Skip to main content

DPR News

Bronnadh Scoláireachtaí Bharr na gCnoc ar dhaltaí Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne

15 Sep 2025

An 15ú Meán Fómhair 2025 bhronn Barr na gCnoc aon scoláireacht déag ar na daltaí nua céidbhliana de chuid  Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Cnoc na hAoine, Corcaigh. Ócáid bhliantúil í seo agus cúis mhór mhórtais do Bharr na gCnoc ab ea é aitheantas foirmiúil a thabhairt do na daltaí seo agus iad ag tosnú amach ar oideachas dara leibhéal tré Ghaeilge. Ráiteas cumhachtach féin-aitheantais is ea é ó na daltaí agus ón bpobal dár de iad i gCnoc na hAoine agus  i gCnoc an Chuilinn an cinneadh seo oiliúint tré Ghaeilge a roghnú. Tagann an ócáid seo sna sála ar an rath mór a bhí i mbliana ar thorthaí an chéad bhuíon riamh de dhaltaí ón nGaelcholáiste a thug faoin Ard-Teistiméireacht; tá gach duine acu sin ag díriú anois  ar an dtríú leibhéal.

Fearadh na tuartha fáilte roimh na daltaí céidbhliana san ócáid speisialta a eagraíodh in Aula Maxima na hOllscoile. Tháinig a muintir agus a múinteoirí leo. An tOllamh Stiofán Ó Broin, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir na hOllscoile, a bhronn na scoláireachtaí ar na daltaí. Tar éis bhronnadh na scoláireachtaí, cuireadh turas Ollscoile tré Ghaeilge ar fáil do na cuairteoirí.

Gabhaimid ár mbuíochas leis na daltaí go léir, lena muintir agus lena múinteoirí, as teacht chughainn. Tá buíochas tuillte leis ag na ceoltóirí a bhí linn, agus ag gach éinne a chabhraigh linn ar an lá tábhachtach seo.

 

Gaelcholáiste Mhic Shuibhne students awarded Barr na gCnoc Scholarships  

On the 15th of September 2025, Barr na gCnoc awarded eleven scholarships to all first-year entrants to Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Knocknaheeny, Cork. The scholarship ceremony is an annual event and Barr na gCnoc is proud to formally recognise these students' as they begin their second level education through the medium of Irish. By choosing to undertake their education through the Irish language, they and the community in Hollyhill-Knocknaheeny make a powerful statement about who they are and who they want to be. This most recent event follows the success of the first cohort of GMS to sit their Leaving Cert through Irish earlier this year. All of the Leaving Cert cohort are now advancing to third level education.

Yesterday, scholarship recipients were welcomed to the Aula Maxima in UCC to receive their award at a special ceremony. They were joined by their families and teachers and following the ceremony, enjoyed an Irish language tour of the UCC campus. Scholarship certificates were awarded by Deputy President and Registrar, Professor Stephen Byrne.  

We wish to extend our thanks to all the students, parents, teachers, and musicians for joining us on this very important occasion.   

Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir/ Deputy President & Registrar

First Floor, West Wing, Main Quadrangle, UCC, T12 YN60

Top