Nuacht

An Seó Breatnach Ríoga: An teas á chasadh suas!

11 Lún 2022
An Stalla Brainwaves ag an Seó Breatnach Ríoga

Tar éis dhá bhliain as a chéile ina raibh sé ar ceal, d’fhill an Seó Breatnach Ríoga an mhí seo caite go brothallach, agus é ar siúl ar na laethanta ba theo dar taifeadadh riamh sa Bhreatain Bheag! Bhí ríméad ar ár bhfoireann tionscadail an tionscadal Brainwaves a chur ar taispeáint an 18 agus an 19 Iúil, agus stalla aici lasmuigh de Phailliún Oideachais Ollscoil Aberystwyth. 

Bhí an stalla Brainwaves ina áit fhoirfe amach as grian na maidine. Dá bhrí sin, bhí sruth seasta daoine ag stopadh chun labhairt linn, d’ainneoin an teasa. Chruthaigh an Ros Lachan a bheith ina ní ba dhíol fíorspéise do na leanaí a bhí ina suí ag táblaí dathaithe Ollscoil Aberystwyth in aice láimhe, a tháinig chun labhairt linn agus a thug a dtuismitheoirí leo freisin!

Gabhaimid buíochas le gach duine a stop chun labhairt lenár bhfoireann taighde, chun amharc ar ár gcóras tréshreafa barr tábla agus é i mbun gnímh agus chun a saineolas agus a dtuairimí féin a chur in iúl dúinn. Bhaineamar taitneamh as dhá lá de chomhráite iontacha faoi iontas an ros lachan, faoinár n-obair sa gheilleagar ciorclach, faoi choincheap ár gcóras leasúcháin atá bunaithe ar an ros lachan agus faoina lán nithe eile...

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr