Nuacht

Lá Domhanda an Uisce, 2022: Tá tionscadal bunathraitheach atá ar bun ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ag tiontú fuíolluisce ina fhoinse bia

22 Márta 2022
Léiríonn an tOllamh Marcel Jansen fás ros lachan ar uisce dobharshaothraithe

Tá forbairt déanta ar mhodh nuálach inbhuanaithe le haghaidh fuíolluisce a leigheas ag taighdeoirí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), atá ag obair ar an Tionscadal Brainwaves a gcistíonn an tAontas Eorpach é. Tá siad ag déanamh amhlaidh ach leas a bhaint as planda coitianta dúchasach Éireannach.

Is acmhainn luachmhar a meastar faoina luach é uisce glan. Ar an drochuair, is minic a bhíonn sé i ngannchúis. Ina ionad sin, éillítear uisce go minic le hardleibhéil nítrigine agus fosfair – ar cothaithigh iad a aimsítear go coitianta i leasachán agus ar féidir leo imfhás algach (ar a dtugtar ‘bláis’) a chruthú agus éisc a mharú. “Is fadhb mhór í sin, agus caitheann cuideachtaí agus sochaithe méideanna móra airgid chun fuíolluisce a ghlanadh, chun a chinntiú nach mbeidh éifeacht dhiúltach aige ar an gcomhshaol,” dar le Marcel Jansen, ó Scoil Eolaíochtaí Bitheolaíocha, Domhaneolaíocha agus Comhshaoil UCC.

Is é an toradh atá ar an taighde atá ar bun ag Brainwaves go dtiontaítear fuíolluisce ó bheith ina sheachtháirge míchaoithiúil ina acmhainn eacnamaíoch. Mar a dúirt an tOllamh Jansen: “Níl dramhaíl ina costas ná ina fadhb a thuilleadh. Ina ionad sin, is féidir luach a bhaint aisti.” D’fhéadfadh sé sin cúrsaí a bhunathrú chun feabhais i dtionscail Éireannacha as a dtagann méideanna móra fuíolluisce atá ar mhórán cothaitheach, amhail an talmhaíocht agus an phróiseáil bia.

Is é atá sa phróiseas nuálach atá á fhorbairt ag UCC ná plandaí uisceacha snámha ar a dtugtar ros lachan (Lemnaceae) a fhás ar fhuíolluisce talmhaíochta. Is é an toradh a bheidh ar fhás mear plandaí ná go n-iontógfar nítrigin agus fosfar go mear, rud a ghlanfaidh an t-uisce. Is é an toradh a bheidh air sin faoi seach ná go gcruthófar deiseanna nua, toisc go bhfuil suas le 40% de bhithmhais ros lachan comhdhéanta de phróitéin ardchaighdeáin. Tá an phróitéin sin oiriúnach do bheostoc, go háirithe éanlaith, éisc agus muca, a bheathú. Dá bhrí sin, tiontaítear fuíolluisce ina acmhainn luachmhar.

Sa chéad dá bhliain romhainn, triailfidh taighdeoirí UCC a gcuid córas ag feirmeacha agus ag agraithionscail, agus deis á tabhairt don tionscal an córas a fhiosrú.

Bíonn ag méadú ar an méid a fhéachtar ar bhainistíocht chiorclach lúbiata acmhainní mar ní atá ríthábhachtach san aistriú i dtreo córais táirgthe níos inbhuanaithe – agus tá an obair atá ar bun ag UCC ina cuid den mhóraistriú sin. Tá ábhar dóchais ann go mbeidh an taighde sin in ann an bhunchloch a leagan le haghaidh cur chuige úrnua a ghlacadh i leith na slí a smaoinímid ar fhuíollábhair. “Tá an cruthúnas coincheapa againn, maidir lenár smaointe ar an ros lachan a úsáid chun fuíolluisce a ghlanadh, go n-éiríonn leo,” arsa an tOllamh Jansen. “Is é an plean sa todhchaí ná na córais chéanna sin a úsáid ar scála i bhfad níos mó i suíomhanna difriúla tionscail.” 

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr