Nuacht 2012

Dlúthdhiosca seolta ag iarchéimí de chuid na Roinne

Tá dlúthdhiosca dúbalta nua díreach curtha ar an margadh ag duine d’iarchéimithe Roinn na Nua-Ghaeilge. Ábhar a bhailigh an Dr Piaras de Hindeberg sa Rinn agus sa Seana-phobal fadó atá le clos ar an dlúthdhiosca, idir sean-amhráin agus blúirí seanchais. Is é an t-ábhar céanna atá fé chaibidil ina thráchtas dochtúireachta ag Míchéal Ó Drisleáin, ábhar atá le fáil i gcartlann Choláiste na Rinne.

As an mBaile Dubh in iarthar Déise do Mhíchéal, agus tá clú bainte amach dó féin cheana féin mar gur air a bronnadh gradam Craoltóir Nua na Bliana ag lucht radió áitiúil sa mblaiin 2011.

‘An gra dod dhúchas’ teideal an dlúthdhiosca, agus tá tuilleadh eolais le fáil ón uimhir 087-7938709.

Seimineár Taighde ar Fhilíocht na Scol

Beidh seimineár taighde ar Fhilíocht na Scol a chur in eagar á stiúradh ag an Ollamh Pádraig Ó Macháin: Dé Céadaoin, 4–5 p.m., Seomra G.01, ag tosnú an 14 Samhain.

Léifear Leabharlann Náisiúnta na hAlban, LS Adv. 72.1.44, duil. 37–38 (ar fáil ar www.isos.dias.ie).

Scoláireachtaí Liteartha an Dr H. H. Stewart 2012

Comhghairdeachas le Máire Nic Thaidhg a bhain duais de chuid Scoláireachtaí Liteartha an Dr H. H. Stewart i mbliana.

Léachtóireacht in Poznan

Comhghairdeachas le Thaddeus Ó Buachalla, mac léinn iarchéime dár gcuid, atá díreach ceapaithe ina léachtóir le Gaeilge i Roinn Teangacha agus Litríocht na Ceiltise, in Ollscoil Adam Mickiewicz, Poznan.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr