Nuacht

Is iontach an cumas atá ag Lemna maireachtáil i raon timpeallachtaí difriúla!

13 Aib 2022
Abby ag tomhas fás ros lachan sna humair IBC in Ollscoil Aberystwyth

Thar an mbliain seo a chuaigh thart, tá Abby Campbell agus Kirsty Allwood ag obair laistigh de ghrúpa taighde BRAINWAVES, atá lonnaithe in Ollscoil Aberystwyth, mar chuid den scéim chéime um bliain amháin sa tionscal.

Thar an mbliain seo a chuaigh thart, tá Abby Campbell agus Kirsty Allwood ag obair laistigh de ghrúpa taighde BRAINWAVES, atá lonnaithe in Ollscoil Aberystwyth, mar chuid den scéim chéime um bliain amháin sa tionscal.

Tar éis na dtréimhsí dianghlasála, bhí siad ag tnúth go mór leis an oiread taithí saotharlainne agus is féidir a ghnóthú.

 

Thar na 10 mí seo a chuaigh thart, tá siad ag féachaint ar cé chomh maith agus a fhásann ros lachan ar shruthanna éagsúla dramhaíola. Is féidir le Lemna minor dálaí difriúla timpeallachta a sheasamh. D’fhéach siad ar an dóigh a bhfreagraíonn sé do dhálaí solais, do chothaithigh agus do threocht athraitheach.  

Measann Abby gurb “iontach an cumas atá ag Lemna minor maireachtáil i raon timpeallachtaí difriúla. Is féidir leis fás go ríthapa i ndálaí barrmhaithe, agus bithmhais á dúbailt laistigh de sheachtain amháin. Níl aon amhras ann ach go mbaineann sé an bláth de gach planda eile. Éiríonn go geal leis ar amhdhraoib díleáiteáin go háirithe”.

Dar le Kirsty, “Tá díleáiteán ina shárfhoinse nítrigine i riocht amóinia, rud a n-ionsúnn plandaí - go háirithe ros lachan - go héasca é”. Chun an ros lachan a fhás, tá siad ag tástáil tiúchain éagsúla chun teacht ar na leibhéil is fearr amóiniam ar mhaithe le táirgeadh barrmhaith bithmhaise a bhaint amach.

Cén sprioc, mar sin, atá le taithí phraiticiúil saotharlainne a ghnóthú agus le ros lachan a fhás i ndíleáiteán?

Is é an sprioc atá leis an obair sin beatha a tháirgeadh do bheostoc toisc gur cruthaíodh go bhfuil ros lachan ina bheatha chothaitheach ardphróitéine d’ainmhithe éagsúla beostoic (agus do dhaoine freisin!). Léiríodh i dtaighde príomhúil na gcailíní go bhfuil sé sin an-indéanta trí mhodh geilleagair chiorclaigh a úsáid. Mar sin, tá siad ag obair ar iontógáil cothaitheach a bharrfheabhsú trí dhálaí fáis a athrú ar mhaithe le hinmharthanacht tráchtála an chineáil cur chuige sin a fheabhsú tuilleadh.

Agus an-ghealladh fúthu, guímid gach rath ar na heolaithe baineannacha plandaí seo sa todhchaí!

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr