Nuacht

Sainaithnítear i dtaighde sé chéim is féidir a thógáil chun saothrú nuálach ros lachan faoi dhíon a chur chun cinn

28 Ean 2022
Figure reproduced from Coughlan et al (2022), Graphical abstract, Journal of Cleaner Production, accessed 28.01.2022, https://doi.org/10.1016/j.jclepro.2021.130285 This work is licensed under a Creative Commons Attribution 4.0 International License.

Leagtar béim i bpáipéar nuafhoilsithe ó thaighdeoirí Brainwaves ar na dúshláin agus na deiseanna atá ann maidir le fás mórscála Lemnaceae faoi dhíon

Ní féidir an ros lachan (Lemnaceae) a shárú ó thaobh mearfháis de! Is féidir leis na plandaí iontacha sin a mbithmhais a dhúbailt laistigh de thréimhse atá beagáinín níos faide ná lá. Ní hé amháin go bhfásann na plandaí sin go gasta, áfach, ach tá siad ríscamhardach freisin agus is féidir iad a úsáid i mbia ainmhithe nó mar bhia do dhaoine. Trí na plandaí sin a shaothrú faoi dhíon, is féidir sruth seasta torthaí úra a ghiniúint, beag beann ar an séasúr.

I staidéar piarmheasúnaithe nua a raibh an Dr Niall Ó Cochláin agus an tOll. Marcel Jansen i gceannas air, leagtar amach sé phríomhbhearna eolais atá ag cur cosc ar fhorbairt córas saothraithe ros lachan faoi dhíon. Agus é dar teideal “Duckweed bioreactors: Challenges and opportunities for large-scale indoor cultivation of Lemnaceae”, taispeántar sa staidéar conas is féidir leis an dul chun cinn teicneolaíochta san fheirmeoireacht uirbeach agus ingearach tacú le saothrú ros lachan a fhorbairt.

Foilsíodh an staidéar sa Journal of Cleaner Production tar éis athbhreithniú fairsing a dhéanamh ar an eolas agus na cleachtais atá ann cheana agus leagtar béim ann ar an teicneolaíocht athshruthaitheach tréshreafa is féidir a úsáid chun soláthar cothaitheach agus fás cothaitheach a bharrfheabhsú. Ag an am céanna, is féidir córais tacaíochta braiteoirí a úsáid i gcomhar le hintleacht shaorga chun saothrú uathrialaitheach agus baint, fiú, a éascú. Taispeántar sa staidéar freisin gurb amhlaidh, má fhiosraítear bitheolaíocht bhunúsach ros lachan tuilleadh, go dtacófar le bithmhais ar mhórán próitéine a tháirgeadh (e.g. na tréithchineálacha is fearr a roghnú, an solas a bharrfheabhsú, agus an micribhithóm ros lachan a ionramháil).

Cé go bhfuil dúshláin ann, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb é conclúid an staidéir ná go bhfuil deiseanna réadúla ann anois le saothrú ros lachan faoi dhíon a fhorbairt agus a oibriú ar ardacmhainn agus ar dhóigh uathrialaitheach rialaithe le haghaidh raon leathan cuspóirí.

Dá bhrí sin, coinnigh do shúil air seo agus faigh amach conas a fhorbraíonn an tionscadal Brainwaves ach an planda dúchasach iontach seo a úsáid!!

Coughlan, N.E., Walsh, É., Bolger, P., Burnell, G., O'Leary, N., O'Mahoney, M., Paolacci, S., Wall, D. and Jansen, M.A., 2022. Duckweed bioreactors: Challenges and opportunities for large-scale indoor cultivation of Lemnaceae. Journal of Cleaner Production, 336.

 

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr