Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
An Fear Marbh, oileán sa Ghaeltacht

Coistíocht


Réamhrá

Coiste de chuid Mheitheal  Cheannasaíochta na hOllscoile (ULT) is ea Bord na Gaeilge.

 

Téarmaí Tagartha

Cuspóir

Cuirtear Bord na Gaeilge ar bun chun ceannaireacht straitéiseach agus comhairle a sholáthar maidir le forbairt, cur chun cinn agus comhcheangal na Gaeilge in obair na hOllscoile trí chéile, agus iad sin ag teacht le dualgaisí reachtúla na hOllscoile, oidhreacht chultúrtha, caidreamh pobail, agus tosaíochtaí straitéiseacha.

Ardán a bheidh sa Bhord do chur chun cinn na Gaeilge laistigh de phobal na hOllscoile agus tacaíocht, uchtach agus comhairle a sholáthar d'aonaid fheidhmiúla na hOllscoile maidir lena ndualgaisí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

 

Dualgaisí

Déanfaidh Bord na Gaeilge:

  1. Comhairle a sholáthar do ULT i dtaobh polasaithe agus straitéisí a bhaineann le cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge i réimsí teagaisc, taighde, riaracháin, agus taithí an mhic léinn.
  2. Tacú le cur i bhfeidhm aon reachtaíocht a bhaineann le hábhar, Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2021 ina measc.
  3. Tiomantas UCC i leith an chaidrimh phobail sna Gaeltachtaí agus i gceantair eile Ghaeilge a chur chun cinn.
  4. Tacú le tograí Gaeilge a thiocfaidh i gceist ó am go chéile laistigh agus lasmuigh den Ollscoil.
  5. Tacú le hIonad na Gaeilge Labhartha ina gcuid imeachtaí go léir, ar nós Scéim na Scol, Áras Uí Thuama, Dún Chíomháin, agus soláthar chúrsaí Gaeilge.
  6. Sofheictheacht agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn in obair na hOllscoile trí chéile, sa chumarsáid, sa mhargaíocht, i dtimpeallachtaí fisiciúla agus digitiúla, go háirithe i gcás cothroime urraime a thabhairt don Ghaeilge nuair a bhíonn imeachtaí á rith ar an gcampas (e.g. Laethanta Oscailte na hOllscoile, Laethanta Bhronnadh Céime, etc.).
  7. Comhpháirtíocht a spreagadh idir Coláistí, Scoileanna, Ranna, agus cumainn mac léinn, chun dhátheangachas agus gníomhaíochtaí cultúrtha a chothú.
  8. Ardán a sholáthar chun sárchleachtas a roinnt agus comhordú a dhéanamh ar thograí Gaeilge agus ar imeachtaí agus ar thaighde sa Ghaeilge.
  9. Teangáil a dhéanamh le hAontas na Mac Léinn in gach aon rud a bhaineann leis an nGaeilge.
  10. Tacaíocht a neartú don gCuallacht, don gCumann Drámaíochta, do Chumann an Cheoil Ghaelaigh, agus d'aon chumann eile a mbíonn an Ghaeilge mar chuid dá n-imeachtaí agus dá gcúrsaí cumarsáide.

 

Ballraíocht Reatha

Cathaoirleach: Dr Seán Ó Conaill

Rúnaí: Dr Ríona Ní Churtáin

Ainmní an Uachtaráin: Dr Jennifer Murphy

Ainmní an Leas-Uachtaráín & Cláraitheora:  Aoife Ní Néill

Ceann Scoil Léann na Gaeilge: Dr Caitríona Ó Dochartaigh

Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha: An tOllamh Pádraig Ó Macháin

Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn: Amhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin 

Baill ainmnithe ó ULT:

Cliodhna O’Callaghan  (Teagasc agus Foghlaim)

Maurice Ryder (Caidreamh Domhanda)

Michael O’Sullivan (Foirgintí & Eastáit)

Mark O'Reilly (Seirbhísí IT)

 Baill ainmnithe ósna ceithre Coláistí:

An tOllamh Rícheal Ní Ríordáin (Leigheas & Sláinte)

Dr Síle Ní Mhurchú (Ealaíona, Léann Ceilteach & Eolaíochtaí Sóisialta) 

Dr Jerry Reen (Eolaíocht)

Dr Seán Ó Conaill (Gnó & Dlí) 

Baill Chomhthofa:

Timmy O’Connor (OCLA)

Dr Stephen Murphy

 

 

Bord na Gaeilge

Déan teagmháil linn

Déan ceangail linn

Barr