- an tAonad um Chur Chun Cinn Cáilíochta
- Bord na Gaeilge
- Cláir Acadúla agus Riaracháin
- Coiste Bithshábháilteacht
- Coiste um Fheabhsú agus um Fhorbairt Ghairmiúil Foirne
- Comhairleoir agus Ombudsman do Mhic Léinn
- Comhairliú agus Forbairt na Mic Léinn,
- Crèche Cois Laoi
- Foirgneamh agus Eastáit
- IGNITE
- Ionad na Gaeilge Labhartha
- Meitheal an Estáit Digitach
- Oifig Cosanta Radaíochta
- Oifig Iniúchta Inmheánaigh
- Oifig um Ghnóthaí Corparáideacha agus Dleathach
- Ollstór sonraí
- Pleanáil Straitéiseach agus Polasaí
- Polasaithe agus Nósanna Imeachta
- Seirbhís Sláinte na Mic Léinn
- Tairseach CORE
Nuacht
Campa Samhraidh Rapcheoil sa Ghaeilge

Barr na gCnoc x Kabin Studios – Cnoc na hAoine, Cathair Chorcaí
Tháinig Kabin Studios agus Barr na gCnoc le chéile arís le déanaí chun ceardlann rapcheoil a eagrú i gCnoc na hAoine, i dtuaisceart chathair Chorcaí, don dara bhliain as a chéile.
Campa Samhraidh a bhí ann a thug deis don aos óg teacht i dtír ar an nGaeilge tré chruthaitheacht ealaíne agus tríd an gceol ach go háirithe. Campa ceithre lá a bhí ann, a tharla idir an 14-17 Iúil 2025.
Daltaí scoile an cheantair don chuid is mó a d’fhreastail ar an gCampa Samhraidh. Chuir Kabin Studios a gcuid saineolais ar fáil don champa, faoi stiúir Garry McCarthy (GMC Beats), le hurraíocht agus tacaíocht ó Bharr na gCnoc. Ina theannta sin, bhí teagascóirí ó Bharr na gCnoc páirteach, in éineacht le teagascóirí rapcheoil an Kabin féin.
Cruthaíodh sé rian ceoil thar na ceithre lá, agus bhí seóthaispeántas den scoth ar siúl ar an lá deireanach, áit a raibh tuismitheoirí agus caomhnóirí i láthair le féachaint ar an tallann iontach agus na páistí ar stáitse. Bhí aiseolas na ndaltaí thar a bheith dearfach, agus iad ar fad ag iarraidh páirt a ghlacadh i níos mó gníomhaíochtaí den tsaghas seo. Bhí seachtain den scoth againn agus ceol nuálach, spreagúil á chruthú sa Kabin trí mheán na Gaeilge.
Ár mbuíochas ó chroí le gach duine a chabhraigh leis an gcampa a reáchtáil!
For more on this story contact:
Laoise Nic Íomhair
- Oifigeach Forbartha Gaeilge, Barr na gCnoc
- R: Laoise.Keevers@ucc.ie