Nuacht

Téann Brainwaves ar na haerthonnta do ‘Mooney Goes Wild’ ar RTÉ Raidió 1

23 Beal 2022
An tOllamh John O’Halloran (ar chlé) agus an tOllamh Marcel Jansen (ar dheis) ag ullmhú don chlár ‘Mooney Goes Wild’ ar RTÉ Raidió 1

Chuaigh an tOllamh Marcel Jansen, Príomhthaighdeoir Brainwaves, ar na tonnta do Mooney Goes Wild, mórchlár fiadhúlra agus dúlra ar RTÉ Raidió 1. Agus é ag glacadh páirt sa chlár in éineacht leis an Ollamh John O’Halloran, Uachtarán UCC, tharraing sé ar an obair cheannródaíoch atá á déanamh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i réimsí an athraithe aeráide, an chaillteanais bithéagsúlachta agus an gheilleagair chiorclaigh.

Dhírigh an tOllamh Jansen ar an obair thábhachtach atá ar bun ag foireann Brainwaves maidir le modh nuálach fítileasúcháin a fhorbairt, is é sin: fuíolluisce talmhaíochta a ghlanadh trí phlandaí dúchasacha ros lachan a úsáid. Labhair sé faoi na húsáidí feirmeoireachta is féidir a bhaint as córais atá bunaithe ar ros lachan, faoi na dúshláin taighde a bhfuiltear ag dul i ngleic leo chun na córais sin a bharrfheabhsú lena n-úsáid ar mhórscála tráchtála agus faoi na tairbhí eacnamaíocha atá ann d’fheirmeoirí, lena n-áirítear foinse beatha ardphróitéine a chruthú trí bhithmhais ros lachan a úsáid. 

Craoladh an mhír beo an 11 Aibreán, ach is féidir leat éisteacht siar léi anseo ón 43ú nóiméad ar aghaidh.

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr