Márta: Mí na Féile Pádraig

Tá áit ar leith ag mí na Márta i mbéaloideas na muintire agus i dtimthriall na beatha is na bliana in Éirinn, faoi mar a phléann Ciarán Ó Gealbháin anseo thíos.

5 MIN READ
20 Mar 2023

Naomh Pádraig ar fhuinneog gloine dhaite, Séipéal Uí Eonáin*

Grá le m'anam mo pháistín fionn,

A croí is a haigne ag gáire liom,

A cíocha geala mar bhláth na dtom,

'S a píb mar an eala lá Márta.

Is minic a airímid trácht ar mhí na Márta sna hamhráintí, sa seanchas agus sa mbéaloideas againn trí chéile. Is contúirteach an tráth don duine é, is cosúil, Lá Márta agus an dá lá a thagann sna sála air. Tharlódh gurb é sin is bun leis an tuiscint go bhfuil an té atá i mbarr a mhaitheasa 'i Márta a trí' – slán amach sa mhí, mar a déarfá. Is í seo 'mí na bó riaibhche', gan dabht, ach pé maith olc an aimsir, moltar fós don churadóir – an 'Mártaí'! – dúshlán na síne a thabairt agus an síol a bheith istigh aige nó aici roimh dheireadh na míosa. Is í an 'ghaoth Mhárta' an anfa gaoithe is mó ar a mbíonn trácht sa mbéaloideas againn: is minic sna seanscéalta go mbeireann an laoch ar an ngaoth Mhárta atá roimhe, fad is ná beirfeadh an ghaoth Mhárta ina dhiaidh air; an té atá guagach teasaí, tá sé 'chomh luathintinneach le gaoth Mhárta'; agus de sin ar fad, is é is dóichí, an tuiscint ná fuil aon ní 'chomh mear le míol Márta' – an giorria a shaolófaí an t-an seo den bhliain.

Ar ndóigh, is i mí na Márta a bhíonn cónocht an earraigh ann, ceann den dá thráth sin i dtimthriall na bliana nuair is comhfhad lá agus oíche. Anseo in Éirinn agus, go deimhin, ar fuaid na cruinne sa lá atá inniu ann, tugtar suntas ar leith don phointe tábhachtach seo san aistear againn timpeall na gréine leis an gcomóradh a deintear ar éarlamh na tíre seo, Naomh Pádraig, a d'éag, de réir Annála Uladh, ar 17 Márta 491 nó 492. Níorbh é Pádraig, mac Calpurnius, an chéad mhisinéir Críostaí in Éirinn, ach ba é, gan aon amhras, an té ba mhó tionchar acu maidir le scaipeadh na Críostaíochta anseo. Deirtear gur chuir an Pápa Celestine I an tEaspag Palladius (sean-Phádraig an tseanchais, b'fhéidir) go hÉirinn roimhe, agus gur ar dheisceart na tíre a dhírigh seisean a chuid iarrachtaí. Murab ionann is Pádraig, áfach, a bhunaigh a phríomhláthair eaglasta i dtuaisceart na tíre (i neasacht shuíomh ríoga Emain Macha), níl rian dá laghad de mhisean Palladius le sonrú inniu againn.

Le cois na bhfoinsí scríofa – a Confessio féin agus na 'beathaí' meánaoiseacha éagsúla, cuir i gcás – tháinig, ní nach ionadh, lear mór béaloidis ar an bpearsa tábhachtach seo i scéal na tíre anuas chugainn. Luaitear níos mó toibreacha beannaithe leis ná aon naomh eile, agus instear gur ráinigh ann do thoibreacha áirithe toisc gur sháigh Pádraig a bhachall sa talamh ar an láthair sin, nó neachtar acu gur tharraing sé iarracht di ar charraig áirithe – amhail is a dhein Maois i Leabhar an Ecsodus – agus gur scaird an t-uisce ina chaise as dá thoradhsan. Tá rian a choise le feiscint i gcarraigeacha eile, agus leigheas le fáil ar thinneas ach luí ar leaca áirithe a luaitear sa seanchas leis. Tá leigheas ar an titeamas nó an bhreoiteacht mhór, a deirtear, ach oíche a chaitheamh ar 'Leaba Phádraig' ar Oileán na Cathrach i gContae Mhaigh Eo.

Is mó scéal cráifeach i dtraidisún scéalaíochta na hÉireann a chuireann síos ar eachtraí a bhain do Phádraig ar a shiúlta do, gur stair mhiotasach nó scéalta bunúis a dheineann feidhm an mhiotais cuid acu. Sampla gleoite dá leithéid é an scéal sin as Scéalta Cráibhtheacha Sheáin Uí Shúilleabháin (1952) a mhíníonn dúinn conas mar do rainigh bua na léime a bheith ag an mbradán agus an ceann cam a bheith ar an leathóg. Is amhlaidh go raibh Pádraig ag siúl cois abhann lá, nó gur chas sé le scata fear i mbun iascaireachta. Thugadar geallúint do, mar dhea, go dtabharfaidís cúpla iasc do nuair a bheidís bordáilte acu. Ba chúis mhór grinn í don leathóg nuair ná raibh an gheallúint úd á comhlíonadh, agus ba mhian léi féin cuid den mhagadh a dhéanamh, leis. Chuir sí casadh ina muinéal, ceann cam uirthi féin agus d'fhéach sí thar a gualainn le tarcaisne ar an naomh. Má dhein, dheonaigh Pádraig gur mar sin a d'fhanfadh sí. Lom láithreach, thuirling bradán breá ina bhachlainn de ghlanléim as lár na habhann, agus as san amach tá bua na léime ag an iasc sin!

Instear go coitianta sa mbéaloideas gur smachtaigh Naomh Pádraig ollphéisteanna i mbólaí éagsúla. Ní foláir nó gur as sin a d'fhás an tuiscint gur dhíbir sé na nathracha as an tír, cé go dtuigtear le fada ná raibh a leithéid riamh anseo. An cur síos iomráiteach ar choimhlint an naoimh leis an ollphéist aonair i Loch Dearg is túisce a rithfeadh linn anseo, b'fhéidir, ach tá insintí eile againn, dála an leagan sin ós na Déise a d'fhoilsigh An Seabhac insan meascra saibhir béaloidis aige, An Seanchaidhe Muimhneach (1932), a chuireann casadh beag eile sa scéal. De réir na hinsinte seo, bhí sceon de phiasta móra ar fuaid na tíre tráth agus ceann acu sna Comaraigh. Tháinig an naomh an treo, dhein gearradh mór sa talamh agus chuir d'fhiachaibh ar an bpéist dul síos ann agus fuireach ann go Luan. Nuair a tháinig an Luan arís bhí sí á corraí féin le teacht aníos as, ach dúirt Pádraig léi nach Dé Luain a bhí i gceist aige in aon chor ach Luan Lae Brátha; thóg sé loch timpeall uirthi ansin agus tá sí ann fós. Baisteadh 'An Camaloch' ar an loch úd, óir ba é sin ainm na péiste de réir an scéal bunúis álainn seo.

Ach, a thuilleadh fós, deirtear linn gurb é seo is bun leis an tuiscint choitianta nach ceart d'aon duine – tailliúr ná gréasaí ná éinne – aon ghearradh a dhéanamh Dé Luain, agus dá mbeadh corp le cur Dé Luain, gur cheart fód a bhaint den uaigh Dé Domhnaigh.

Más suim leat a thuilleadh eolais a fháil ar chúrsaí Béaloidis i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, tabhair cuairt ar shuíomh Roinn an Bhéaloidis.

* úsáidte le cead an Honan Trust

Previous Issues

Office of Marketing and Brand Impact

Margaíocht agus Tionchar Branda

East Wing, Main Quadrangle, University College Cork, Cork, Ireland

Top