Nuacht

Taighde Ros Lachan agus Feidhmeanna Ros Lachan le haghaidh an Bhithgheilleagair Chiorclaigh in Éirinn

9 Meith 2023
Duckweed Workshop Group Photo

In Éirinn, tá an spéis i dtaighde ros lachan agus feidhmeanna ros lachan ag méadú go seasta le roinnt blianta anuas. Is measartha scaipthe atá na hiarrachtaí taighde agus forbartha, áfach, agus smaointeoireacht chomhleanúnach in easnamh in amanna. Chun príomh-gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile agus chun an saineolas idirnáisiúnta is fearr a thabhairt isteach, eagraíodh ceardlann aonlae ag ar pléadh “Taighde Ros Lachan agus Feidhmeanna Ros Lachan don Bhithgheilleagar Ciorclach in Éirinn” ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, i ndeisceart na hÉireann an 9 Meitheamh 2023.

Tríd is tríd, is é díriú láidir ar an aistriú chuig bithgheilleagar níos ciorclaí atá an spéis i dtaighde ros lachan agus feidhmeanna ros lachan in Éirinn. Is é is bithgheilleagar ciorclach ann ná geilleagar ina n-úsáidtear dramhaíl mar acmhainn. Dá bharr sin, leagadh béim láidir sa cheardlann ar ros lachan (Lemnaceae spp.) a úsáid mar uirlis le haghaidh leasú fuíolluisce agus le haghaidh luachshocrú fuíolluisce, go háirithe i riocht próitéine. Mar a luaigh an tOll. Marcel Jansen (UCC) go mion san aitheasc tosaigh uaidh, is amhlaidh, chun fíorfheidhmeanna tráchtála a dhéanamh de thaighde saotharlannbhunaithe éabhlóideach ar ros lachan, a theastaíonn dlúth-theagmhálacha cómhalartacha i measc gníomhaithe difriúla amhail fiontraithe, déantóirí beartas agus taighdeoirí. Sna focail fáilte uaidh, labhair an tOll. Brian Ó Gallachóir, leasuachtarán comhlach um inbhuanaitheacht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, go sonrach ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh taighde difear don bheartas. Luadh an dlúthnasc leis an mbeartas freisin san aitheasc ó Patrick Barrett ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a leag béim ar fhorbairt bhithgheilleagar na hÉireann agus ar an tacaíocht láidir dó, agus díriú á leagan ar smaointeoireacht agus nuálaíocht shistéamach, ar fhorbairt scileanna, ar fhoinsí nuálacha bithmhaise, ar phróiseáil nuálach acmhainní bitheolaíocha agus ar dhramhaíl nialasach. San aitheasc uaidh, chuir sé in iúl go soiléir go bhfuil taighde ros lachan agus feidhmeanna ros lachan ina réimse a bhfuil gealladh faoi agus atá ailínithe go dlúth leis an gclár oibre náisiúnta maidir leis an mbithgheilleagar. Mar gheall ar an dlúthnasc idir beartais bhithgheilleagair na hÉireann agus beartais bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh, is dea-chomhartha é sin le haghaidh taighde ros lachan agus feidhmeanna ros lachan ar fud na hEorpa.

Láidreacht ar leith atá ag baint le taighde ros lachan is ea an bonn eolais láidir atáthar ag tógáil le breis agus caoga bliain anuas. San aitheasc iomlánach uaidh, d’anailísigh an tOll. Klaus Appenroth (Jena) na dúshláin a bhaineann le ros lachan a fhás amuigh faoin spéir ar mheáin fho-optamacha, amuigh faoin spéir lasmuigh den ghnáthshéasúr fáis agus faoi dhíon in aeráid shaorga. Leag an tOll. Appenroth béim ar roinnt príomhbhearnaí eolais, lenar áiríodh an t-eolas measartha teoranta atá againn ar lotnaidí ros lachan agus ar ghalair ros lachan. In aitheasc iomlánach eile, leag an tOll. Laura Morello (Milano) béim ar bhithéagsúlacht ros lachan, agus Carl Linnaeus agus Elias Landolt á gcur in aithne don lucht féachana aici. Thuairiscigh an tOll. Morello ar an bhfeasacht éiritheach ar “cineálacha ainrianta ros lachan”, agus raon hibridí le fáil sa timpeallacht nádúrtha. Ar thaobh amháin, fágann sé sin go bhfuil sé níos doilí tréithchineálacha a shainaithint. Ar an taobh eile, áfach, d’fhéadfadh sé deiseanna nua a chruthú le haghaidh feidhmeanna, mar a léiríodh san ardchion próitéine atá ag roinnt tréithchineálacha polaplóideacha. Rinne an Dr Viktor Oláh (Debrecen) tuilleadh plé ar choincheap na bithéagsúlachta, á thuairisciú gur thaispeáin roinnt de na saothruithe measctha de dhá speiceas, ach ní gach ceann díobh, fás a bhí i bhfad níos tapa ná mar a thaispeáin na monashaothruithe comhfhreagracha.

Thuairiscigh an Dr Vlastimil Stejskal (České Budějovice) ar an úsáid a bhaintear as ros lachan ar fheirm éisc Dobharshaothraithe Iltrófaigh in Éirinn. Thuairiscigh an Dr Stejskal go bhfuil heicteár amháin de ros lachan in ann uisce arna shalú ag 30 tona den bhreac dea-dhathach agus den phéirse a leasú. Thuairiscigh an Dr Niall O’Leary (UCC) ar chur chuige cascáideach i leith dramhaíl próiseála déiríochta a leasú agus a luachshocrú. Baineadh úsáid as bith-imoibreoirí miocróbacha chun ábhar orgánach an fhuíolluisce a thiontú ina pholaihiodrocsalcanóáití, ar ina dhiaidh a d’fhéadfaí ros lachan a úsáid chun eisiltigh atá ar mhórán nítrigine agus ar mhórán fosfair a luachshocrú. Labhair an Dr Neil Coughlan (UCC) faoi conas is féidir goradáin chruachta (ilsrathacha) ros lachan a úsáid chun eisiltigh den sórt sin a leasú, cé gur gá paraiméadair oibríochtúla, amhail an ráta sreafa, a chur san áireamh go cúramach chun an leasú a bharrfheabhsú. Thuairiscigh an Dr Gruffydd Lloyd-Jones (Aberystwyth) ar luachshocrú fuíolluisce feirme, agus béim á leagan ar thocsaineacht fhéideartha na hamóinia, agus ar a thábhachtaí atá bainistíocht pH (i.e., é a ísliú) chun fás ros lachan a chumasú. Labhair an Dr Lloyd-Jones faoin aincheist dhoiligh atá i gceist le fuíolluisce a chaolú chun ros lachan a fhás, agus feirmeoirí ag streachailt le méideanna móra dramhaíola cheana féin. Tháinig díospóireacht bheoga as sin, ar lena linn a luadh an deis chun fuíolluisce feirme lán-nirt a chur le locháin chascáideacha a bheith ina réiteach féideartha. Thuairiscigh an Dr Reindert Devlamynck (Flóndras) ar an dóigh a n-oibríonn córas cascáideach ros lachan i bhFlóndras, an Bheilg. Thuairiscigh an Dr Devlamynck ar fhadhb na hasbhainte éagothroime fosfair agus nítrigine, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar fhuíolluisce “glanta” a scaoileadh isteach in uiscí dromchla áitiúla. Thuairiscigh an Dr Devlamynck freisin ar fhadhb an charntha potaisiam de réir a chéile, áit a gcuireann an méadú iarmhartach in osmólaracht bac ar fhás ros lachan. Thuairiscigh Meritxell Abril Cuevas (Barcelona) ar thrialacha nua lena mbaineann ros lachan agus halaifítí (Salicornia sp.) a shaothrú chun saincheisteanna salandachta a bhainistiú le linn fuíolluisce muc a úsáid.

Thuairiscigh Abril Cuevas freisin ar phleananna chun bithmhais ros lachan a úsáid mar leasachán barr. Tar éis díospóireacht bheoga, comhaontaíodh gur smaoineamh an-spéisiúil é sin toisc gur dóigh go ngníomhóidh an ros lachan mar leasachán measartha mallscaoilteach, agus ábhar orgánach á chur leis an ithir aige ag an am céanna. Thuairiscigh an tOll. Brijesh Tiwari (Baile Átha Cliath) ar chur chuige difriúil i leith bithmhais ros lachan a úsáid: próitéin a eastóscadh trí theicneolaíochtaí glana éagsúla a úsáid. Cuireadh an bhéim ar dhrochthionchair an phróisis eastósctha próitéine a laghdú, mar shampla trí úsáid a bhaint as tuaslagóirí difriúla agus as próisis atá tíosach ar fhuinneamh. Is é an aidhm deiridh atá ag grúpa an Oll. Tiwari ná próiseas nuálach bithscaglainne a fhorbairt inarb é an toradh atá ar chomhábhair luachmhara ros lachan a eastóscadh ná go mbaintear úsáid iomlán as an mbithmhais. Tá sé sin i gcodarsnacht leis an gcur chuige atá glactha ag Priya Pollard, a thuairiscigh ar conas is féidir próisis thraidisiúnta sadhlasaithe a úsáid chun ros lachan a chaomhnú, mar shampla é a chaomhnú mar bhia ainmhithe.

D’fhreastail roinnt ionadaithe don earnáil gnó ar an gceardlann, agus ghlac siad páirt lárnach sa phlé. Thug an Dr Paul Fourounjian (San Diego) forbhreathnú achomair ar thionscal ros lachan na Stát Aontaithe, á lua go bhfuil stádas ag ros lachan mar ní a Aithnítear i gCoitinne a bheith Sábháilte (GRAS) agus á lua gur thug Údarás Bia agus Drugaí na Stát Aontaithe (FDA) ceadú le haghaidh próitéin ros lachan a úsáid i dtáirgí éagsúla bia. Thuairiscigh Dr Fourounjian ar fhorbairt iontach na cuideachta Plantible Foods, ar ina dhiaidh a tháinig plé spéisiúil chun cinn ar cé chomh comhoiriúnach nó chomh neamh-chomhoiriúnach is atá leasú fuíolluisce agus feidhmeanna bia.

D’éirigh go geal leis an gceardlann, i bhfianaise cháilíocht na láithreoireachtaí agus i bhfianaise an phlé agus an líonraithe i measc toscairí go háirithe. B’amhlaidh, tráth a ceapadh an smaoineamh go gcuirfí ceardlann ar siúl, a bhíothas ag súil go gcláródh thart ar 20 toscaire chun freastal uirthi. Mar a tharla, chláraigh 50 toscaire, beagnach, agus ba ghá ansin deireadh a chur leis an gclárú de dheasca saincheisteanna toillte. I measc an lucht freastail bhí toscairí áitiúla agus idirnáisiúnta, fiontraithe, geallsealbhóirí, acadóirí agus taighdeoirí bunúsacha agus feidhmeacha, ar dea-mheascán ar fad é. Is léir go meastar taighde ros lachan agus feidhmeanna ros lachan go forleathan a bheith ábhartha do gheilleagar ciorclach agus bithgheilleagar ciorclach a fhorbairt. Táthar ag súil gurb é an toradh atá ar an gceardlann ar Thaighde Ros Lachan agus Feidhmeanna Ros Lachan ná gur treisíodh an réimse tuilleadh trí bhéim a leagan ar dheiseanna, trí bhearnaí eolais a shainaithint le haghaidh tuilleadh taighde agus, thar aon ní eile, trí líonraí comhoibríocha a chur chun cinn i measc na rannpháirtithe.

Fuair an cheardlann tacaíocht ón tionscadal Bia Lachan (RTBM 2021R487), ó Thacaíocht Imeachtaí na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (2023-ES-1181) agus ón tionscadal Brainwaves (arna chistiú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige).

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr