Nuacht

Comhar idir Éire agus an Bhreatain Bheag ón mbliain 1994 i leith a cheiliúradh agus féachaint ar an todhchaí

19 Iúil 2023
Ó chlé go deas: An Dr Siobhán Higgins, Bainisteoir Tionscadail Brainwaves, Samantha Richardson, Oifigeach Forbartha, agus Lesley Langstaff, Bainisteoir Tionscadail Áitiúil Brainwaves

Tháinig comhpháirtithe tionscadail agus comhaltaí de Choiste Faireacháin an Tionscadail le chéile i bPort Mearnóg, Baile Átha Cliath, an 23 Meitheamh chun rath Chlár Comhair Críochach Eorpach na hÉireann-na Breataine Bige 2014-2020 a cheiliúradh.

Bhí Jonathan Healy ó Newstalk ar an óstach don ócáid, a bhí ina deis do thairbhithe tionscadail in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag labhairt faoina n-eispéiris in obair le chéile trasna Mhuir Éireann, tar éis dóibh amharc ar aithisc fáiltithe físeáin ó Mark Drakeford, Céad-Aire na Breataine Bige, agus Paschal Donohoe, an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe in Éirinn.

Luaigh an Chéad-Aire an athuair an tosaíocht a leagann Rialtas na Breataine Bige ar a chaidreamh le hÉirinn agus an tábhacht bhreise a bhaineann le caidreamh idir geallsealbhóirí Éireannacha agus geallsealbhóirí Breatnacha a chothú sa saol iar-Bhreatimeachta. Leag sé béim ar an ról atá ag Agile Cymru agus ag Creat Mhuir Éireann i ndéanamh amhlaidh. Ag aithint dó rath Chlár na hÉireann-na Breataine Bige, dheimhnigh an tAire Donohoe tiomantas Rialtas na hÉireann do theacht ar dhóigheanna ar féidir tógáil ar an gcaidreamh agus leas a bhaint as an deis le céim nua gníomhaíochta comhair a thionscnamh.

Chuir Peter Ryland, Príomhfheidhmeannach Oifig Cistiúcháin Eorpaigh na Breataine Bige (WEFO), agus David Kelly, Stiúrthóir Thionól Réigiúnach an Deiscirt, na himeachtaí i láthair, ag labhairt dóibh faoin todhchaí agus faoi éabhlóid an chaidrimh. Áiríodh le Creat Infheistíochta Réigiúnaí Rialtas na Breataine Bige díriú láidir ar chomhar, agus ba bhonn láidir a rabhthas in ann tógáil air é an comhar a bhí ar bun idir Éire agus an Bhreatain Bheag le blianta fada anuas. Bhí sé tábhachtach ansin an obair sin a thiontú ina rud inláimhsithe agus leas a bhaint as deiseanna le rud éigin nua a dhéanamh, d’ainneoin Creat de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith in easnamh. Ba ghá Muir Éireann a bhainistiú. Cé go raibh a lán dúshlán comhroinnte ag gabháil leis sin, bhí deiseanna le hobair le chéile chun réitigh a sholáthar ag gabháil leis freisin. Bunaíodh Creat Mhuir Éireann le tacaíocht ó gheallsealbhóirí agus bhí éileamh ard ann ar shíolchistiú Agile Cymru. Bhí sé sin agus an líon daoine a d’fhreastail ar an ócáid sin agus ar an siompóisiam i mí na Bealtaine ina léiriú ar an éileamh láidir ar chéim nua comhair. Ba ghá teacht ar dhóigheanna ar féidir tógáil ar an rath sin agus an acmhainn chun soláthair a sholáthar.

Seisiúin phainéil

D’óstáil Jonathan Healy trí sheisiún painéil ar lena linn a bhí comhpháirtithe in ann a n-eispéiris a chomhroinnt agus léargas teagmhálach a thabhairt ar an luach uathúil a bhaineann le comhthionscadail a sholáthar lenar tugadh fíorthairbhí do phobail, do ghnólachtaí agus d’institiúidí ar an dá thaobh den mhuir.

Painéal 1: Soláthar na dTosaíochtaí Comhroinnte - T J Horgan SELKIE, Claire Connolly CALAFOIRT, INNIU AGUS INNÉ, Wim Meijer ACCLIMATIZE

Rinne an painéal a mhachnamh ar an mbunsraith a sholáthair an Clár, ar dá bharr a comhroinneadh saineolas agus a sainaithníodh an dea-chleachtas, rud ba chúis le torthaí suntasacha. Agus leithead agus scála na gníomhaíochta á méadú, leagadh béim ar idirchaidreamh níos éifeachtaí le húdaráis ábhartha agus ar theagmháil leis na pobail agus rannpháirtíocht na bpobal ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.

 Príomhghné ba ea rannpháirtíocht ghníomhach na bhfiontar beag agus meánmhéide. Bhí a lán gníomhaíochtaí faoi stiúir ag fiontair bheaga agus mheánmhéide, rud ba chúis le nuálaíocht agus le rath tráchtála. Ba shuntasach a bhí an breisluach a bhí ag baint le hobair thar theorainneacha, agus bunú agus forbairt na líonraí trasteorann ag déanamh difear ollmhór do leibhéil ghnóthachtála. Ba shoiléir an tábhacht a bhaineann le leas a bhaint as láidreachtaí trasna ár n-uiscí comhroinnte, in ionad cur chuige leithliseachais a ghlacadh; ba léir an mhian go mbunófaí an “nasc Ceilteach” sin.

Painéal 2: Breisluach an chomhair – Steve Conlon CALIN, David Kay ACCLIMATIZE, Aonghus McNabola DWR UISCE

Bhí an leibhéal ard idirchaidrimh idir earnálacha ardoideachais/breisoideachais na Breataine Bige agus gnólachtaí Éireannacha, agus a mhalairt, ina léiriú soiléir ar na tairbhí agus an breisluach atá ag baint le comhar, agus “sárlíonra” á chruthú ag na láidreachtaí faoi seach atá ag Ollscoileanna sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn. Bhí fiontair bheaga agus mheánmhéide ar an eolas faoin deis uathúil a bhí ann obair le hinstitiúidí ardoideachais trasna na teorann agus bhain siad leas as an deis sin. Nuair a tháinig na tairbhí uathúla chun solais, bhí sé i bhfad níos fusa glacadh na ngnólachtaí leis a fháil. Bhí an obair thrasteorann ina bealach a raibh eagraíochtaí ar thaobh amháin den teorainn in ann a fheiceáil conas a bhí nithe á ndéanamh ar an taobh eile, i.e., bhí roinnt gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí sa Bhreatain Bheag, bhí roinnt díobh á gcur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí in Éirinn, agus bhí foghlaim chomhroinnte mar chúis le cur chun feidhme níos éifeachtaí agus chuir sí dlús leis an bpróiseas nuálaíochta. Chruthaigh an Breatimeacht an riosca go n-imeofaí ón gcur chuige, agus chabhraigh labhairt le daoine eile agus foghlaim ó dhaoine eile, gan aon teorainneacha agus gan aon bhacainní, le solúbthacht níos leithne, dearcadh níos leithne agus tionchar níos mó a sholáthar.

Painéal 3: Comhar sa todhchaí – Oonagh Messette CELTIC ROUTES, Fiona Doohan HEALTHY OATS, Shelagh Malham BLUEFISH/ISPP

Príomh-shaincheist ba ea cistiú a sholáthar. Cé gur aithníodh go raibh an clár Agile Cymru de chuid Rialtas na Breataine Bige ag cabhrú le comhar a choinneáil ar bun, ní raibh aon chlár coibhéiseach ar bun in Éirinn go fóill. Thaispeáin comhpháirtithe go raibh éileamh ann ar ghníomhaíocht chomhoibríoch agus iarradh ar Rialtas na Breataine Bige agus ar Rialtas na hÉireann araon féachaint le rud éigin níos substaintiúla a bhunú chun Éire agus an Bhreatain Bheag a nascadh agus chun comhar sa todhchaí a éascú, mar shampla, clár nua. Sa ghearrthéarma, aithníodh gur gá do chomhpháirtithe a bheith cruthaitheach ar a lán bealaí, go háirithe i gcomhthéacs Mhuir Éireann, toisc go ndéanann rudaí a tharlaíonn in Éirinn difear don Bhreatain Bheag, agus a mhalairt. Príomhthosaíocht ba ea Muir Éireann a chosaint agus ba riachtanais iad rialachas láidir agus obair le chéile. Mura ndéanfaí amhlaidh, chaillfí deiseanna. Bhí móiminteam an-tábhachtach agus ba rud ríthábhachtach é teacht ar bhealaí chun tacú leis sin.

Focail scoir

Chuir an Comhairleoir Thomas Phelan ó Thionól Réigiúnach an Deiscirt clabhsúr leis an ócáid, ag aithint dó rannchuidiú na dtionscadal le breis agus 30 bliain anuas agus á rá gur gá deiseanna nua comhair a sholáthar idir ár dhá Náisiún.

Ba é an chonclúid ba mhó ná go raibh ag éirí go geal leis an gcomhar idir Éire agus an Bhreatain Bheag agus gur léir go bhfuiltear ag iarraidh comhoibriú trasna Mhuir Éireann agus tógáil ar an rath sin. Bhí tuiscint chomhroinnte ann gur tráthúil anois cur chuige nua a dhearadh i leith comhair ar mhaithe leis an leas coiteann, d’ainneoin an Bhreatimeachta agus na ndeacrachtaí lóistíochtúla iarmhartacha a bhí ag gabháil leis.

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr