Nuacht

Próifíl an Taighdeora: Marion Blanchard Uasal

19 Iúil 2022
Marion, agus í gnóthach ag iniúchadh na dturgnamh Ros Lachan

Rinne Marion Blanchard Uasal, mac léinn Máistreachta Francach ó Toulouse in Iardheisceart na Fraince, roinnt ama a chaitheamh ag obair go deonach ar an tionscadal Brainwaves le déanaí. Tá an chuma air gur thaitin an t-eispéireas agus cultúr na hÉireann go mór léi.

Thástálamar ár scileanna agallaimh ar Marion agus d’fhiafraíomar di faoin am atá caite aici in Éirinn.

 

Cad is ainm duit agus cén t-ábhar a bhfuil tú ag déanamh staidéar air?

Marion Blanchard is ainm dom agus táim ag déanamh staidéar ar Chéim Máistreachta in Agranamaíocht, Éiceolaíocht agus Bitheolaíocht san Ecole Nationale Supérieure Agronomique de Toulouse (ENSAT) in Toulouse, an Fhrainc.

Cad a mheall thú go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh?

Tá roinnt intéirneachtaí curtha i gcrích agam i róil éagsúla taighde le bliain anuas chun eolas agus taithí a ghnóthú. Tháinig mé go hÉirinn i mí Feabhra 2022 chun dul

isteach san fhoireann Brainwaves agus chun roinnt taithí a ghnóthú ar an Ros lachan, an planda dúchasach Éireannach.

Cén cineál taithí a ghnóthaigh tú ar an tionscadal Brainwaves?

Ar fud na hintéirneachta trí mhí anseo i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, táim ag obair le cineálacha difriúla ros lachan, le sruthanna dramhaíola difriúla agus le córais sreafa dhifriúla. Córas amháin den sórt sin ba ea córas 750 lítear i dtimpeallacht a bhí amuigh faoin spéir go páirteach agus a bhí deartha chun na dálaí i dtimpeallacht talmhaíochta a ionsamhlú.

An raibh spraoi agat le linn an taithí uile sin a ghnóthú?

Thaitin liom formhór an ama a chaith mé sa tsaotharlann, áit a raibh mé ag déanamh turgnamh le leibhéil dhifriúla pH, le déine solais, le tiúchan sruthanna dramhaíola agus le cineálacha ros lachan. D’fhoghlaim mé a lán faoi dhálaí fáis plandaí agus faoi conas tástáil anailíse uisce a dhéanamh.

Chuir na baill foirne fearadh na fáilte romham agus bhí siad ansin i gcónaí chun scileanna nua a theagasc dom agus chun ceantar tuaithe álainn na hÉireann a thaispeáint dom. Le linn mo chuid ama anseo, bhí an deis agam chun cóstaí theas agus thiar na hÉireann a thaiscéaladh, agus iad lán de bhailte galánta agus d’aimsir athraitheach! Ba é an buaicphointe domsa ná an deis chun roinnt míolta móra a fheiceáil i gCorcaigh Thiar!

Cá háit a mbeidh tú ag dul anois?

B’eispéireas iontach é obair ar an tionscadal Brainwaves anseo i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus táim ag súil le torthaí an tionscadail seo a fheiceáil sa todhchaí agus é i mbun gnímh. Táim ag dul ar saoire anois chun mo scíth a ligean agus chun ríocht na Téalainne a thaiscéaladh.

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr