MA sa Nua-Ghaeilge

MA sa Nua-Ghaeilge

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn atá ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach i Léann na Gaeilge. Is iarchéim mhúinte í seo a dhíríonn ar na gnéithe is tábhachtaí de chultúr agus de litríocht na Nua-Ghaeilge. Déantar cúram ar leith den scríbhneoireacht acadúil agus den scríbhneoireacht chruthaitheach. Tugtar tacaíocht do mhic léinn a gcuid scileanna cumarsáide agus taighde a fhorbairt. Beidh deis ag gach mac léinn tabhairt faoi mhiontráchtas a scríobh (12,000-15,000 focal) ar ábhar ar bith is spéis leis/léi féin.

Eolas ar riachtanaisí iontrála agus ar conas cur isteach ar an gcúrsa: http://www.ucc.ie/en/cke51/

Tuilleadh eolais: MA sa Nua-Ghaeilge [PDF]

Modúil M.A.

Modúil riachtanacha:
GA6001 Scríobh Acadúil na Gaeilge
GA6037 Scileanna Taighde agus Cumarsáide
GA6009 Miontráchtas sa Nua-Ghaeilge

Modúil roghnacha:
GA6038 An Fhiannaíocht
GA6035 An Scríbhneoireacht Chruthaitheach
GA6002 Beirt Bhanfhile: Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson
GA6005 Filíocht Mhúscraí ón 18ú hAois Anuas
GA6011 Scríbhinní Amhlaoibh Uí Shúilleabháin
GA6036 Ceardlann Filíochta

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr