- an tAonad um Chur Chun Cinn Cáilíochta
- Bord na Gaeilge
- Cláir Acadúla agus Riaracháin
- Coiste Bithshábháilteacht
- Coiste um Fheabhsú agus um Fhorbairt Ghairmiúil Foirne
- Comhairleoir agus Ombudsman do Mhic Léinn
- Comhairliú agus Forbairt na Mic Léinn,
- Crèche Cois Laoi
- Foirgneamh agus Eastáit
- IGNITE
- Ionad na Gaeilge Labhartha
- Meitheal an Estáit Digitach
- Oifig Cosanta Radaíochta
- Oifig Iniúchta Inmheánaigh
- Oifig um Ghnóthaí Corparáideacha agus Dleathach
- Ollstór sonraí
- Pleanáil Straitéiseach agus Polasaí
- Polasaithe agus Nósanna Imeachta
- Seirbhís Sláinte na Mic Léinn
- Tairseach CORE
Nuacht
Is Linne í: Rap úrnua agus físeán ceoil spreagúil

Rap úrnua agus físeán ceoil spreagúil ó dhaltaí Scoil Náisiúnta Strawberry Hill, Scoil Mhuire ar Chnoc na hAoine, agus Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Cnoc na hAoine – scoth an cheoil, cumtha ag scoláirí cróga le rithim, fuinneamh agus Gaeilge bhríomhar!
Tuigtear dúinn go mbíonn roinnt dúshlán ann maidir le foghlaim na Gaeilge do dhéagóirí, amhail easpa cleachtaidh, an dearcadh go bhfuil an Ghaeilge ró-theoranta mar ábhar scoile amháin, agus na dúshláin a bhaineann le gramadach chasta.
Chun an Ghaeilge a dhéanamh níos tarraingtí agus níos ábhartha do dhéagóirí sa lá atá inniu ann, tháinig Barr na gCnoc, GMCBeats agus Léiriú Súgradh Teo le chéile chun físeán ceoil i seánra hip hop a chruthú, le dul i bhfeidhm go mór ar an bhfoghlaim.
Le cabhair ó dhaltaí Scoil Náisiúnta Strawberry Hill, Scoil Mhuire ar Chnoc na hAoine, agus Pobalcholáiste Thráolaigh Mhic Shuibhne ar Chnoc na hAoine, scríobh na daltaí na liricí iad féin i gceardlann ceoil le GMCBeats agus Barr na gCnoc. Cé nach raibh meas mór acu ar an nGaeilge ag tús an togra, bhain siad an-spraoi as “Is Linne Í” a dhéanamh, agus creidimid go gcruthóidh an aistear seo nasc níos láidre idir na déagóirí agus an teanga. Buíochas mór le múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna a bhí páirteach, Siobhán Ní Dhuinnín, foireann Barr na gCnoc (Lauren Grace agus Aoife Imray), agus The Kabin Studio. Tá an togra seo léirithe agus stiúrtha ag Léiriú Súgradh Teo.
Tá an t-amhrán agus na hacmhainní foghlama a bhaineann leis foilsithe ag TG4 Foghlaim do Sheachtain na Gaeilge.
For more on this story contact:
Adel Coleman
adel.coleman@ucc.ie