Nuacht 2021
Bhuaigh Foireann Dhíospóireachta UCC, Siobhán Ní Chróinín agus Oisín Ó Síocháin, Craobh Díospóireachta Ghael-Linn le déanaí.
23 Samh 2021

B'é an rún a pléadh ná 'Tá moladh mór tuillte ag an rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime', agus bhí Siobhán agus Oisín ag tacú leis. Ina dteannta bhí ionadaithe ó choiste na Cuallachta agus an Chumainn Drámaíochta.