LS44

LS44

[Breandán Ó Conchúir, Clár lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcaí: cnuasach Uí Mhurchú (Baile Átha Cliath 1991) 105--6]


44

Scéalta

19ú haois. Páipéar. Dhá LS ar leithligh ceangailte le chéile in aon leabhar amháin, fara bileog cheangail ag an tosach agus ag an deireadh: (a) 112 lch, 22.5 x 14.5 cm, uimhrithe 1-112 ag an scríobhaí, ach 53 ar chúl 51 agus 96 fé dhó; (b) 80 lch, 23.5 x 15 cm, uimhrithe ag an scríobhaí, ach [34-48] fágtha gan uimhriú. Scríobhaí: Mícheál [Óg] Ó Longáin, (a) i gCorcaigh, 1815, 'chum uasáide hAnnraoi Iós[e]ph Hearrd air an mBaile mBreac' (lch 112); (b) [gan síniú] sa bhliain 1816 (lch 80).

Clúdach teann le droim agus cúinní leathair, agus órlínte ar an droim. Uimhir na lse ar an droim agus ar verso na bileoige ceangail chun tosaigh; na huimhreacha '1' agus 'No 1' agus stampa 'Ex MSS Ricardi Caulfield Cork' ar an mbileog so chomh maith; an stampa so thall is abhus ar fuaid na lse. Uimhir ceant [M] '31[1]' agus 'IRISH / MS.' (in órlitreacha) ar an droim.

(a)

lch

1. CAITHRÉIM DHÁITHI MIC FIACHRA. Tos. Rígh socharach saoírchineólach cródha cathbhuadhach saidhbhir saoírcheárdach . . . ró ghaibh flathas 7 úrlámhas Eironn agiis Alban go cómhchoitchionn .i. Dáithí. . . . Críoch. (lch 111.8) leis an laoi dar tosach Atá fútsa Rígh fíonnFáil. Lean. (lch 112.13): 'Gona bí sin Caithréim Dháithí núc Fiachra go nuige sin, iar na grafadh annois san mbliadhain d'aois Mhic Dé, 1815 chum uasáide hAnnraoi Iós[e]ph Hearrd air an mBaile mBreac le Mícheál Ó Longáin, a cCorcaigh'.

(b)

1. 'MACÁOMH AN FHIOLAIR SONN.' Tos. Rígh rathmhar róchalma ró ghaibh flaithios 7 fórlámhas fóir chríochuibh na Sorcha go cóimhleathan, dar chómhainim Risteárrd mac Seóin mac Matasúil. Críoch. (lch 80.13) gurab uime sin is cóir dhúinit coghnamh le rígh na tíre seo an aighidh Rígh na Sorcha . . . agus cuman agus muínntearthas do dhéanamh le righ na tíre seo agus leis an inghín út noch is máthair dámhsa, agus is mar sin do bhí. Lean.: 'Fóircheann de sin an 30. la de Gheanair san mbliadhain 1816'.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr