LS127

LS127

[Breandán Ó Conchúir, Clár lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcaí: cnuasach an Phaoraigh agus cnuasaigh eile (gan foilsiú) ]


127

Stair Shéarluis Mhóir

18ú haois. Páipéar. 20 x 16 cm. Lgh 72, uimhrithe le peann luaidhe, fara bileog cheangail ag an tosach agus ag an deireadh. Scríobhaí: Labhras O Tháran, 1781 (lch 71).

Clúdach teann uaine le droim de leathar donn. `MS. Ó. LEIGHIN. 8' in órlitreacha ar an droim. An uimhir `8' ar an taobh amuigh den chlúdach tosaigh. Uimhir na LSE (le peann luaidhe) agus stampa `Leabharlann Ard-Eaglaise Chorcaighe' ar an taobh istigh den chlúdach, chun tosaigh agus chun deiridh. An stampa so, leis, ar recto na bileoige ceangail chun tosaigh, ar verso na bileoige ceangail chun deiridh, agus ar lgh 1, 71. `History of Edmond O'Cleary' (le peann luaidhe) ar lipéad atá greamaithe, tré dhearmad (féach LS 126 thuas), den chlúdach tosaigh, laistigh.

Tuairisc ag Torna ar an LS in Ivernian Soc. Jn. 7 (1915) 103–4 (§ VIII).

lch

1. Bán fé bhun stampa.

2. [STAIR SHÉARLUIS MHÓIR.] Tos. Do gabhthar ag S. Deinis stair na ngníomhthartha air tteastail Elina .i. máthair Constantine Impir. Críoch. (lch 71.16) 7 ro marbhad leis é, ionnas co ndeachaidh deireadh na mailesa go holc mar ba du dhi. Táirnic sdair Sherluis Mhóir ag leanmhuinn choróin Chríosd 7 taise na naomh ann sin. `Finis.' Lean.: `Iar na scríobha a ccathair Bhaile Ath Clíath le Labhras O Tháran an dara lá don mí Abhra, 7 an bhliaghain daoís an tighearna 1781'. Lch 72 bán.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr