Taighde | Research activies and initiatives
Tionscnaimh / Projects
An Tionscnamh Ceilteach Digiteach | Celtic Digital Initiative
Tá sé mar aidhm ag an Tionscnamh Ceilteach Digiteach (TCD) acmhainní uathúla a chur ar fáil ar bhonn leictreonach do mhic léinn agus scoláirí in COC agus i gcéin. Tá an tionscnamh seo, arna chomh-mhaoiniú ag Roinn na Sean- agus na Meán-ghaeilge agus ag an Aonad Cothaithe Feabhais (óna Chiste um Fheabhas Cáilíochta), ag fás agus ag forbairt i gcónaí agus cuirtear ábhar leis an suíomh ach an t-am agus an t-airgead a bheith ar fáil chuige sin.
Tá trí mhór-rannóg ann:
- Cartlann an dTéacsanna (naisc go dtí comhaid PDF d’ábhar uathúil)
- Clár na bhFógraí Ceiltecha (rannóg ina ndéantar fógraí mar gheall ar chomdhálacha, imeachtaí, folúntais, foilseacháin srl.)
- Irisí Ceilteacha agus acmhainní eile (clár ábhar na nIrisí a phléann leis an léann Ceilteach agus naisc go dtí suíomhanna cuí eile)
The aim of the Celtic Digital Initiative (CDI) is to make scarce resources available in an electronic format to students and scholars, both within UCC and beyond. This initiative has been jointly funded by the Department of Early and Medieval Irish and by the Quality Promotion Unit (from its Quality Improvement Fund) and is an ongoing project; material is continually added to the site as time and finances allow.
There are three major sections:
- Text Archive (links to PDF files of rare material)
- Celtic Noticeboard (an area devoted to announcements of forthcoming conferences, events, vacancies, publications etc.)
- Celtic Journals and other resources (tables of contents of Celtic Studies journals and links to relevant sites)
Tionscadal Béaloidis Chorcaí (TBC) | Cork Folklore Project (CFP)
Tionscal pobalbhunaithe agus neamhbhrabúsach a bunaíodh sa bhliain 1996 is ea TBC agus é á riaradh i gcompháirt le Roinn an Bhéaloidis, COC agus Fiontraíochtaí Pobail an Tuaiscirt. Déanann TBC taifeadadh digiteach ar scéalta agus cuimhní cinn mhuintir Chorcaí.
Tá níos mó na 1,000 u.a.c. de thaifeadtaí sa bhailiúchán ar raon ábhar ar nós: an saol obire, caitheamh aimsire, athruithe sóisialta, sláinte, an óige agus an saol laethúil. Tá dea-theist náisiúnta agus idirnáisiúnta orainn as béaloideas den chéad scoth a bhailiú agus a scaipeadh.
CFP is community-based non-profit project, founded in 1996 in partnership with the Department of Folklore and Ethnology, UCC and Northside Community Enterprises. CFP digitally record stories and memories from the people of Cork.
The collection holds over 1,000 hours of recordings on a range of subjects: working life, leisure, social change, health, childhood, and everyday life. We are recognised nationally and internationally for our high standard of folklore collection and dissemination.
Cork Studies in Celtic Literatures | CSCL
Tá sé mar phríomh-aidhm ag an tsraith foilseachán seo gearrthaighde atá dírithe ar ghnéithe áirithe de litríochtaí réamhchlóite na gCeilteach a chur ar fáil sna teangacha coiteanna. D’fhéadfadh suirbhé ginearálta nó fiosrú téamach níos leithne a bheith i gceist leo seo, nó d’fhéadfaí díriú ar insintí aonair agus ar an tslí ina seachadtar iad. Tá saothair ar nós Saga and Myth in Ancient Ireland (Baile Átha Cliath, 1955) agus The Ossianic Lore and Romantic Tales of Medieval Ireland (Corcaigh, 1995; eagrán leasaithe 1971) le Gerard Murphy mar spreagadh d’imleabhair na sraithe seo agus bíonn teacht ag mic léinn tríú leibhéal agus taighdeoirí eile ar thopaicí áirithe (ar phraghsanna réasúnta).
The primary aim of the Cork Studies in Celtic Literatures publication series is to make available short studies focused on particular aspects of the vernacular pre-print literatures of the Celtic peoples. These might take the form of general surveys or broader thematic investigations, or may focus on individual narratives and their transmission. Inspired by such works such as Gerard Murphy’s Saga and Myth in Ancient Ireland (Dublin, 1955) and The Ossianic Lore and Romantic Tales of Medieval Ireland (Cork, 1955; revised ed. 1971), volumes in the series provide convenient access points (at affordable prices) to particular topics for third-level students and for those without the specific areas under investigation.
Dúigh agus Seithí | Inks and Skins
Tinoscadal idirdhisciplíneach is ea Dúigh agus Seithí ina ndéantar taighde ar dhéantús lámhscríbhinní Gaelacha na meánaoiseanna déanacha. Tá sé faoi stiúir Phádraig Uí Mhacháin, Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Sa bhliain 2019, bhí an tOll Ó Macháin ina Ard-Bhuaiteoir Gradaim ón gComhairle um Thaighde in Éirinn a dhéanann an tionscadal céanna a mhaoiniú.
Inks and Skins is an interdisciplinary project dedicated to the investigation of the materiality of the late-medieval Gaelic manuscript. It is led by Professor Pádraig Ó Macháin, Professor of Modern Irish in University College Cork. In 2019, Professor Ó Macháin was the recipient of an Irish Research Council Advanced Laureate Award, which funds this project.
Apacrafa Bíobalta na Gaeilge | Irish Biblical Apocrypha
Cuireadh tús sa bhliain 1988 le tionscadal idirnáisiúnta d’fhonn leaganacha Gaeilge d’apacrafa an Bhíobla a fhoilsiú sa tsraith idirnáisiúnta cheannródaíoch Corpus Christianorum. Cruthaíodh bord eagarthóireachta in Éirinn (ar a bhfuil an tOll Máire Herbert [cathaoirleach] agus an tOll John Carey) faoi choimirce Chumann Bíobalta na hÉireann chun obair i gcomhar le AELAC (Association pour l'étude de la littérature apocryphe chrétienne, atá lonnaithe in Lausanne, sa Ghinéiv agus i Páras (www2.unil.ch/aelac/).
Bhí baint ag scoláirí na Sean- agus na Meán-Ghaeilge leis an meitheal eagarthóireachta seo ó COC, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Má Nuad, agus Institiúid Diagachta agus Fealsúnachta Bhaile an Mhuilinn, chomh maith leis na scoláirí bíobalta an tOll Martin McNamara (TCD, Institiúid Bhaile an Mhuilinn), An tOll J.-D. Kaestli (Lausanne), agus an Dr. Rita Beyers (an Bhruiséil).
In 1988 an international project, Irish Biblical Apocrypha, was initiated for the publication of Irish versions of Biblical apocrypha in the leading international series Corpus Christianorum. An Irish editorial board (including Prof. Máire Herbert [chairperson] and Prof. John Carey) was set up under the auspices of the Irish Biblical Association to work in association with AELAC (Association pour l'étude de la littérature apocryphe chrétienne, based in Lausanne, Geneva, and Paris (www2.unil.ch/aelac/ ).
The editorial collaboration has involved scholars in Early and Medieval Irish from UCC, UCD, Dublin Institute for Advanced Studies, Maynooth and Milltown Institute for Theology and Philosophy, along with biblical scholars Prof. Martin McNamara (TCD, Milltown Institute), Prof. J.-D. Kaestli (Lausanne), and Dr. Rita Beyers (Brussels).
Ságaí na Gaeilge ar Líne | Irish Sagas Online
Tionscnamh faoi stiúir an Dr Tom O’Donovan i gcomhar le Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge is ea an suíomh idirlín Ságaí na Gaeilge ar Líne ina gcuirtear ságaí na Gaeilge ar fáil ar shlí mhealltach agus acmhainní leictreonacha nua-aimseartha in úsáid. I dtreo is gur féidir le mic léinn teacht ar an téacs Meán-Ghaeilge, cuirtear ar fáil ar an suíomh idirlín Ságaí na Gaeilge ar Líne leaganacha de shágaí na Gaeilge taobh lena chéile ar aon leathanach amháin .i. an téacs sa Mheán-Ghaeilge, an leagan Nua-Ghaeilge agus aistriúchán Béarla. Cuirtear ar fáil chomh maith naisc go dtí suíomhanna idirlín mar a bhfuil faisnéis chúlra ar na ságaí go léir. Is mór ag lucht riartha an tionscnaimh seo an cead a fuarthas ó na húinéirí cóipchirt chun leas a bhaint as na leaganacha Nua-Ghaeilge de na ságaí atá ar fáil ar an suíomh idirlín seo.
The Irish Sagas Online website is an initiative led by Dr Tom O’Donovan in collaboration with the Department of Early and Medieval Irish to present Irish sagas in the most attractive way possible using modern electronic resources. The Irish Sagas Online website provides presentations of Irish sagas in which the medieval Irish text, the modern Irish version and the English translation appear side by side on the same page, thus making the medieval Irish text more accessible to students. Links are also provided to websites with background information for each saga. Permission to use the Modern Irish versions of the sagas that appear on this website has been obtained from the holders of the Copyright and is gratefully acknowledged.
Tionscnamh Foilsitheoireacta an Bhéaloidis agus na hEitneolaíochta — Béascna: Iris Bhéaloidis agus Eitneolaíochta COC / Folklore and Ethnology Archive Publishing Initiative — Béascna: UCC Journal of Folklore and Ethnology
Seachas Béascna níl ach iris scolártha amháin eile i bPoblacht na hÉireann ina bhfoilsítear ailt agus léirmheasanna a bhaineann le Béaloideas agus Eitneolaíocht in Éirinn agus san Eoraip trí chéile. Bunaíodh Béascna sa bhliain 2002 agus cuid den chúis a bhí leis sin ná chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Roinn an Bhéaloidis dhá bhliain roimhe sin. Foilsíodh í gach re bliain i dtosach ach anois is in aghaidh na bliana a fhoilsítear an iris seo a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici. Faoi réir ag éiteas na roinne i gcoitinne, déantar iarracht leis an iris seo ailt agus léirmheasanna acadúla, atá dúshlánach agus úrnua, a spreagadh. Go dtí seo, díríodh sna hailt a foilsíodh ar chultúr ábhartha; creideamh coiteann; litríocht béil; stairsheanchas; inscne sa bhéaloideas agus sa chultúr coiteann; modheolaíochtaí oibre allamuigh; digitiú taifeadtaí béaloidis; eitneolaíocht uirbeach; stair bhéaloideaseolaíochta agus eitneolaíochta; agus an t-idirchaidreamh idir cúrsaí béaloidis agus litríochta.
Béascna is one of only two scholarly journals in the Republic of Ireland publishing articles and reviews relating to Irish and European Folklore and Ethnology in general. Béascna was founded in 2002, in part to commemorate the establishment two years earlier of Roinn an Bhéaloidis / The Department of Folklore and Ethnology. Produced on a biennial basis initially, the journal has since become an annual publication of significant standing. In line with the ethos of the department in general, the journal seeks to encourage challenging and original academic articles and reviews in Irish and English. To date, published submissions have focused on material culture; popular religion; oral literature; oral history; gender in folklore and popular culture; fieldwork methodologies; digitization of folklore recordings; urban ethnology; history of folkloristics and ethnology; and interplay between folklore and literature.
Leann Dúchais Leictreonach (LDL) UCC
Tá Léann Dúchais Leictreonach nó ‘LDL’ ina thionscnamh leictreonach foghlama na Gaeilge agus ina thionscadal taighde ilmheán arna thacú ag an Údarás um Ard-Oideachas. Táthar ag plé sa tionscadal faoi láthair le ‘Béaloideas na mBan’ agus tá sé faoi stiúir an Dr Stiofán Ó Cadhla le cúnamh ón Dr Clíona O’Carroll, an Dr Ciaran Ó Gealbháin agus Cúntóirí Taighde atá ag obair sa ghort.
Is sna Gaeltachtaí go léir a dhéantar taighde sa tionscadal seo. Tá sé mar aidhm taighde a dhéanamh ar ghnéithe ríthábhachtacha de shaol na Gaeltachta inniu agus inné agus uaireanta leis déantar staidéar ar lucht labhartha na Gaeilge i gcoitinne. Baintear leas as obair allamuigh úrnua mar aon le foghlaim agus acmhainní leictreonacha. Táthar ag súil go gcuirfidh an pobal spéis sa taighde seo agus go mbeidh sé mar acmhainn do scoláirí agus don phobal i gcoitinne, ach thairis sin go mbeidh sé in úsaid mar uirlis teagaisc (nó áis foghlama) ní hamháin sa roinn ach i Scoil Léann na Gaeilge trí chéile.
Léann Dúchais Leictreonach or ‘LDL’ is an Irish language electronic learning initiative, is a multi-media based research project supported by the Higher Education Authority. The current focus of the project is ‘Béaloideas na mBan’ or ‘Women’s Folklore’ and it is directed by Dr Stiofán Ó Cadhla with the assistance of Dr Clíona O’Carroll, Ciarán Ó Gealbháin and Research Assistants in the field.
The project carries out research in each of the Gaeltacht areas. The aim is to research critically important aspects of past and contemporary life in Gaeltacht areas, and sometimes in the wider Irish-speaking community, marrying cutting edge fieldwork with electronic learning and resourcing. It is envisaged that this record will not only interest the public and serve as a resource for scholars and the general public, but that it might also be used as a didactic tool (or learning aid), both within the department and across the School of Irish Learning as a whole.
Tionscnamh Mhic Niocaill | The Mac Niocaill Project
Tá Roinn na Nua-Ghaeilge ag plé le tionscadal reatha chun cáipéisí dlíthiúla as Gaeilge, 1493-1621, a fhoilsiú. An tOllamh Gearóid Mac Niocaill a dhein aistriúcháin agus eagarthóireacht ar na cáipéisí seo. Is mór againn an spéis atá léirithe ag muintir Mhic Niocaill sa tionscadal seo agus atá ár spreagadh chun cloí leis.
The Department of Modern Irish is engaged in an on-going project to publish the legal documents in Irish, 1493-1621, previously edited and translated by the late Professor Gearóid Mac Niocaill. We very much appreciate the interest and encouragement of the Mac Niocaill family in this project.
Tionscadal Chomharthaí Uisce na hÉireann | Irish Watermark Project
Tá mórthionscadal, faoi stiúir an Ollaimh Pádraig Ó Macháin ar siúl i Roinn na Nua-Ghaeilge chun taifead a dhéanamh ar chomharthaí uisce ar cháipéisí Gaelacha. Tá sé mar ghé lárnach den tiomantas leanúnach atá sa Roinn do dhigitiú taighde coidéacseolaíochta agus pailéagrafaíochta.
The Irish Watermark Project is a major project to record watermarks in paper in Irish documents and is being piloted in the Department of Modern Irish, under the direction of Professor Pádraig Ó Macháin. It forms part of the Department’s ongoing commitment to digitisation as a central element of its codicological and palaeographical research.
Gníomhais na Meánaoiseanna Déanacha sa Ghaeilge | Late Medieval Legal Deeds in Irish
Tionscadal taighde Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh is ea é seo. Tá an tionscadal seo faoi stiúir an Ollaimh Pádraig Ó Macháin. Faightear ar an suíomh idirlín seo dréachtcháipéisí a chruthaítear i seimineár taighde poiblí a thionóltar go seachtainiúil le linn an dara seimeastar. Cuireann Kenneth W. Nicholls ó Scoil na Staire in COC go mór leis an seimineár seo.
Late Medieval Legal Deeds in Irish is a research project of the Department of Modern Irish, University College Cork. The project is directed by Professor Pádraig Ó Macháin. The draft documents that are presented on this site are generated in a public research-seminar, which convenes weekly during the second semester. This seminar benefits in particular from vital contributions by Kenneth W. Nicholls of the School of History, UCC.
LOCUS – Áitainmeacha agus Ainmneacha Treibheacha Gaelacha | LOCUS – Irish Placenames and Title Names
Tá sé mar aidhm sa tionscadal seo foclóir stairiúil nua a chur ar fáil ar áitainmneacha Gaelacha agus ar ainmeacha treibheacha a thiocfaidh in ionad Onomasticon Goedelicum leis an Ath Edmund Hogan. Tá Tionscadal Locus lonnaithe i Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in Éirinn.
D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaeilge naoi bhfascúl den Historical Dictionary of irish Placenames go dtí seo chomh maith leis na himeachtaí ó sheimineár lae ar Onomastican an Ath Hogan agus Leabharliosta d’fhoilseacháin ar áitainmneacha na hÉireann (féach ar fhoilseacháin).
The aim of the LOCUS – Irish Placenames and Title Names project is to produce a new historical dictionary of Gaelic placenames and tribal names to replace Fr Edmund Hogan's Onomasticon Goedelicum. The Locus Project is based in the Department of Early and Medieval Irish at University College Cork, Ireland.
Nine fascicles of the Historical Dictionary of Irish Placenames have been published to date by the Irish Texts Society along with the proceedings of a one-day seminar on Hogan's Onomasticon and a Bibliography of publications on Irish placenames (see publications).
‘Téacs ag imeacht as Radharc’: Cuimhne, Áit agus Féiniúlachtaí Gaelacha | ‘The Disappearing Text’: Memory, Place, and Gaelic Identities
Tá Acallam na Senórach ar an téacs is tábhachtaí san Fhiannaíocht. Léirítear i dtaighde a deineadh le déanaí nach féidir eagarthóireacht chriticiúil a dhéanamh ar an téacs casta seo mar a measadh go dtí seo agus gur ‘téacs atá ag imeacht as radharc’ atá san Acallam, agus gur bailiúchán de scéalta atá ann i ndáiríre nuair a dhéantar grinnscrúdú air nó gurb insintí éagsúla ach gaolmhara atá i gceist.
Ní féidir leas a bhaint as bogearraí eagarthóireachta reatha nuair a bhítear ag plé leis an Acallam de bharr chastachtaí an phróisis eagarthóireachta. I gcomhar le comhghleacaithe san Eolaíocht Ríomhaireachta agus i dTeicneolaíocht na Faisnéise in COC, agus a bhuí le hArd-deontas taighde Gradaim ón gComhairle um Thaighde in Éirinn, déanfar bogearraí saincheaptha a dhearadh sa tionscadal seo chun dul i ngleic leis na castachtaí sin. Úsáidfear na bogearraí sin sa chuid lárnach den tionscadal ‘Téacs ag imeacht as Radharc’ d’fhonn teacht ar théacs criticiúil.
The main fianaigheacht text (of over 8,000 lines) — Acallam na Senórach ("The Dialogue of the Ancients") — stands at the forefront of the Fenian Cycle. Recent research has shown that this narrative complex may not be as amenable to critical editing as was once thought and that the Acallam may in fact be a 'disappearing text,' an ephemeron which when subjected to closer editorial scrutiny may dissolve into several related, though individual, narratives.
Current editing software cannot deal properly with the Acallam because of the intricate nature of the editing process involved. In collaboration with colleagues from Computer Science and Information Technology at UCC, and funded by an Advanced Laureate grant from the Irish Research Council, this project will design bespoke software to deal with these complexities. This software will be used in the central part of 'The Disappearing Text' project, the attempt to establish a critical text.
Ultonia - An Saol Cultúrtha Meánaoiseach i gCúige Uladh agus lasmuigh de: oidhreacht i gcomónta | Ultonia - Cultural Dynamics in medieval Ulster and beyond: a shared inheritance
Is iad an Dr Caitríona Ó Dochartaigh, COC agus an Dr Nioclás Mac Cathmhaoil,UU Magee, a dheineann an tiosncadal seo a stiúradh. Spreag sraith Idirphléití an Oideachais, atá mar chuid de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, an tionscadal seo ina n-iarrtar ar oideachasóirí ar dhá thaobh na teorann foghlaim óna chéile agus machnamh a dhéanamh in éineacht lena chéile ar thodhchaí an oideachais ar an oileán ar fad. Cuireadh tús leis an tionscadal seo de bharr go bhfuil géarghá le comhoibriú idir ionaid taighde atá ann cheana féin ar bhonn trasteorann, d’fhonn torthaí taighde atá ar ardchaighdeán a sholáthar agus ag an am céanna, d'fhonn cur leis an gcomhoibriú i dtionscnaimh oideachais ar dhá thaobh na teorann. Ceistítear sa taighde a deineadh an Dinimic Chultúrtha i gCúige Uladh agus láimh leis sna meánaoiseanna agus sa ré réamh-nua-aimseartha i dtreo is go spreagfaí machnamh ar chúrsaí staire agus féiniúlachta. Roghaíodh an tréimhse áirithe ama seo d’aon ghnó mar go seachnaítear cuid maith de na himeachtaí achrannacha a thit amach ina dhiaidh sin, an ré luath-nua-aimseartha go háirithe.
Tá trí mhórchuspóir i gceist le tionscadal Ultonia: diantaighde a dhéanamh ar dhinimic chultúrtha Chúige Uladh sna meánaoiseanna i gcomhthéacs na hÉireann i gcoitinne roimh theacht na Normannach; chun taithí a chur ar fáil sa Tuaisceart agus sa Deisceart do thaighdeoir iardhochtúireachta luathghairme; agus chun acmhainní oideachais a chruthú a bheidh ar fáil ar líne do scoileanna ar dhá thaobh na teorann. Le blianta beaga anuas, tá pobail éagsúla ar fud an oileáin ag díriú ar an tréimhse luath-nua-aimseartha, go háirithe dinimic na cumhachta idir ríshleachta ársa ar nós na Ulaid agus na ndaoine thart timpeall orthu ar an oileán, in Albain agus in iarthar na Breataine.
The "Ultonia - Cultural Dynamics in medieval Ulster and beyond: a shared inheritance" project led by Dr Caitríona Ó Dochartaigh, UCC and Dr Nioclás Mac Cathmhaoil, UU Magee, was inspired by the Educational Dialogue strand of the Shared Island Initiative which calls on educators North and South to learn from each other and jointly reflect on the future of education on the island. The genesis of the project grew out of the evident need to exploit synergies between existent research centres on a cross-border basis, in order to generate high-quality research outputs and at the same time foster greater co-operation in educational initiatives North and South. The research undertaken interrogates the Cultural Dynamics of medieval and pre-modern Ulster and neighbouring areas as a means of provoking reflection on history and identity. The choice of this time period is deliberate since it avoids many of the politically contested events of later centuries, the early-modern era in particular.
The objectives of the Ultonia project are three-fold: to conduct in-depth research on the cultural dynamics of medieval Ulster within the context of pre-Norman Ireland as a whole, to provide experience in institutions North and South for an early career postdoctoral researcher, and to create a body of educational resources available online for schools on either side of the border. The pre-modern period has become a focus for communities across the island in recent decades, in particular the power dynamics between ancient dynasties such as the Ulaid and neighbouring peoples both on the island and in Scotland and western Britain.