Nuacht

Lá na hEorpa 2022

10 Beal 2022
Anna Power, Bainisteoir Tionscadail Brainwaves, ag ceiliúradh Lá na hEorpa in oifigí Chomhairle Contae Loch Garman.

Chun Lá na hEorpa 2022 a chomóradh, chuaigh Brainwaves i bpáirt le sárthaispeántas poiblí ar thionscadail atá á gcistiú ag an Aontas Eorpach, rud a tionóladh in oifigí Chomhairle Contae Loch Garman an 9 Bealtaine.

Bhí beagnach dosaen tionscadal atá ar siúl ar fud dheisceart agus oirthear na hÉireann i láthair ar an lá, ar lena linn a tarraingíodh aird ar mhéid na hoibre corraithí atá á cistiú ag an Aontas i raon éagsúil earnálacha, lena n-áirítear turasóireacht, teicneolaíocht agus an t-athrú aeráide.

Ar an taobh eile de Mhuir Éireann sa Bhreatain Bheag, bhain an fhoireann taighde taitneamh as picnic lasmuigh i gcomhar le tionscadail eile atá á gcistiú ag an Aontas Eorpach ag Ollscoil Aberystwyth.

Thíos: An fhoireann Bhreatnach ag tógáil sos dea-thuillte san aer úr ar Lá na hEorpa

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr