Faisnéis faoin tionscadal

An talmhaíocht agus an bhainistíocht dramhaíola 

Tá an talmhaíocht in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag araon comhdhéanta de thionscail láidre déiríochta agus mhairteola. Is táirgeoirí móra agus iompórtálaithe móra chuig margaí domhanda iad na tionscail sin. Anuas air sin, is fostóirí móra tuaithe iad. I láthair na huaire, is ann do thart ar 1.4 milliún bó dhéiríochta in Éirinn agus 0.5 milliún bó dhéiríochta sa Bhreatain Bheag agus eisfhearann na ba sin idir 40 kg agus 60 kg de shalachar in aghaidh na bó in aghaidh an lae. Bíonn solaid orgánacha, nítrigin, potaisiam agus fosfáit ar áireamh sa salachar. Bíonn costais mhóra don fheirmeoir i gceist leis an acmhainn sin a stóráil agus a bhainistiú tuilleadh. 

Truailliú na n-éiceachóras uisceach 

Mórbhagairt ar an mbithéagsúlacht agus ar inbhuanaitheacht na bpobal ar fud an domhain is ea truailliú na n-éiceachóras uisceach. Tagann fás algach agus baictéarach millteanach as scaoileadh iomarcach na n-eisilteach atá ar mhórán nítrigine agus fosfair isteach inár gcuid sruthanna, aibhneacha, lochanna agus inbhear, agus tagann ídiú ocsaigine istigh san uisce chun cinn dá bharr sin. Is féidir leis an díghrádú comhshaoil iarmhartach orgánaigh uisceacha amhail inveirteabraigh agus éisc a mharú. Déanann sé sin difear diúltach don fháil choitianta ar na príomhsheirbhísí éiceachórais a mbímid uile ag brath orthu. Ós rud é go meastar go dtiocfaidh méadú ar an táirgeadh domhanda bia, is gá astaíochtaí carbóin na talmhaíochta a laghdú mar bheart práinne, agus cáilíocht an uisce agus an bhithéagsúlacht á gcosaint ag an am céanna. Táthar ag tosú ar na bagairtí sin a phlé i gcomhráite náisiúnta. Tá a lán oibre le déanamh fós, áfach. 

Agus is é sin an ról atá ag Brainwaves! 

An Geilleagar Ciorclach 

Is minic a thugtar an Geilleagar Ciorclach ar chórais táirgthe lúbiata. Is é atá i gceist leis an gcur chuige sin íoslaghdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as amhábhair ionchurtha agus ar na haschuir a chailltear trí aisghabháil dramhaíola. Mar achoimre, is é an cuspóir an dramhaíl atá ann cheana a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil. Cuid thábhachtach den obair sin is ea luachshocrú, i.e. táirgí luachmhara a fháil ó dhramhaíl. 

Teicneolaíochta nuálacha agus plandaí míorúilte 

Planda atá dúchasach d’Éirinn agus don Bhreatain Bheag is ea an ros lachan (Lemna minor). Tá an ros lachan i measc na bplandaí is tapa fás ar Domhan, bíonn sé fulangach ó thaobh amóiniam (atá i láthair i ndramhaíl feirme) de agus táirgeann sé aimínaigéid riachtanacha. Tá fianaise ann go bhfásann an ros lachan ar shruthanna éagsúla dramhaíola ónar féidir leo cothaithigh phlanda a iontógáil, rud lena laghdófar na leibhéil chothaithigh i bhfuíolluiscí. Is bunábhar luachmhar atá sa bhithmhais ros lachan ardphróitéine a thagann as. D’fhéadfaí an bunábhar sin a chur in ionad an phlanda pónairí soighe iompórtáilte, rud a laghdódh an spleáchas a bhíonn ag feirmeoirí ar bheatha iompórtáilte. Ar an mbealach sin, is bainteach le leasú comhshaoil atá táirgeadh beatha talmhaíochta atá ar ardluach agus ar mhórán próitéine. Is ionann é sin agus an Geilleagar Ciorclach i mbun gnímh. 

Leas a bhaint as an nGeilleagar Ciorclach d’fheirmeoirí 

Agus forbairt á déanamh aige ar an taighde atá ann cheana, forbróidh Brainwaves teicneolaíochtaí atá nuálach agus inmharthana ar bhonn eacnamaíoch chun an ros lachan coiteann a fhás ar dhramhaíl feirme agus na teicneolaíochtaí sin a chomhtháthú le dálaí áitiúla d’fheirmeoirí in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Agus leas á bhaint againn as an spéis mhór atá ag an tsochaí san inbhuanaitheacht agus as an dul chun cinn ar an teicneolaíocht fáis, forbróimid córais taispeána istigh agus amuigh chun uasmhéadú a dhéanamh ar fhás ros lachan agus ar an acmhainn fítileasúcháin, rud a thógtar i gcomhar le fiontair bheaga agus mheánmhéide in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. 

Fásfar barra ros lachan i gcórais ísealchostais linne amuigh atá trealmhaithe le braiteoirí le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chothaithigh (Pacáiste Oibre 2) nó i gcórais hidreaponacha atá faoi rialú ag an aeráid, atá soilsithe ag soilse LED agus atá cruachta go hingearach (Pacáiste Oibre 3). Tabharfaidh BRAINWAVES tacaíocht agus treoir d’fheirmeoirí agus d’úsáideoirí deiridh eile maidir le conas na córais sin a úsáid. Taispeánfar do gheallsealbhóirí le linn na gceardlann taispeána conas is féidir leas a bhaint as córais atá bunaithe ar an ros lachan chun uiscí éillithe a ghlanadh. Déanfar dóigheanna nuálacha ar féidir an bhithmhais ros lachan a úsáid a fhiosrú freisin trí chomhoibriú le geallsealbhóirí i dtionscal na beatha (Pacáiste Oibre 5). 

 

Achoimre ar an gcur chuige lúibe iata a ghlacann Brainwaves

Fadhb

· Tá dramhaíl feirme costasach le stóráil agus rialáiltear go trom í

· Is féidir léi damáiste a dhéanamh don chomhshaol má scaoiltear go míchuí í

· Tá iarrachtaí láidre ar bun ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE chun truailliú eisiltigh a laghdú i   ndobharlaigh

Smaoineamh

· Tá nasc ag ‘planda míorúilte’ an rois lachan (lemna minor) le leasú fuíolluisce

· Fásann an ros lachan go tapa agus tá sé dúchasach d’Éirinn agus don Bhreatain Bheag

· Tá an ros lachan le fás ar fhuíolluisce i gceann dár saoráidí a tógadh le sainchuspóir ar an láithreán

· Déanann ár bhfoireann eolaithe plandaí córais fáis faoi dhíon agus faoin spéir a fhorbairt agus a bharrfheabhsú

Torthaí

· Iontógann an ros lachan cothaithigh (níotráití agus fosfáití) ón sruth dramhaíola de réir mar a fhásann sé

· Athshlánaítear cothaithigh i riocht bithmhais ros lachan

· Féachtar le córas samhla inoibrithe a fhorbairt d’fheirmeacha

Aschuir

· Fuíolluisce glanta (lena athúsáid nó lena scaoileadh)

· Fotháirge luachmhar (foinse beatha ar mhórán próitéine ón mbithmhais ros lachan), laghdú ar an spleáchas atá ag feirmeoirí ar bhianna ainmhithe atá déanta as pónairí soighe iompórtáilte

· Ceapadh carbóin

Stocshaothráin ros lachan in UCC

Stocshaothráin ros lachan in UCC

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr