In This Section
Síneofar Meamram Tuisceana idir Údarás na Gaeltachta agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Cuirfidh an Meamram seo bonn faoi chomhpháirtíocht idir an Údarás agus an Ollscoil i ngníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le hoilúint mhac léinn ag leibhéil chéime agus iarchéime, le béim ar chúrsaí gnó agus fiontraíochta.
Le tamall de bhlianta tá cúrsaí éagsúla á n-eagrú ag an Ollscoil d'fhochéimithe, d'iarchéimithe agus do mhic léinn idirnáisiúnta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i nGaeltacht na nDéise go háirithe. Tá i gceist tógaint ar na tograí sin agus iad a leathnú go Gaeltachtaí eile, ag tairbhiú go háirithe den bhforbairt atá ar siúl ag an Údarás ar Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne. Sa chomhthéacs sin, is suim leis an Údarás teacht i dtír ar an saineolas ríomheolaíochta agus intleachta saorga atá ag an Ollscoil chomh maith le tacaíocht a thabhairt do chúrsaí nua a bheidh á réiteach de réir mar a raghaidh athchóiriú ar chéim an BA chun cinn.
An tOll. John O'Halloran, Uachtarán na hOllscoile, agus Tomás Ó Síocháin, Príomh-Fheidhmeannach an Údaráis a chuirfidh a n-ainmneacha leis an meamram.
Prof. Pádraig Ó Macháin (Stiúrthóir, Ionad na Gaeilge Labhartha): 'An-chéim chun cinn is e an Meamram seo idir an Ollscoil agus ar gcairde san Údarás. Cuirfidh sé ar ár gcumas tógaint ar an gcomhoibriú atá ar siúl eadrainn cheana féin agus leas ár gcuidne mac léinn agus leas phobal na Gaeltachta a dhéanamh in aon tráth le chéile.'
Dúirt Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
“Tá Campas Íosagáin, a osclaíodh le déanaí, tar éis ardán a chruthú do thaighde agus nuálaíocht cianda – le gréasán slán agus athléimneach, tá rochtain díreach ag an láthair i mBaile Bhuirne ar áiseanna taighde UCC. Tugann sé seo léargas ar na deiseanna atá ag teacht chun cinn le tógáil ar an gcomhoibriú seasmhach idir UCC agus imeachtaí Gaeltacht-bhunaithe le freastal ar an éileamh méadaithe ar oideachas, oiliúint agus seirbhísí Gaeilge.”
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid seo, fógróidh an tÚdarás scéim scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí scoile atá páirteach i mBarr na gCnoc, an togra dara leibhéil de chuid na hOllscoile atá lonnaithe i gCnoc na hAoine.