Buail leis an bhFoireann

Foireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh

An tOllamh Marcel Jansen  Príomhimscrúdaitheoir                     m.jansen@ucc.ie 
An Dr Merve Sasmaz Kislioglu Taighdeoir Iardhochtúireachta  

msasmazkislioglu@ucc.ie

An Dr Siobhán Ní hUiggínn  Bainisteoir Tionscadail siobhan.higgins@ucc.ie
Niamh Ní Dhailígh Uas.   Cúntóir Taighde Riaracháin  niamhdaly@ucc.ie
Eilís Ní Chinnéide Taighde Riaracháin eilishkennedy@ucc.ie
An Dr Pól Ó Bolgúir Comhairleoir Acadúil p.bolger@ucc.ie
An tOll. Éamonn Ó Broin Comhairleoir Acadúil e.byrne@ucc.ie 
An Dr Fatemeh Kavousi Comhairleoir Acadúil fatemeh.kavousi@ucc.ie
An Dr Ailín Ó Muireasáin Comhairleoir Acadúil a.morrison@ucc.ie

 

Foireann Ollscoil Aberystwyth

An Dr Dylan Gwynn-Jones Comh-Phríomhimscrúdaitheoir dyj@aber.ac.uk 
Lesley Langstaff Uas.  Bainisteoir Tionscadail Áitiúil  lkl1@aber.ac.uk 
An Dr Gruffydd Lloyd-Jones Taighdeoir Iardhochtúireachta   glj16@aber.ac.uk 
An tUas. Bob Jacques Theichniúil rgj2@aber.ac.uk
An Dr Sarah Dalesman Comhairleoir Acadúil sad31@aber.ac.uk
An Dr Paul Robson  Comhairleoir Acadúil  ppr@aber.ac.uk
An Dr John Scullion  Comhairleoir Acadúil  jos@aber.ac.uk

 

An tOllamh Marcel Jansen

Post: Príomhimscrúdaitheoir

R-phost: m.jansen@ucc.ie

Brainwaves Principal Investigator

D’fhás Marcel aníos san Ísiltír ach chuir seisean agus a theaghlach fúthu i gCorcaigh Thuaidh sa bhliain 2003, tar éis dó obair i bpoist sa Ríocht Aontaithe, sa Bheilg, sa Ghearmáin, in Iosrael agus san Eilvéis. Agus é san Ísiltír, rinne Marcel staidéar ar ghairneoireacht ag Ollscoil Talmhaíochta Wageningen ós rud é gur nithe a bhfuil dúspéis aige iontu agus gur láidreachtaí dá chuid iad plandaí a fhás agus garraíodóireacht. I gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, glacann Marcel páirt i dtaighde agus teagasc ar thopaicí a bhaineann le fás plandaí a bhainistiú (féach an Grúpa Plant Stress, an phróifíl taighde agus na foilseacháin de chuid Marcel chun tuilleadh faisnéise a fháil).   

Le deich mbliana anuas, tá Marcel ag obair ar úsáid a bhaint as an ros lachan Éireannach dúchasach mar bharr nuálach beatha atá ar mhórán próitéine is féidir a úsáid in ionad soighe iompórtáilte in Éirinn. D’fhorbair Marcel saineolas ar an ros lachan a fhás ar shruthanna dramhaíola éagsúla. Gnóthaíodh taithí phraiticiúil ar an ros lachan a fhás i ngoradán cruachta istigh trí fhuíolluisce próiseála déiríochta a úsáid. Ar an leibhéal feirme, gnóthaíodh taithí ar an ros lachan a fhás ar heicteár amháin de chainéil tréshreafa amuigh, agus iad ceangailte le feirm éisc i gContae Uíbh Fhailí. 

Tá Marcel i gceannas ar an tionscadal Brainwaves, a thugann eolaithe ó Ollscoil Aberystwyth agus ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, le chéile. Is mian go mór leis an bhfoireann labhairt le geallsealbhóirí tionsclaíocha a bhfuil saineolas acu ar an hidreaponaic, ar bhraiteoirí, ar an solas, ar bheathaí talmhaíochta agus ar an bhfeirmeoireacht. Más mian leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de ghníomhaíochtaí tionscadail Brainwaves, déan teagmháil le Marcel go neamhfhoirmiúil ar m.jansen@ucc.ie  

An Dr Dylan Gwynn-Jones

Post: Comh-Phríomhimscrúdaitheoir

R-phost: dyj@aber.ac.uk

Tógadh Dylan Gwynn-Jones i nGleanntán Clwyd i bpobal dátheangach tuaithe agus feirmeoireachta. Rinne sé staidéar ar Bhitheolaíocht in Ollscoil Bangor, agus chuir sé Ph.D. i gcrích in Ollscoil Bangor i gcomhpháirt leis an Ionad Éiceolaíochta agus Hidreolaíochta, Dún Éideann, ina dhiaidh sin. Bíonn sé ag díriú i gcónaí ar éicifiseolaíocht plandaí mar ábhar spéise agus, le linn na 1990í, chuir sé poist i gcrích in Ollscoil Mhanchain agus in Ollscoil Sheffield. Fiosraíodh sa dá phost sin ar an tionchar atá ag leibhéil ardaithe CO2 agus ag leibhéil bhreisithe UV-B ar phobail phlandaí ardleithid. Ceapadh Dylan ina dhiaidh sin mar Léachtóir, mar Léachtóir Sinsearach agus ansin mar Léitheoir in Éiceolaíocht in Ollscoil Aberystwyth. 

Tá éagsúlacht tagtha ar a réimsí spéise taighde in éicifiseolaíocht plandaí agus i strusairí comhshaoil agus oibríonn sé anois i ndlúthchomhar leis an lucht tionscail in earnáil na Gairneoireachta, in earnáil na Talmhaíochta agus san earnáil tráchtála. Tá méadú tagtha ar fheidhm a thuisceana ar strusairí planda, rud a d’eascair as a luathobair ar athruithe comhshaoil, agus úsáideann sé strusairí rialaithe anois chun táirgeacht agus cáilíocht na mbarr a fheabhsú. Cuireann sé chun cinn an gá le dramhaíl a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus le glacadh leis an ngeilleagar ciorclach, rud a iompaíonn dramhaíl ina hacmhainn agus ina deis.    

Is féidir amharc ar phróifíl taighde Dylan anseo, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag an seoladh seo: dyj@aber.ac.uk 

An Dr Merve Sasmaz Kislioglu

Post: Taighdeoir Iardhochtúireachta

R-phost: msasmazkislioglu@ucc.ie

Is as an Tuirc do Merve. Tar éis di céim a bhaint amach in Innealtóireacht Comhshaoil, rinne sí staidéar ar leibhéil tógála miotail throm i measc Lemna minor agus Lemna gibba mar chuid dá céad mháistreacht san eolaíocht (MSc). Mar chuid den dara MSc a rinne sí, rinne sí scrúdú ar an difear a dhéanann cumraíochtaí difriúla locháin do phatrúin sreibhe trí úsáid a bhaint as uirlis CFD. Chríochnaigh sí a dochtúireacht sa bhliain 2021, áit ar dhírigh sí ar an gcumas carntha miotail throm atá ag speicis dhifriúla mhacraifíte a fhásann i limistéir éagsúla scaoilte.

Tá taithí ceithre bliana ag Merve mar innealtóir san Aireacht Talmhaíochta agus Foraoiseachta sa Tuirc freisin, áit ar dhírigh sí ar phleananna le haghaidh abhantracha uisce óil a chosaint. I measc na réimsí spéise taighde atá ag Merve tá leasúchán, cáilíocht an uisce, plandaí uisceacha, cosaint abhantrach, agus dinimic ríomhaireachtúil na sreabhán.

Is é an ról atá aici i dtionscadal Brainwaves ná anailís a dhéanamh ar an tionchar a imríonn dálaí comhshaoil ar chothú ros lachan agus feabhas a chur ar a éifeachtúla atá córais fáis laistigh/lasmuigh.

Is féidir amharc ar fhoilseacháin Merve ar a próifíl ar ResearchGate

Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Merve maidir lena taighde do thionscadal Brainwaves nó maidir leis na réimsí spéise taighde eile atá aici, seol ríomhphost chuici ag msasmazkislioglu@ucc.ie

An Dr Gruffydd Lloyd-Jones

Post: Taighdeoir Iardhochtúireachta

R-phost: glj16@aber.ac.uk

Brainwaves Post Doctoral Researcher Dr Gryffydd Jones

Is as cúlra feirmeoireachta i Leithinis Llyn sa Bhreatain Bheag thiar thuaidh ó dhúchas do Gruff. I measc a bhall teaghlaigh tá feirmeoirí mairteola agus feirmeoirí déiríochta, rud a fhágann go sealbhaíonn sé eolas praiticiúil ar an tionscal agus tuiscint ar na dúshláin atá os comhair an tionscail. 

Chuir Gruff PhD i gcrích in Ollscoil Aberystwyth, áit a ndearna sé taighde ar an dóigh a ndéanann Rhododendron ponticum, ar tor ionrach é, difear do phobail mhiocróbacha ithreach agus do phróisis amhail dianscaoileadh ábhair orgánaigh agus timthriall cothaitheach. Tar éis dó a PhD a chur i gcrích, d’oibrigh sé d’Údarás Pháirc Náisiúnta Snowdonia, áit ar chabhraigh sé le húinéirí talún speicis ionracha ar a dtalamh a dhíothú. Comhlíonann sé an ról mar chomhlach taighde sa tionscadal Brainwaves, áit a ndéanann sé formhaoirseacht ar chórais fáis ros lachan amuigh agus istigh a fhorbairt. 

Is féidir amharc ar fhoilseacháin Gruff ag https://www.researchgate.net/profile/Gruffydd_Jones2 agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: glj16@aber.ac.uk

An tUas. Bob Jacques

Post: Theicniúil

R-phost: rgj2@aber.ac.uk

Is as Forest of Dean ó dhúchas do Bob. Tá cónaí air in Ceredigion, ar limistéar tuaithe é, le breis agus 30 bliain anuas.

Tá sé ag obair le gnólachtaí beaga múirínithe le deich mbliana anuas, agus é ag forbairt meáin fáis atá saor ó mhóin bunaithe ar aoileach agus coighir atá péistmhúirínithe agus ag margú na meán sin. Tháinig Bob go hOllscoil Aberystwyth den chéad uair sa bhliain 2017 chun taighde a dhéanamh ar éiceolaíocht agus úsáid ghortóireachta an phéistmhúirín (tráchtas MPhil agus alt irisleabhair). Shealbhaigh sé roinnt post teicneora ag an Ollscoil ó shin i leith, agus iad ag baint le hithreacha talmhaíochta agus le córais fáis. Ag obair dó san earnáil phríobháideach agus san earnáil threasach araon, d’oibrigh Bob i réimse an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta ar feadh na coda is mó dá ghairm, agus é ag cur lena bhuneolas acadúil i measúnú agus forbairt acmhainní nádúrtha (MSc ó Ollscoil East Anglia) agus i zó-eolaíocht (Ollscoil Oxford).

Siobhán Ní hUigínn Uas.

Post: Bainisteoir Tionscadail

R-phost: siobhan.higgins@ucc.ie

D’fhás Siobhán aníos i gContae Chill Chainnigh in Éirinn. Cónaíonn sí lena teaghlach i gCarraig Uí Leighin, ar an taobh theas de Chathair Chorcaí, faoi láthair. Bhain sí PhD sa Chothú amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, sular bhog sí go hAlbain chun obair mar léachtóir ag Ollscoil Ghlaschú ar feadh ocht mbliana. Thóg sí sos gairme ansin chun clann a thógáil. Tar éis di filleadh ar ais ar Chorcaigh, d’oibrigh sí i bpoist éagsúla pháirtaimseartha taighde agus riaracháin taighde ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Áiríodh leo sin tionscadal ODIN, tionscadal ar chistigh an tAontas Eorpach é, a bhainistiú agus faisnéis a scaipeadh faoi. Chuir sí Teastas i mBainistíocht Tionscadal i gcrích agus tá sí ag déanamh staidéar ar Dhioplóma san Aeráid agus san Inbhuanaitheacht faoi láthair. Baineann Siobhán taitneamh as an ngarraíodóireacht, as an siúl agus as leadóg a imirt.

Tá sí ina Bainisteoir Tionscadail ar an tionscadal Brainwaves. Dá mba mhaith leat teagmháil a dhéanamh le Siobhán i ndáil le haon ghné den tionscadal, seol ríomhphost chuici ag siobhan.higgins@ucc.ie.

Lesley Langstaff Uas.

Post: Bainisteoir Tionscadail Áitiúil 

R-phost: lkl1@aber.ac.uk

D’fhás Lesley aníos i gceantar tuaithe Oxfordshire agus bhog sí chun na Breataine Bige Thiar 30 bliain ó shin. Cónaíonn sí pas beag ó thuaidh ó Aberystwyth lena teaghlach agus le roinnt bheag sicíní.  Cé go bhfuair sí oiliúint ar dtús mar altra Obrádlainne, chinn sí filleadh ar an oideachas agus chuir sí céim BSc i mBainistíocht Acmhainní Tuaithe i gcrích sa bhliain 1995. Sa bhliain deiridh dá céim, rinne sí speisialtóireacht i dtalmhaíocht orgánach agus caomhantas, ar lena linn a cheangail sí ábhair iontacha na ndrúchtíní agus an sciodair le chéile ina tráchtas deiridh! 

Ón uair a bhain sí céim amach i leith, tá Lesley ag obair ar raon leathan tionscadal mar thaighdeoir agus, le blianta beaga anuas, mar bhainisteoir tionscadail ar thionscadail arna gcistiú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus mar riarthóir tionscadail ar thionscadal de chuid Fís 2020. Is é a ról in Brainwaves ról Bainisteoir Tionscadail Áitiúil  d’fhoireann Ollscoil Aberystwyth, atá lonnaithe in IBERS. 

Más mian leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de na gníomhaíochtaí for-rochtana beartaithe de chuid an tionscadail Brainwaves sa Bhreatain Bheag, déan teagmháil le Lesley ag lkl1@aber.ac.uk

Uas. Eilís Ní Chinnéide

Cúntóir Teicniúil Taighde

E: eilishkennedy@ucc.ie

Bhain Eilish céim amach ó Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha, na nDomhaneolaíochtaí agus na nEolaíochtaí Comhshaoil, UCC, le déanaí. Rinne sí staidéar ar eolaíocht an chomhshaoil, agus í ag gnóthú spéis ar leith sa talmhaíocht inbhuanaithe. Is as Tiobraid Árann do Eilish agus tá cónaí uirthi i gCorcaigh ón mbliain 2018 i leith.

Tugann Eilish cúnamh do na baill eile den fhoireann Brainwaves i ndáil le hobair saotharlainne, le bailiú samplaí, etc. Tá súil aici a céim PhD féin i dtaighde ros lachan a thosú sna míonna atá romhainn.

Niamh Ní Dhailígh Uas.

Post: Cúntóir Taighde Riaracháin

R-phost: niamhdaly@ucc.ie

Is as Corcaigh Thiar ó dhúchas do Niamh agus chaith sí breis agus 10 mbliana i mbun oibre agus taistil san Astráil. Cónaíonn sí anois i mbruachbhailte iartharacha Chathair Chorcaí lena muintir. Bhíodh seantuismitheoirí Niamh ina bhfeirmeoirí curaíochta ó Chill Chainnigh. Dá bharr sin, chaith sí roinnt de shamhraí a hóige ag tabhairt cabhrach ar an bhfeirm le linn fómhair. 

Tá cáilíocht iarchéime i Seandálaíocht ag Niamh agus tá obair déanta aici ar thionscadail tochailte atá faoi stiúir ag taighde agus ar thionscadail tochailte tráchtála ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Le blianta beaga anuas, tá Niamh ag obair i riarachán acadúil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is ról páirtaimseartha é a ról sa tionscadal Brainwaves agus is é atá i gceist leis formhaoirseacht a dhéanamh ar thuairisciú airgeadais agus bainistíocht airgeadais ghníomhaíochtaí for-rochtana an tionscadail. 

Más mian leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de na gníomhaíochtaí for-rochtana beartaithe de chuid an tionscadail Brainwaves nó teagmháil a dhéanamh linn maidir le páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíochtaí for-rochtana, seol ríomhphost chuig Niamh ag niamhdaly@ucc.ie

An Dr Pól Ó Bolgúir, UCC

Post: Comhairleoir Acadúil

R-phost: p.bolger@ucc.ie

Bainisteoir ar an Institiúid um Thaighde Comhshaoil in UCC is ea an Dr Pól Ó Bolguidhir. Tá aige céim PhD i gCeimic agus céim Máistreachta i Riarachán Gnó. Tá sé ag obair sa saol léinn agus i réimse na tionsclaíochta agus an rialtais le breis agus 25 bliana anuas, agus é ag forbairt réitigh fhadtéarmacha taighde ar dhúshláin dhomhanda inbhuanaitheachta.  

I láthair na huaire, tá sé ar an bPríomh-imscrúdaitheoir ar roinnt tionscadal taighde a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an ngeilleagar ciorclach, lena n-áirítear Imagining2050, ar tionscadal é atá ag samhlú conairí le haghaidh Éire atá saor ó charbón a bhaint amach, agus NEWTRIENTS, ar tionscadal é atá ag fiosrú luachshocrú fhuíolluisce an tionscail déiríochta.  Tá spéis ag Pól sa dóigh ar féidir cineálacha idirdhisciplíneacha agus trasdisciplíneacha a úsáid chun a chinntiú go mbeidh torthaí níos éifeachtaí ar an taighde comhshaoil agus inbhuanaitheachta.  

Teagascann sé modúl ar Cheannaireacht le haghaidh Inbhuanaitheachta mar chuid den Ard-Dioplóma um Inbhuanaitheacht san Fhiontraíocht in UCC. Is scoláire é de chuid Chlár Fulbright idir SAM agus Éire agus is comhalta é de Choiste Acadamh Ríoga na hÉireann um Athrú Aeráide agus Eolaíochtaí Comhshaoil.  

Maidir leis an tionscadal Brainwaves, tá spéis ag an Dr Ó Bolguidhir sa dóigh ar féidir scálú agus tráchtálú a dhéanamh ar theicneolaíochtaí a bhfuil mar aidhm leo an lúb ar shruthanna fuíolluisce a dhúnadh. 

An tOll. Éamonn Ó Broin, UCC

Post: Comhairleoir Acadúil

R-phost: e.byrne@ucc.ie

 

Ollamh le hInnealtóireacht Próisis agus Cheimiceach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), is ea Éamonn Ó Broin. Mar Phríomhimscrúdaitheoir de chuid na hInstitiúide um Thaighde Comhshaoil in UCC, baineann a réimsí spéise taighde le hinbhuanaitheacht, le cineálacha cur chuige ildisciplíneach agus le hábhar cuí ón innealtóireacht agus ón oideachas innealtóireachta. Rinne sé comheagarthóireacht ar dhá leabhar sa réimse sin (Transdisciplinary Perspectives on Transitions to Sustainability (Routledge 2017), agus Metaphor, Sustainability, Transformation: Transdisciplinary Perspectives (Routledge, 2021)). Chomh maith leis sin, rinne sé taighde ar an tsreabhmheicnic, rud a theagascann sé freisin, agus ar an dóigh a ndéanann patrúin sreafa sreabháin difear do threalamh agus córais sa phróiseas agraibhia, rud atá taobh thiar dá chuid oibre le Brainwaves.  

Féach próifíl iomláin Éamoinn ag an nasc seo: http://publish.ucc.ie/researchprofiles/D015/ebyrne    

Dr Fatemeh Kavousi, UCC

Post: Comhairleoir Acadúil

R-phost: fatemeh.kavousi@ucc.ie

Fatemeh joined UCC’s Process and Chemical Engineering Department as the Eli Lilly lecturer in Biochemical/Biopharmaceutical Engineering in 2019. She obtained her BE and ME in Chemical Engineering from Iran University of Science and Technology (IUST) in 2007 and 2011, respectively. Starting during her undergraduate studies, Fatemeh fulfilled various roles in Polymer industries and research institutes for over 6 years. In 2012, she was awarded the IRC Embark Initiative PhD Scholarship which facilitated her PhD research on ‘Hydrodynamics and Mass Transfer Analysis of PDMS Hollow Fibre Membranes Modules’ in UCD under the supervision of Prof. Eoin Casey. Following the completion of her PhD, she took on the role of Assistant Professor in UCD’s School of Chemical & Bioprocess Engineering where she was responsible for undergraduate and postgraduate modules. Fatemeh’s main research interests are Fluid Dynamics and Membrane Separation Processes with a focus on Biochemical and Biopharmaceutical Processes.

See Fatemeh's full profile here.

Dr. Kavousi lends expertise to the Brainwaves project in the areas of biochemical engineering and fluid dynamics, and as co-supervisor on technical elements of the indoor system design.

An Dr Ailín Ó Muireasáin, UCC

Post: Comhairleoir Acadúil

R-phost: a.morrison@ucc.ie

Bhain Ailín céim céadonóracha in Innealtóireacht Leictreach amach as UCC sa bhliain 1992. Chuir sé a PhD i gcrích sa Lárionad Náisiúnta um Thaighde Micrileictreonaice (NMRC) i gCorcaigh agus i Saotharlanna Taighde Philips in Eindhoven. Chríochnaigh sé sa bhliain 1997 le miontráchtas i réimse na léasar is leathsheoltóirí.  D’oibrigh sé mar Eolaí Taighde in NMRC, áit a raibh freagracht air as fótónaic sileacain, go háirithe as brathadóirí aonfhótóin agus feistí fótavoltacha a fhorbairt.  

Chuaigh sé isteach in UCC mar acadóir sa bhliain 1998. Tugadh ardú céime chuig ról an Léachtóra Shinsearaigh dó sa bhliain 2006 agus chaith sé dhá théarma mar Dhéan Innealtóireachta ón mbliain 2012 go dtí an bhliain 2018. I láthair na huaire, tá sé ar an Leas-Déan um Ghnóthaí Fochéime sa Choláiste Eolaíochta, Innealtóireachta agus Eolaíocht Bia. 

Ar na réimsí spéise taighde atá ag Ailín tá brathadóireacht aonfhótóin, brathadóirí optúla, dé-óidí astaithe solais, fótavoltachas, dearadh ciorcad agus úsáid teicneolaíochtaí optaileictreonacha.  

Is comhPhríomh-imscrúdaitheoir ar Fhondúireacht Eolaíochta Éireann leis an Oll. Marcel Jansen é, áit a bhfuil freagracht air as forbairt a dhéanamh ar shoilsiú cliste ina gcuimsítear foinsí ultraivialaite chun imscrúdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag tonnfhaid éagsúla ultraivialaite ar fhreagairt plandaí agus ar fhorbairt plandaí.  D’fhéadfadh an obair sin deiseanna a chruthú le haghaidh táirgeadh feabhsaithe barr i dtimpeallachtaí faoi dhíon agus, ar an mbealach sin, d’fhéadfadh sí dul i ngleic le fadhbanna domhanda amhail slándáil an tsoláthair bhia a chinntiú agus astaíochtaí CO2 a laghdú.  

Tá roinnt gradam príomh-imscrúdaitheora bainte aige ó Fhiontraíocht Éireann agus ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann le fiche bliain anuas. Tá an-chuid saothair uaidh foilsithe i bpríomh-irisleabhair Innealtóireachta agus in imeachtaí comhdhála agus taitníonn leis tabhairt faoi thaighde comhoibríoch agus ildisciplíneach. Tá spéis ar leith aige i bhforbairt a dhéanamh ar réitigh innealtóireachta lena gcumasaítear taighde i ndisciplíní eile. 

Maidir leis an tionscadal Brainwaves, tá Ailín ag rannchuidiú le córas uathbhainte ros lachan a fhorbairt, anuas ar thacaíocht ghinearálta a thabhairt i réimse an tsoilsithe LED. 

An Dr Sarah Dalesman, AU

Post: Comhairleoir Acadúil

R-phost: sad31@aber.ac.uk

D’fhás Sarah aníos i bpobal tuaithe in Yorkshire Thuaidh. Chónaíodh sí in Albain, san Astráil, i gCeanada agus, rud ba dhéanaí fós, in Devon, sular bhog sí chuig Aberystwyth sa Bhreatain Bheag. Tá PhD ag an Dr Sarah Dalesman in éiceolaíocht iompraíochta seilidí uisceacha. Chuaigh sí isteach san Institute of Biological, Environmental and Rural Sciences in Ollscoil Aberystwyth sa bhliain 2014 mar léachtóir le bitheolaíocht fionnuisce. Tá taithí thaighde 15 bliana aici ar obair le speicis fionnuisce, agus speisialtóireacht á déanamh aici ar oiriúnú pobal agus ar fhreagairtí do strus na timpeallachta. Ina cuid oibre roimhe sin ar chórais talmhaíochta, díríodh ar a dhéanamh amach cé na tionchair ar éiceolaíocht pobal agus ar tharchur paraisítí atá ag bainistíocht gnáthóg fionnuisce ar thalamh talmhaíochta. Áirítear leis an taighde reatha atá ar bun aici meastóireacht a dhéanamh ar fhás Lemna ar fud grádáin chomhshaoil. Suíomhanna Gréasáin:  

https://www.researchgate.net/profile/Sarah_Dalesman  

https://www.linkedin.com/in/sarah-dalesman-61bb3561/  

https://www.aber.ac.uk/en/ibers/staff-profiles/listing/profile/sad31/ 

Comhlíonann sí a ról mar chuid den fhoireann in Ollscoil Aberystwyth. Áirítear na nithe seo lena réimsí spéise sa tionscadal: ionchuir i ndearadh córais amuigh faoin spéir chun maolú a dhéanamh ar aon bhagairtí agus rioscaí a eascraíonn as coilíniú inveirteabrach, agus measúnú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfadh an córas éifeachtaí an truaillithe agus eotrófú córas fionnuisce in aice feirmeacha a mhaolú. Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig Sarah ag sad31@aber.ac.uk 

 

An Dr Paul Robson, AU

Post: Comhairleoir Acadúil

R-phost: ppr@aber.ac.uk

Is bitheolaí plandaí é Paul agus tá sé ag obair in Ollscoil Aberystwyth le breis agus 20 bliain anuas. D’oibrigh sé in Ollscoil Warwick agus in Ollscoil Leicester freisin, áit ar fhorbair sé an spéis atá aige san fhótai-bhitheolaíocht agus i dtionchair inbhuanaithe a sholáthar trí bhitheolaíocht plandaí. Tá páirt glactha aige i roinnt tionscadal a reáchtáladh i gcomhar leis an tionscadal chun plandaí a fhorbairt le haghaidh úsáidí éagsúla, lena n-áirítear fuinneamh, ceimiceáin agus bia cothaitheach. Tá an taighde reatha atá ar bun aige ag díriú ar bhithfhoinsí in-athnuaite bithmhaise agus talmhaíocht timpeallachta rialaithe a fhorbairt. Tá sé ag baint leas as an dá réimse taighde sin ina ról sa tionscadal Brainwaves, áit a bhfuil sé ina chuid den fhoireann atá ag forbairt córais fáis le haghaidh Lemna agus ag forbairt úsáid Lemna san fheirmeoireacht agus sa tionsclaíocht.

https://www.researchgate.net/profile/Paul_Robson5 

An Dr John Scullion, AU

Post: Comhairleoir Acadúil

R-phost: jos@aber.ac.uk

Is as Béal Feirste ó dhúchas do John ach tá sé ina chónaí sa Bhreatain Bheag le thart ar 40 bliain anuas. Ba in Swansea a chónaigh sé ar dtús ach tá sé ina chónaí in Aberystwyth le 30 bliain anuas. Bhíodh sé ina bhainisteoir tionscadail ar fheirm thurgnamhach mairteola agus caorach a bunaíodh ar thalamh mianaigh athchóirithe. Reáchtáiltí an fheirm mar fhiontar tráchtála, agus é mar aidhm leis na fionnachtana ó cheapacha taighde a chur ar áireamh i gcóras inmharthana talmhaíochta lena gcuirfí próiseas inbhuanaithe athshlánúcháin ithreach chun cinn. 

Rinne an Dr John Scullion staidéar ar chéim in Eolaíocht Chomhshaoil ar champas Ollscoil Uladh i gCúil Raithin. Rinne sé staidéar in Ollscoil Aberystwyth le haghaidh a chúrsa PhD ina dhiaidh sin. Is Léitheoir in Ithireolaíocht in IBERS, Aberystwyth, é John. Ghnóthaigh sé a PhD as an taighde a rinne sé ar an athchóiriú ithreacha ar iarláithreáin mianaigh dromchla agus bhainistíodh sé an tionscadal sin arna chistiú ag Gual na Breataine ar fheirm thurgnamhach mairteola agus caorach sa Bhreatain Bheag Theas ar feadh tréimhse deich mbliana. Tá ábhair spéise fhadréimseacha taighde aige in ithireolaíocht agus i mbainistíocht ithreach. Rud atá ábhartha go háirithe don tionscadal Brainwaves is ea an obair ar shlodaí camrais a úsáid in athchóiriú talún, ar láisteáití líonadh talún a chóireáil agus ar dhíleáiteán anaeróbach a úsáid sa talmhaíocht. I láthair na huaire, tá sé ina Leas-Eagarthóir ar an European Journal of Soil Science. Baineann a ról leis an tionscadal Brainwaves go príomha le ceimic agus cóireáil na dramhaíola talmhaíochta agus le húsáid fhéideartha na n-acmhainní sin sa talmhaíocht. 

De bhreis ar phróifíl ghníomhach taighde a bheith aige, teagascann John topaicí ceimice, ithireolaíochta agus truaillithe ar gach leibhéal de chúrsaí fochéime agus ar scéimeanna Máistreachta múinte. Tá breis agus 100 saothar taighde foilsithe ag John. Cumhdaítear iontu raon leathan topaicí a bhaineann le hithir agus le truailliú. De bhreis ar an tionscadal Brainwaves, áirítear na nithe seo leis na tionscadail taighde a bhfuil sé ag obair orthu faoi láthair nó a raibh sé ag obair orthu le déanaí: FLEXIS (ceapadh carbóin in ithreacha), PROSOIL (bainistíocht talmhaíochta ithreacha chun a sláinte a chur chun cinn), Féarach atá Cliste ó Thaobh na hAeráide de (maolú thionchair an athraithe aeráide ar chórais plandaí ithreach) agus ithreacha i San Héilin a mhapáil chun críocha pleanála agus caomhantais.  

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr