Nuacht 2019
Comhghairdeas le Siobhán Ní Dhomhnaill
25 Meith 2019

Comhghairdeas ó chroí le Siobhán Ní Dhomhnaill, iníon léinn an MA sa Dlí agus Gaeilge, a bhain duais mhór ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail le déanaí dá cnuasach filíochta neamhfhoilsithe. Cnuasach dátheangach a bhí ann agus d’aithin an moltóir, Thomas McCarthy, mianach an fhile óig seo. Rinne Siobhán an modúl GA6035 An Scríbhneoireacht Chruthaitheach leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus d’fhreastail sí ar an gceardlann neamhfhoirmeálta a bhíodh ar siúl sa Seomra Caidrimh. Táimid ag tnúth go mór leis an leabhar a fheiscint i gcló!
.