Nuacht

AquaMona: An chéad fheirm éisc mhórscála atá bunaithe ar an ros lachan riamh in Éirin

17 Noll 2021
Seat gar-amhairc de linnte éisc agus de chanálacha ros lachan ag láithreán Shliabh Lúcáis

Áit an-uathúil is ea feirm Shliabh Lúcáis, atá lonnaithe láimh leis an Daingean i gContae Uíbh Fhailí. Anuas ar a láthair shuntasach ar bhratphortach sceirdiúil a leanann roinnt acraí, is ansin freisin do thionscadal iontach geilleagair chiorclaigh. Tríd an tionscadal AquaMona, bunathraíodh iarthailte móna Bhord na Móna ina bhfeirm éisc mhórscála tráchtála atá bunaithe ar an ros lachan. Is í an t-aon fheirm dá cineál in Éirinn í.

Fásann an ros lachan ar dhromchla an uisce, áit a n-ionsúnn sé an amóinia a dtáirgeann éisc í. Déanann an fhoinse cothaitheach sin leas don ros lachan, a fhásann go tapa ina bhithmhais atá ar mhórán próitéine. Fásann an ros lachan chomh tapa sin go méadaíonn a mheáchan faoi dhó, beagnach, laistigh de 24 huaire an chloig! Is féidir an barr sin a úsáid mar bhia ainmhithe, mar bhia daoine agus mar leasachán. Athúsáidtear an t-uisce glanta ansin san fheirm éisc, i rud ar a dtugtar córas ‘lúbiata’ mar a ndéantar dramhaíl a athúsáid in ionad í a scaoileadh. Déanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara 35 thona den bhreac donn, an breac dea-dhathach agus an phéirse a cheadúnú don fheirm gach bliain!

Tugann foireann Brainwaves cuairt ar an láithreán ar bhonn rialta chun breathnú ar an acmhainneacht fáis agus leigheasacháin atá ag tréithchineálacha difriúla ros lachan. Ba i mí Dheireadh Fómhair, sular tháinig séasúr an fháis chun deiridh don gheimhreadh, a bhí an chuairt staidéir dheireanach a thugamar ar an láithreán. Fuaireamar roinnt cileagram de bhithmhais ros lachan, rud a triomaíodh trí lártheifneoir, agus d’iompraíomar iad ar ais chuig an tsaotharlann in UCC le haghaidh tástáil agus anailís a dhéanamh. Thugamar faoi deara freisin na torthaí ar thurgnaimh inar úsáideadh an bhithmhais ros lachan atá ar mhórán cothaitheach mar leasachán le haghaidh plandaí síolta mustaird. Mar thoradh ar an ros lachan a úsáid, bhí méadú suntasach ann ar rátaí fáis plandaí i gcomparáid le rátaí fáis na bplandaí sin nach bhfuair aon ros lachan.

Tá an geimhreadh tagtha orainn anois, rud a fhágann go mbeidh beagán fáis ann ar an láithreán sna míonna beaga romhainn. Dá ainneoin sin, táimid ag súil le filleadh ar an láithreán san earrach, tráth a thosóidh an timthriall ar fad an athuair.

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr