Skip to main content

Nuacht

Bronnadh Scoláireachtaí Bharr na gCnoc ar dhaltaí Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne

15 MFómh 2025

An 15ú Meán Fómhair 2025 bhronn Barr na gCnoc aon scoláireacht déag ar na daltaí nua céidbhliana de chuid  Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Cnoc na hAoine, Corcaigh.

Ócáid bhliantúil í seo agus cúis mhór mhórtais do Bharr na gCnoc ab ea é aitheantas foirmiúil a thabhairt do na daltaí seo agus iad ag tosnú amach ar oideachas dara leibhéal tré Ghaeilge. Ráiteas cumhachtach féin-aitheantais is ea é ó na daltaí agus ón bpobal dár de iad i gCnoc na hAoine agus  i gCnoc an Chuilinn an cinneadh seo oiliúint tré Ghaeilge a roghnú. Tagann an ócáid seo sna sála ar an rath mór a bhí i mbliana ar thorthaí an chéad bhuíon riamh de dhaltaí ón nGaelcholáiste a thug faoin Ard-Teistiméireacht; tá gach duine acu sin ag díriú anois  ar an dtríú leibhéal. 

Fearadh na tuartha fáilte roimh na daltaí céidbhliana san ócáid speisialta a eagraíodh in Aula Maxima na hOllscoile. Tháinig a muintir agus a múinteoirí leo. An tOllamh Stiofán Ó Broin, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir na hOllscoile, a bhronn na scoláireachtaí ar na daltaí. Tar éis bhronnadh na scoláireachtaí, cuireadh turas Ollscoile tré Ghaeilge ar fáil do na cuairteoirí. 

Gabhaimid ár mbuíochas leis na daltaí go léir, lena muintir agus lena múinteoirí, as teacht chughainn. Tá buíochas tuillte leis ag na ceoltóirí a bhí linn, agus ag gach éinne a chabhraigh linn ar an lá tábhachtach seo. 

For more on this story contact:

Adel Coleman, Bainisteoir Tionscnaimh, Barr na gCnoc: adel.coleman@ucc.ie 

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr