Geallsealbhóir

Táimid ag tabhairt cuireadh d’fhiontair leasmhara éirí ina ngeallsealbhóirí sa tionscadal Brainwaves

Inquisitive Cow?

CCanna

Cé a fhéadfaidh a bheith ina gheallsealbhóir?

1. Feirmeoirí agus fiontair agus eagraíochtaí san earnáil talmhaíochta

2. Fiontair bheaga agus mheánmhéide (an earnáil agraibhia; na hearnálacha gairneoireachta agus múirín)

3. Fiontair bheaga agus mheánmhéide (dearadh agus innealtóireacht; cianbhraiteacht; forbairt braiteoirí agus soilse)

4. Fiontair agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cáilíocht an uisce

 

Cuireann Clár na hÉireann-na Breataine Bige cistiú atá sonrach don réigiún chun feidhme. Dá bhrí sin, ba mhaith linn geallsealbhóirí leasmhara a mhealladh ó na réigiúin seo a leanas –

Éire: Ceatharlach, Corcaigh, Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire/Ráth an Dúin, Fine Gall, Ciarraí, Cill Dara, Cill Chainnigh, an Mhí, Baile Átha Cliath Theas, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Mhantáin.

An Bhreatain Bheag: Carmarthenshire, Ceredigion, Conwy, Denbighshire, Gwynedd, Flintshire, Oileán Anglesey, Pembrokeshire, Swansea agus Wrexham

Más rud é go bhfuil tú lonnaithe lasmuigh de na réigiúin sin agus go gcreideann tú go bhféadfá féin nó go bhféadfadh d’eagraíocht bheith ábhartha go díreach do Brainwaves, déan teagmháil le hÁine de Paor, an Bainisteoir Tionscadail in Éirinn, ag anna.power@ucc.ie. I gcás ceisteanna ón mBreatain Bheag, déan teagmháil le Lesley Langstaff, Bainisteoir Tionscadail Áitiúil, ag lkl1@aber.ac.uk

 

 

 

Fíor 1: Léarscáil Limistéar Chlár na hÉireann-na Breataine Bige (le caoinchead ó https://irelandwales.eu/)

Cad is geallsealbhóirí ann?

Príomhchuid den tionscadal is ea geallsealbhóirí. Is féidir le geallsealbhóirí róil éagsúla a chomhlíonadh: is féidir leo a bheith ina saineolaithe earnála ar féidir leo aiseolas luachmhar a thabhairt don fhoireann tionscadail ar threo an tionscadail, is féidir leo rannchuidiú le réitigh theicneolaíochta a fhorbairt, nó is féidir leo an tionscadal a óstáil, mar shampla ar fheirm.

Cuirfear grúpa comhairleach geallsealbhóirí ar bun, a thiocfaidh le chéile le linn thréimhse an tionscadail, i mí na Samhna 2022 agus i mí Lúnasa 2023.

Cén sórt ceangaltais atá i gceist?

Gheobhaidh gach geallsealbhóir ár ríomh-nuachtlitir gach sé mhí (is féidir éirí as í a fháil). Sa ríomh-nuachtlitir, tabharfar nuacht faoin tionscadal, faisnéis faoin dul chun cinn agus an t-eolas is deireanaí agus tabharfar cuireadh dóibh freastal ar chruinnithe an ghrúpa chomhairligh geallsealbhóirí. Is féidir go n-iarrfar ort aiseolas ar an tionscadal a sholáthar (e.g. suirbhé a chomhlánú). Ba mhaith linn go mór idirchaidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí ar féidir leo cabhrú le teicneolaíocht a fhorbairt (córais tréshreafa, braiteoirí, foinsí cumhachta in-athnuaite) agus/nó iarrachtaí trialacha a óstáil ar an láthair (e.g. ar fheirmeacha).

Tabharfar cuireadh duit freisin freastal ar imeachtaí for-rochtana poiblí Brainwaves (ceardlanna, cainteanna poiblí, imeachtaí scaipthe) sa bhliain deiridh den tionscadal (2023). Ní chomhroinnfimid ceann ar bith de do shonraí pearsanta gan toiliú.

Tá spéis agam ann fós. Cé ar féidir liom teagmháil a dhéanamh leis nó léi?

Ar dóigh! Déan teagmháil linn

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr