Nuacht

Scéalta ónár dtaighdeoirí ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht

11 Feabh 2022
Ar deiseal ón gcúinne ag an mbarr ar chlé Niamh Ní Dhailígh, Áine de Paor, Aisling O’ Floinn, Rachel Ní Mhathúna agus Cáit Ní Shíocháin rannchuidíonn siad uile leis an tionscadal Brainwaves

Is é an 11 Feabhra 2022 Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht, an seachtú ceann riamh. Cuirtear an ócáid seo ar siúl gach bliain chun aitheantas a thabhairt don mhéid a chuireann mná agus cailíní le réimsí STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) agus chun é a chur chun cinn.

Is é téama na bliana seo ná “Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú: Aontaíonn an tUisce Sinn”. De réir an naisc thuas, tá sé mar aidhm leis an téama sin béim a leagan ar ról na mban agus na gcailíní mar dhaoine a bhaineann tairbhe as an athrú agus a spreagann an t-athrú maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar Sprioc 6 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, mar atá Uisce Glan agus Sláintíocht.

Ar aon dul leis an sprioc sin, is é an aidhm taighde atá ag an tionscadal Brainwaves leas a bhaint as an gcumas leasúcháin atá ag plandaí ros lachan maidir le cothaithigh bharrachais a bhaint ó fhuíolluiscí, rud a fhágann gur féidir iad a athúsáid nó a scaoileadh agus go gcuirtear leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach.

Chun an méid a chuireann siad leis a cheiliúradh, insíonn cúigear dár bhfoireann taighde a gcuid scéalta agus taithí féin mar mhná i réimsí STEM atá ag obair ar son na spriocanna sin a bhaint amach. Léigh anseo iad.

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr