d'Uilliam Mac Coitir iar nglacadh na rainne reamhráidhte. . . .' Is truagh thu riamh Aindriais ní cortha do'd chros. 1 v.

369. `Ag so freagra Aindréis.' A shaoi fothragadh a ttobaruibh na nao mban iúil. 1 v. + 7 r.

370.9. `Uilliam Ruadh Mhic Coitir cct a ndeibhíghe. Iar nglaca na ranna romhráidhte ó Aindréas Mac Cuirtín adúbhairt se mar leanas ionar ghlan sé Lochlanuidh ó'n ttathaoir tug Aindréas dóibh ionna labhra roimhise.' Neach gan gairbhe do rádh ribh. 14 r. Lean. (lch 372.21) nóta: `D'éag Uilliam Ruadh Mhic Coitir san mbliadhain 1737 agos Séamus Mac Coitir san mbliaghuin 1796'.

373. `Dáibhídh Ó Bruadair cct 1647 ag mola Rígh Séamus et ag tabhairt aithfir dfile éigin do rinn dán ag adhmholadh bhainríoghna Eilís.' Dfigh duine éigin roimh an rési uige is léir am dhóid anois. 23 + 1 v.

377. `An fear céadna cct d'oifigíbh an Rígh Séamus.' An méidsi a ndúithe Fhionntuin dá ghealchlainn fós. 4 v.

377.18. `An fear céadna cct. Iar ttógbháil an each san airm ó Ghallaibh an 26 lá de'n mhí Feabhra 1688.' An áit an mhagaidhsi an aitreabhaibh Gall do bhá. 8 + 1 v.

379.9. `An file céadna cct. Mar ghnáthúgadh air láimheachta láinlíonmhara Sir Seáin Mhic Gearuilt .i. Tiarna na Claonghlaise a ccath Landen ag Brabant a bhFlóndras . . . 1693. . . .' [I]s liachtain leasuidhte air chiach do charadsa a thriaithfhir chalma ó ghluais chúghain tásg. 3 + 1 v. (Beagán téacsa gearrtha chun siúil ar imeall seachtrach lgh 379.)

380.5. `An fear ceadna cct.' Im úr eóluis an sgeóilsi do thig a ttír. 4 v. Nóta os a chionn ar ócáid a chumtha.

381. `Séamus Mac Coitir cct annsa 17 bliaghuin dá aois ag caoine éagcómhluinn Éirionn.' Mo léunsa an galarsa shearg me a sírghéibhinn. 16 + 1 v. Nótaí ar an téacs ar na himill.

384. `Donchadh Caoch Ó Maghamhna cct 1715 a moladh an Iarla Mar an tan tháinidh an Pretender go hAlbain.' Is mac do Mhars an Mar so an Albain tuaidh. 2 v.

384.12. `Séamas Mac Coitir cct 1741. Do chSeán mac Risteird Coipinghéar re linn dulta do'n Fhraingc do na mhacaomh óg.' Chúig athchuinge táid agam duit a chSeáin chum siúbhail. 7 v.

385.17. `Uilliam Ruadh Mac Coitir cct do Mháire Ní Ristird Coipinghér a cCúil na Pise nóch fá bhainchéile do Phiaras Puidhéar na Rinne.' Mise fá chúis chaoi dlúith faoi ghéibhionn do chuiris gan púngc dlíghe a ccúintsnigheamh saershearc. 4 v.

387.5. `Seafhrún Céitinn cct do chrutaire ceóilbhinn d'áirighthe dár bh'ainim Tadhg Ó Cobhthaigh iar na chlos ag sinnim.' Cia an tsaoi le seinntear an chruit. 8 r. + 1 v.

388. `Cearbholl Ó Dálaigh cct.' Am leabuidh araoir do shíleas féin a teacht. 8 v. (Féach thuas lch 43.)

389.9. `Séamas Mac Coitir cct.' Cia í an bhean so an eól díbh do sheól Íosa anois am dháil? 3 v.

389.22. `Uilliam Ruadh Mac Coitir cct ag freagradh do Shéamas.' Is briathra leamha air óllbhaois do ghlórmhaoidheamh sguir dod phlás. 4 v. Leath íochtair lgh 390 bán.

391. `Ag so síos iomarbháidh idir Thadhg Gaodhlach Ó Shúiliobháin et Seán Clárach Mac Dómhnaill ag adhmhola Mháire mar leannas. Tadhg cct air ttúis.' Is méin liom d'aithris dam labhartha beóil. 6 + 2 v. Lean. (lch 392.9): `Seán cct.' Cidh séimh do labhartha a shuaidhfhir ghrínn. 2 + 2 v. Trí chéile i bhfoirm agallmha.

394.9. `Tarangaire Sheatna.' Abair riom a Shéatna. 19 r. Lean. (lch 395.x) colafan: `Fóircheann le Seán Ó Dreada snoigheadóir cloiche san Oileán Beag an 17 lá de'n mhí Geanair 1827'.

396. `Dómhnall Mac Cathail cct 1774 do Dhonchadh Ó Néill do chaill a bhróga a teacht ó Chorcaigh.' Tháinic gearán chúgham ó'n Oileán a ttúis na seachtmhaine. 17 v.

398. `An file céadna cct 1780 do Dhiarmuid álainn Mac Glanchaidhe.' Faobhar is áitiomh do rinne am láthair an chéad mhí Shamhrath. 11 + 5 v. (`An bharántas').

400. Clár an leabhair ó lch 1 go lch 398. Bearnaí beaga ann. Leath íochtair lgh [407] bán.

408. `An tAthair Pól Ua Briain cct an 12 la de'n deachmadh mhídh, 1804.' A chara gráidhac na nGaodhal. 9 r. Lean. (lch 408.21) cóip de litir ón mBrianach (go dtí Donncha Ó Floinn, i gCorcaigh) ag gabháil a leithscéil as gan scríobh níos luaithe, agus ag tagairt d'Fhoclóir Vallancey agus do leabhar graiméir a bhí á ullmhú aige féin. Fé bhun na litreach (lch 409.12): Gach nídh is áil leat, a shár-mhic, a luadh fuidh choím. 1 v. I gcló, de Brún, Éigse 12/2 (1967) 85–7.

409.16. `Ag so am dhiagh mar leanas canamhuin Dhonnchadh Ui Fhloinn chum an Athar Póil Ui Bhriain go Coláisde Mhaghnuada.' A aodhaire chliste an tréada, mo chaomhna grádhach deighmhéineach. 8 líne. Lean. (lch 410) cóip de litir (ag freagairt na litreach thuas is cosúil) dar dáta 30 Iúil 1805 ó Dhonncha Ó Floinn i gCorcaigh go dtí an tAthair Pól Ó Briain `a cGoláisde Mhaodhnuada'. Tá tagairt sa litir seo do sheanlámhscríbhinn leighis a bhí i seilbh an Fhloinnigh ag an am agus do leabhar urnaithe, `an tSlíghe go Neamh', a bhí á scríobh aige. I gcló, de Brún, Éigse 12/2 (1967) 87–90.

412. `Aisde do cheap Donnchadh Ó Floinn ionna leaba eólchaire iar mbrise a choise an 21 lá do Ghionnbhair na bliaghna 1814. Agos san lá ceadna-so do chuaidh Buonapart .i. Ímpre na Fraingce a cceann a shluagh chum cathúghadh an adhuigh cómhachtaidhe Eóirpe do rin im-ruagadh na Fraingce an bhliaghain-si.' Do dheónaidh Dia is me triall am aonar.12 v. Lean. (lch 413.25): `Taoibh-réimniúghadh.' Ge maoth do ghnídhim fuirse an adhaigh fionna et phéine.23 v. Lean. (lch 417) `An taoibhréimniúghadh gluaismhínighthe.' 20 líne próis. Féna bhun: `Donnchadh Ó Floinn'.

417.23. `Freagra chSeáin Ui Choilleáin ó Mhíros do Dhonnchadh ag éagcaoine na cinneamhna do theagmhaidh do .i. brise a choise an tan ráinig do an cúnntas d'fhághail an 27 lá d'Abrán na bliadhna 1816.' [Lch 418:] A charadh chaomh chéadfaidhtheach chaoin cheart chóir. 5 v.

418.21. `Mícheál Ó Longáin cct. Do Dhonnchadh Ó Fhloinn a cCorcaigh air mbeith an otharluighe caomhchoise do a bhfíorthosach na bliadhna d'aois Chríost 1814.' Is fadtuirseach liom an fhionnfhlaith chaoin gan cháim. 6 v. 419.21. `Mícheál Ó Longáin cct. Ag breith buidheachuis le Donnchadh maith Ó Floinn a cCorcaigh fá'n speacláir do bhronn sé dho annsa mbliaghain 1824.' Do fuaras seóid dheas ghleóidhte ghreanta ghreadhnach.6 v. Lch 421 bán fé bhun nóta (féach thuas).

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr