Cad is an tionscadal BRAINWAVES ann?
Glacann BRAINWAVES cur chuige geilleagair chiorclaigh i leith talmhaíocht inbhuanaithe. Trí úsáid a bhaint as planda uisceach coitianta a dtugtar ros lachan air, tá eolaithe BRAINWAVES ag baint triail as córais nuálacha teicneolaíochta chun ros lachan a fhás ar shruthanna dramhaíola talmhaíochta. Má éiríonn leo, rachfar chun tairbhe d’fheirmeoirí ar dhá bhealach: cabhrófar leo dramhaíl feirme a ghlanadh agus barr atá ar mhórán próitéine a fhás. Go bunúsach, is féidir leis an ros lachan, trí chothaithigh iomarcacha (nítrigin agus fosfar) a thógáil isteach, luach a bhaint as dramhaíl i riocht barr ar mhórán próitéine is féidir a úsáid i mbeatha ainmhithe, rud a laghdóidh spleáchas na bhfeirmeoirí ar an bplanda pónairí soighe iompórtáilte. D’fhéadfadh go dtabharfadh an taighde seo tairbhí inláimhsithe eacnamaíocha agus comhshaoil do chleachtais feirmeoireachta in Éirinn, sa Bhreatain Bheag agus in áiteanna níos faide anonn.
-1.jpg)
Cad atá ar Bun
Save the Date!! Duckweed Event June 9th, 2023 at UCC.
Buail lenár mac léinn ar socrúchán ag Ollscoil Aberystwyth: Laurie Stevenson Uas.
Fáiltiú do Mark Drakeford, Céad-Aire na Breataine Bige, agus do Lesley Griffiths, Aire Gnóthaí Tuaithe na Breataine Bige, ar champas UCC
Brainwaves pléite ar @10Things_ToKnow ar RTÉ 1
Próifíl an Taighdeora: An tUas. Cian Redmond
Comhpháirtithe
Tionscadal taighde 3.5-bliain a gcistíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa é trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige is ea Brainwaves. Áirítear iad seo a leanas leis na comhpháirtithe Ollscoile de chuid Brainwaves:
-School of Biological, Earth and Environmental Sciences agus an Environmental Research Institute i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, in Éirinn.
-Institute of Biological, Environmental and Rural Sciences in Ollscoil Aberystwyth sa Bhreatain Bheag.