Nuacht

Carnabhal Eolaíochta Chorcaí 2022: Filleadh fíor-rathúil!!

17 Meith 2022
Stalla Brainwaves ag Carnabhal Eolaíochta Chorcaí 2022

Tar éis é a bheith ar shiúl ar feadh dhá bhliain, d’éirigh go mór le Carnabhal Eolaíochta Chorcaí nuair a d’fhill sé an mhí seo. Bhí ríméad ar ár bhfoireann tionscadail an tionscadal Brainwaves a thaispeáint ag an mórimeacht eolaíochta sin, a cuireadh ar siúl i bPáirc Mhic Gearailt an 11 Meitheamh agus an 12 Meitheamh.

Le linn an imeachta deireadh seachtaine saor in aisce, taispeánadh iontais na heolaíochta do dhaoine ar gach aois. D’eagraigh Eispéireas Shean-Oibreacha Uisce Chorcaí é, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Chorcaí agus ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann. Bhíomar mar chuid de chlár plódaithe lenar áiríodh taispeántais bheo, ceardlanna teagmhálacha agus turgnaimh idirghníomhacha.

Gabhaimid buíochas le gach duine a stop chun labhairt lenár bhfoireann taighde, chun ár gcóras tréshreafa barr tábla a fhiosrú agus é i mbun gnímh, chun amharc ar ár bhfíseán agus chun a léargas agus a dtuairimí féin a chur in iúl dúinn. Bhí áthas orainn go háirithe gur chláraigh 54 dhuine nua le haghaidh ár nuachtlitir thionscadail a fháil. Cé a cheapfadh go mbeadh planda beag bídeach amháin chomh spéisiúil sin?!

B’iontach gur thug 25,000 duine cuairt ar an imeacht seo a bhí lán d’iontais STEM thar an deireadh seachtaine, dar le meastacháin an eagraí. Thóg an Taoiseach Micheál Martin agus Colm Kelleher, Ard-Mhéara Chathair Chorcaí, an t-am freisin chun stopadh ag ár stalla ar Ascaill an Taiscéalta chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an ros lachan in earnáil talmhaíochta na hÉireann a phlé.

I gcomhthráth leis an imeacht, bhí agallamh leis an Oll. Marcel Jansen, príomh-imscrúdaitheoir an tionscadail, inar pléadh a thaighde ar an ros lachan agus a rannpháirteachas leis, ar áireamh san iris ‘Silicon Republic’, ar iris eolaíochta agus teicneolaíochta í. Léigh anseo é.

Ar an iomlán, d’éirigh go geal leis an gCarnabhal athnuaite. Bhí ríméad an tsaoil orainn bualadh leis an oiread sin cuairteoirí fiosracha iontacha ar gach aois a bhfuil spéis acu inár n-obair sa gheilleagar ciorclach agus a bhí ag iarraidh foghlaim faoi choincheap na gcóras leasúcháin atá bunaithe ar an ros lachan. Is cinnte go spreagfaidh an t-imeacht glúin nua díograiseoirí STEM sa todhchaí – eolaithe planda a bhfuil dealramh leo san áireamh!

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr