Nuacht 2021

An chruthaitheacht faoi bhláth

6 Feabh 2021

Dea-scéalta tagtha chugainn ó bheirt chéimithe dár gcuid: Foilsíodh cnuasach filíochta le Siobhán Ní Dhomhnaill (BCL Dlí agus Gaeilge 2018, MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa 2019) agus Antóin Ó Dúlaing (BA 2018, MA sa Nua-Ghaeilge 2019)

Dea-scéalta tagtha chugainn ó bheirt chéimithe dár gcuid: Foilsíodh cnuasach filíochta le Siobhán Ní Dhomhnaill (BCL Dlí agus Gaeilge 2018, MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa 2019) dar teideal Ait agus Iontach Bheith Beo (Coiscéim 2021). Ghóthaigh an saothar seo duais mhór ag Seachtain na Scríobhneoirí i Lios Tuathail agus léigh Siobhán as an leabhar ag an bhféile Ó Bhéal Winter Warmer roimh Nollaig.

Chaith Antóin Ó Dúlaing (BA 2018, MA sa Nua-Ghaeilge 2019) bliain ag teagasc na Gaeilge sa tSlóváic agus anois tá sé ag obair le Ros na Rún mar mhaor scripte agus cúntóir léirithe. Deir sé: “Ní raibh aon taithí teilifíse agam roimhe seo ach a bhuíochas leis an máistreacht d’éirigh liom an ról seo a dh’fháilt. Is aoibhinn liom an post seo agus is breá liom an tslí go bhfuilim in ann mo chuid scríbhneoireachta fhéin a chur i bhfeidhm i mo phost go laethúil.”

Dhein Siobhán agus Antóin an modúl GA6035 An Scríbhneoireacht Chruthaitheacht leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Is maith linn go bhfuilid ag leanúint orthu ag scríobh agus guímid gach rath orthu sa todhchaí!

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr