Nuacht 2019
GA6036 – Ceardlann Filíochta

Chuaigh grúpa mac léinn Máistreachta siar go Corca Dhuibhne le déanaí mar chuid den modúl GA6036 Ceardlann Filíochta faoi stiúir an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Labhair Seán Mac a’ tSíthigh, iriseoir físe de chuid RTÉ, leis an ngrúpa faoin gcur chuige atá aige agus é ag cur scéalta i dtoll a chéile. Leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le gaiscí an phobail a cheiliúradh agus a chur faoi bhráid an tsaoil mhóir ar an Nuacht.
Thug Simon Ó Faoláin, file agus seandálaí, léamh filíochta ag trí láthair ar leith atá tábhachtach dó mar fhile: Imilieá, Teampall na Cluanach agus Gallarus. Bhain caint Bhríde Ní Mhóráin leis an gcáil atá ag Naomh Bríd sa bhéaloideas agus faoi na tuiscintí a mhaireann fúithi go fóill. Chuir Helen Ní Shé agallamh ar na mic léinn faoina raibh ar siúl acu agus is féidir éisteacht siar leis an mír anseo: RTÉ Radio Player.