Nuacht 2019
Ceardlann filíochta
13 Márta 2019

Bhí ceardlann filíochta ar siúl sa Seomra Caidrimh an mhí seo caite faoi stiúir an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Tháinig mic léinn bunchéime, lucht an MA sa Nua-Ghaeilge, ár gcomrádaithe in Ionad na Gaeilge Labhartha chomh maith le baill an phobail go dtí an ócáid. Léadh amach dánta a chum na rannpháirtithe chomh maith le saothar filí eile a thaithin go mór leo. Beidh teacht le chéile eile againn sa Seomra Caidrimh ar an 20 Márta ag 2i.n. Fáilte roimh chách.