Nuacht 2020
Leabhar Leasa Móir tugtha go buan do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh

Tá Diúc Devonshire, tré Iontaobhas Chatsworth, tar éis Leabhar Leasa Móir (Leabhar Méig Carthaigh Riabhaigh), a bhronnadh ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Is beag lámhscríbhinn Ghaelach chomh luachmhar leis a mhaireann i seilbh phríomháideach fós. Cnuasach scéalta atá sa lámhscríbhinn a cuireadh le chéile i gCaisleán Chill Bhriotáin ar mhaithe le Fínghean Mac Carthaigh Riabhach, Tiarna Chairbre, agus dá bhean Caitilín, i dtreo dheireadh na cúigiú haoise déag. Is iontach go deo an réimse litríochta atá cnuasaithe sa lámhscríbhinn mheamraim seo: beathaí naomh, scéal Mharco Polo, Eachtra Thaidhg mhic Céin, Tromdhámh Ghuaire, Agallamh na Seanórach agus go leor eile. Cuirfidh an Leabhar a bheith i gCorcaigh go mór le teagasc agus taighde Roinn na Nua-Ghaeilge.