LS11

LS11

[Breandán Ó Conchúir, Clár lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Ollscoile Chorcaí: cnuasach Uí Mhurchú (Baile Átha Cliath 1991) 32--4]


11

Iomarbháigh na bhFileadh; an Réim Ríogra

19ú haois. Páipéar. 22.5 x 18 cm. Lgh 104, uimhrithe 1-84 ag an scríobhaí, 85-[104] (ar gach re lch le peann luaidhe) ag l.d., fara 2 bhileog cheangail bhána ag an tosach agus dhá cheann ag an deireadh. Scríobhaí: Séamus {Ua CulháinUa Caoindealbháin (James Quinlivan), 'an fíeadoir', 'dá ngoirthear Seághan an Ghrínn' (lgh 1, 34, 47, 64 im. deas, 84, [102], [104]), sa bhliain 1831 'a mBaile an Bháda lámh ré Aisceitine a ccónntaé Luimneach', 'an Aíthsgeith-tinne', agus 'a mBaile Uí Staoinn' [Co. Luimnigh] (lgh 1, 34, 47, 63, 64 im. deas, 84), agus sa bhliain 1832 i gCill Rois, Co. an Chláir, 'et é aig fuireach ré bád chuim é bhreith abhaile thar caladh go hAithsceitínne a ccónntae Luimneach' (lgh [102], [104]).

Ceannlitreacha ornáideacha thall is abhus. Clúdach cairtchláir le droim agus cúinní leathair; uimhir na lse ar an gclúdach tosaigh (lasmuigh agus laistigh), ar an gclúdach cúil (lasmuigh), agus ar an droim; ribín marcála uaine ceangailte isteach sa LS. An méid seo scríofa ag Séamas Goodman laistigh den chlúdach tosaigh: 'S. Gudmann / "Claoidheann fírinne gó" / sean-rádh Eirionnach' (nótaí beaga ar an téacs, leis, ag Goodman ar lgh 15, 78).

Nótaí fánacha: (a) 47.22. 'James Quinlivans Book July the 13th 1831 / Askeaton County of Limericlc.' (b) 63.25. 'Seismha lá déag do mí bóbuídhe m. dccc. xxxi.' (c) 64 im. deas, cliathánach. 'Aisceitinne an xvi lá do mhí bóbhuídhe. m. dccc. xxxi. ré Séamus Ua Culháin Ua Caoindealbháin, an fíeadoir dá ngoirthear Seághan an Ghrínn.'

lch

1. Lch teidil: 'Iomarbaidh Leath Chuínn / agas / Leath Mógha, / iar na / sgríobh re Séamus Ua Caoindealbháin / an fígheadóir a mBaile an Bháda lámh ré Aisceitine / a ccónntaé Luimneach an xx mhadh lá dhon mhí / Béiltine san mbliaghain d'aois Criost. m. dccc. xxxi'. Lean.: A Mháighidion Mhuire do rugach don ríoghacht ghlórmhar. 1 v. Lean. arís: 'bíodh mar sin. Séamus Ua Caoindealbháin cct'. Lch 2 bán.

3. 'Iomarbháidh Leath Chuínn agus Tornna Eagceas cct. Leath Mógha an so.' Dail catha idir Chorc et Niall. 56 r.

7.22. 'Tádhag mac Dáire cct.' Olc do thagrais a Thómna. 35 r.

10.23. 'Lúgh Ua Cléire cct.' A Taídhg ná tathaoir Tómna. 65 r. agus (lch 11) 'Tádhg mac Dáire.' Éist a Lúghaidh léam labhra. 185 + 2 + 1/2 r. Trí chéile i bhfoirm agallmha. (An téacs ina dhá cholún ar lgh 17-18.)

34.22. Rann scríobhaí: tos. A Mhaigeadan Mhuire fuair cumann na Tríonóide. Lean.: '.i. Séamus Úa Culhain Ua Caoindeabháin [sic] dá ngoirthear Seághan an ghrinn, an Aíthsgeith-tinne a ccóntaé Luimneach a xii lá do mhí bóbhuídhe san mbliaghain daois Chríost m. dccc. xxxi. Suirim an léightheóir do ghuídhe do chuim Dé ar manam do ghlaca san nglóire sathuinn'.

35. 'Riobárd Mac Artúir bráthair d'órd Naomh Próinsias, agas dochtúir 'san diadhacht, cct.' Measa do thagrais a Thaídhg féin. 32 r. 'Tádhg mac Dáire cct.' Go ccead dod ghairm a bhráthair. 65 r. Trí chéile i bhfoirm agallmha.

46.9. 'Soíghin chómhrádh annso, o Thádhg mac Dáire ar Áodha Ua Dómhnaild, ré ndul a ccumadh chómhrádh no freagra do thabhairt ar, do réir úird agallmha. Tádhg cct.' Ní guais líom turchar a Aodha. 11 r. Lean. (lch 47.10) 'Aodh Ua Dómhnaill cct.' Measa do thagrais a Thádhg. 69 r. 'Tádhg.' Níbreith orm do bhreith a Aodh. 167 r. Trí chéile i bhfoirm agallmha.

73.8. 'Báothghalach Ruadh Mac Aogáin, cct.' Fuire ré'm thagrasa a Thádhaig. 15 V2 r. 'Tádhg mac Dáire cct.' Ní theithim ré tagra mbaoth. 27 r. Trí chéile i bhfoirm agallmha.

78.11. 'File nách tug a ainim cct [lámh Goodman:] .i. Baoghalac (Ruadh) Mac Aogáin.' Mairg darab feithiomh fear gaoil. 12 r.

79.11. 'Tádhg mac Dáire, rpt.' A dhuine labhras an laoidh. 24 r.

81. 'Lúgh Ua Cléirigh cct.' Ná brostaig mise mhic Dáire. 17 r.

82.11. 'Tádhg mac Dáire, cct.' A Lúghaidh labhram go séimh. 30 r. Lean. (lch 84.19) colafan: 'Crioch ré Séamus Úa Culháin Ua Caoindealbháin da ngoirthear Seághan an ghrínn, a mBaile Uí Staoinn an xxii lá, do seachtmhadh mí san mbliaghain m. dccc. xxxi. Suirim an léightheóir do ghuídhe chuim Dé ar son manama, is go ndáiligh Dia an trócaire duin uile. Bíodh mar sin'. Lgh 85-[86] bán.

87. 'Réimríogra Ghiolla Chaomháin anso.' Éire árd inis na ríog. 157 r. Lean. (lch 99.3) nóta: 'Aig sin réim Riogra bhfear nEirionn riomh creidiomh'.

99.4. 'Annois an ránn eile don Reim Ríogradh ó do ghábhadar creidiomh go gabháltas Gáll amhuil atá ionnár ndiaigh. Giolla mac Dhuda sgríobhnóir an san ttarra cead déag. Giolla Modhuda a Ecclesiastic of Ard Breacain .i. diadhaire d'Ard Bhreacáin cct.' Eire ógh inis na naomh. 54 r. Lean. (lch [102].20): 'Críoch ris an réimríogra an seismhadh lá ar fithche don seachtmhadh mí san mbaile ré a ráidhtear Cill Rois, a ccóntae an Chláir san mbliadhain mdccc xxx ii ré Seamus Ua Caoindealbhain, dá ngoirthear Seághan an ghrinn, et é aig fuireach ré bád chuim é bhreith abhaile thar caladh go hAithsceitinne a ccónntae Luimneach'. Féna bhun so tá an méid seo: 'A most valuable chonology [sic] wrote by Giolla Chaomhain in 649. Tigernach died according to the 4 masters anno 1088'.

103. 'Aig seo duain sheanachasa noch bheir Seáthrún Céitín mar úghdarás uaidh go minic.' Fuaras a saltar Caisil. 31 r. Lean. (lch [104].32); 'Fuine re Seamus Ua Caoindealbháin dá ngoirthear Seaghan an ghrínn Sept. 26th 1832. Killrush County of Clare. James Quinlivan of Askeaton'.

Roinn na Nua-Ghaeilge

Department of Modern Irish

Áras Uí Rathaille, UCC

Barr